s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

PIETAS le BRÍD NÍ MHÓRÁIN:

Léirmheas le Caitríona Ní Chléirchín

 

 

 

 

Caitríona Ní ChéirchínBhuaigh Caitríona Ní Chléirchín an chéad duais i gcomórtas na Scríbhneoirí Úra san Oireachtas i mbliana, as a chéad chnuasach Crithloinnir a foilsíodh i mí Iúil. Scríobhann sí léirmheasanna, ailt iriseoireachta agus acadúla chomh maith agus tá dánta foilsithe aici in Comhar, Feasta agus Blaiseadh Pinn, Cyphers agus An Guth. Léachtóir le Gaeilge í i gColáiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus tá dochtúireacht ar bun aici ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson. Chaith sí bliain i Lyon na Fraince, ag déanamh máistreachta ar an litríocht Fhrancach. Is as Scairbh na gCaorach i gCo. Mhuineacháin ó dhúchas í.

 

 

 

 

 

 

Book Cover imagePietas

Bríd Ní Mhóráin

(An Sagart, 2010)

ISBN: 978-1903896624

€14 paperback

 

Ceannaigh Pietas ag Kennys.ie

 

Focal Laidine é pietas a chiallaíonn deabhóid, caondúthracht, nó suáilce agus is é mo bharúil go sonraíonn muid an deabhóid don teanga féin sa chnuasach seo, Pietas, an ceathrú chnuasach ó lámh an fhile oilte Bríd Ní Mhóráin. Tá mar a bheadh ‘eithne shíoraí’ ag séideadh tríd an fhilíocht seo agus go deimhin cuirtear in iúl dúinn gur ceird thar a bheith spioradálta í ceird na filíochta. ‘Leochaileacht na beatha fisiciúla agus tábhacht na ndlúthchaidreamh daonna an dá mhórthéama ag Bríd sa chnuasach seo’, a mhíníonn Dr Máirín Nic Eoin dúinn sa réamhrá. Tugann an file aghaidh an-chróga ar an fhulaingt, ar na brónta agus ar an bhás ach braithim gile an tslánaithe ann in ainneoin na scáileanna. Is léir tionchar an fhile agus an mhisteach Ioslamach Rumi (1207-73) uirthi, a deir go bhfuil rún na beatha le fáil na chiúnas.

 

Tá snáth

idir

an croí

agus

na liopaí

mar

a bhfuil

rún na beatha

fuaite.

 

Stracann

focail

an snáth

ach

cuireann

an rún

é féin

in iúl

Sa

chiúnas.

Cuireann sí an staid daonna i gcomparáid le teach lóistín sa dán ‘Tigh Lóistín Rumi’. Caithfear fáilte a chur roimh achan rud a thagann chugainn sa saol, fiú an brón. Comhartha atá sa fhulaingt ar an fhabhar diaga sa mhisticiúlacht Iosamlach (agus Chríostaí):

 

Is ionann bheith daonna agus tigh lóistín

gach aon mhaidin lóistéir eile.

Áthas, isle brí, suaraíocht

Tagann éachtaint éigin

Ar nós cuairteora gan choinne

Bí fial fáilteach rompu go léir!

Fiú más scata brónta iad ...

 

‘Treoraí ón saol eile’ atá sna cuairteoirí seo ar fad agus is iontach an oscailteacht a léiríonn an file seo don saol eile sin, saol na síoraíochta.

Labhrann Bríd leis na marbh anseo ina canúint álainn dúchasach féin. Tá ceol Chorca Dhuibhne le clos trí leathanaigh an duanaire. Cuireann sí apostrophe ar/labhrann sí fosta leis an bhandia sa dán ‘Ríon na nDúl’ ag iarraidh uirthi achan rud a chroiscreadh agus a shlánú.

 

Iarraim ort

trí bhladhmsach na tine

is fuinneamh n agile

a théann croí na cruinne,

slánaigh an t-iomlán.

 

Is geall le paidreacha cuid de na dánta seo agus treisíonn sin a neart dar liom mar aontaím le tuairim an Doibhlinigh gur chóir don fhile bheith mar fháidh. Dealraíonn sé go bua na fáisitine agus na tairngre ag an fhile seo mar a chíonn muid sa dán ‘Ráiteachas na Tairngreachta’:

 

Cad a deir an ghaoth

a thagann aniar aneas

ag geonaíl,

ag caoineadh,

ag feadaíl,

timpeall ar ghile

is chumhracht

sceach Bhealtaine?

Inseann sí

go bhfuil an bás

sa bhileog,

sa bhachlóg,

i ngile agus

i gcumhracht,

bhláth na sceiche gile.

 

In ainneoin do-ealaitheacht an bháis, an fheo agus na fulaingthe, tá ‘aingeal an bhinnis’ ag ceol sa chnuasach seo. Déanann an aingeal nó an síofra seo ceiliúradh ar áilleacht leochaileach an dúlra, ar ‘chasóg’ an ghrá, ar shámhnas an tsaoil agus ar aoibhneas na beatha, in ainneoin go gcailleann muid fiú na mianta is cráite a bhíonn again ar deireadh, mar a chaill an persona sa dán ‘Amhrán na saontachta agus na taithí’ fiú ‘an dúil chráite i leanbh, maolaíonn uirthi i sruth an ama/ mar a théann na mianta eile, an fiantas/ is an fhulaingt le hail sa bhfarraige.’

 

Deabhóid atá sna dánta seo a léiríonn spioradáltacht Chríostaí, eicfheimineach agus uilíoch san am céanna. Ar deireadh thiar, dar liom, is é an bua is mó atá ag an fhile seo ná áilleacht agus míthrócaire an nádúir a léiriú. Is geall le ‘bean feasa’ í ag ‘fí focail as ceirtlín na gaoise’. Ní ligeann sí do shoilsí a canúna múchadh ‘i dtigh na díchuimhne’ ach seachas sin feiceann muid ina tírdhreach fileata: ‘capaillíní bána ar cosa in airde in aghaidh na báistí’, aiteann ag lonrú, ‘allegretto an Earraigh mar shuaimheasán péine’, agus ‘tonnta geala bána/ á gcaitheamh san aer/ á raideadh is á rúscadh/ ag cailleacha na gaoithe’. Mar a deir sí féin: ‘Thig crìoch ar air Saoghal, ach mairidh gaol is ceòl’.

 

 

©2011 Caitríona Ní Chléirchín

 

 

 

 

Author Links

 

Caitríona Ní Chléirchín ag léamh ag O'Bheal (MP3, 5.2 MB)

Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge--(Agallamh na Míosa: Caitríona Ní Chléirchín)

Ceannaigh Crithloinnir le Caitríona Ní Chléirchín ag Coiscéim.ie

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15