s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

BRÍD NÍ MHÓRÁIN

 

 

 

Bríd Ní MhóráinTá cónaí ar Bhríd Ní Mhóráin ar an gCam in Oirthear Duibhneach agus í ag oibriú mar scríbhneoir cónaitheach le hOidhreacht Chorca Dhuibhne, le tacaíocht Ealaín na Gaeltachta, i nGaeltacht Chorca Dhuibhne ó 2003. I measc na leabhar atá foilsithe aici tá Ceiliúradh Cré (Coiscéim, 1992), Fé Bhrat Bhríde (An Sagart, 2002), Síolta an Iomain (Cló Iar-Chonnachta, 2006) agus An Cosán Bán/The White Path (Oidhreacht Chorca Dhuibhne, 2008). D’fhoilsigh An Sagart an cnuasach is déanaí uaithi, Pietas, i 2010.


 

 

 

Pietas

Scéal ó Thigh an Dearmaid do Phádraig Ó Héalaí.

 

Le titim na hoíche

iatar na cuirtíní

is múchtar na soilse

ceann ar cheann

i dtigh na díchuimhne.

Sin é an uair

is cúramaí tú,

mar is gnách le scéalaithe

ó aimsir Sheancháin

a tháinig ar an dTáin

i ré na laochra.

Tarraingíonn tú ort

do chulaith ghaiscígh,

do chaipín bréidín

is ceanglaíonn tú ort

beilt na gcuimhní

ligeann duit taisteal

fé mar is mian leat.

 

Awae leat

trí aiteann is trí raithneach

thar bhathlaigh dhorcha

ar chosán achrannach

na laethanta atá caite.

Leanann tú ort

go mbaineann tú amach

an bothán fada íseal

inar saolaíodh tú

ar lá fhéile Mhichíl

le linn Chogadh na Saoirse.

 

Isteach an doras tosaigh leat.

Tánn tú thar n-ais sa chistin,

an raca cois na tine,

gléas air ó bhundúin na bhfear,

Tomon, Macken agus Peatsaí

a bhíonn suite ann

is iad ag bothántaíocht.

Sa réleaba so a chaitheann

aos imeachta na slí,

a gheibheann bheith istigh

is na múrtha fáilte, an oíche,

mar mhalairt ar sheanscéalta.

Seomra thíos ag do mhuintir,

an tseanlánúin sa seomra thuas,

an lochta os cionn na tine

in airde mar a gcodlaíonn

tú led’bheirt dearthár,

chomh maith leis an dtriúr

óglach atá ar a dteitheadh

ó lucht an tSaorstáit.

Táid go léir léir

ina gcodladh go sámh

fén dtráth seo.

ach tú féin.

Is tusa an t-éinne amháin,

atá fós ina dhúiseacht.

 

Ach ní mór an t-aga

fhaigheann tú chun

do shuaimhneas a cheapadh

mar thit crann na tubaiste ort.

Amach as an dtigh leat,

gan tú fós sna déaga,

do rámhainn ar do ghualainn.

Is tú mac na baintrí.

Ní mór duit comhrac feasta

le fathach mór an tsaoil

agus an ceart a bhaint de

mar a dhéanfadh fear.

 

Ní dual duit fanacht

socair ró-fhada

is greadann tú leat

go dtí’n dtigh eile

a thógais féin,

gan tú fós in aois fir,

beannacht do mháthar

mar sciath chosanta agat

nuair a bhainis na slinnte

le haghaidh an dín nua

ó thigh na bpúcaí,

gur thugais a ndúshlán.

Bulaí fir!

 

Ní mór an sásamh a fuairis ann

mar go rabhais fiain corrathónach

is an mórsheisear níos óige

thug ort imeacht ar thóir gaisce

ar shráideanna an chlampair,

gunna na héigeandála id’ghlaic.

Is mór ród siúlta ó shin agat

ach bhí do chóta bán déanta

nuair a thángaís trasna

ar rós spéiriúil na Binne,

rós gur mhairis ina cumhracht

ar feadh trí scór de bhlianta.

 

Ach cé a chreidfeadh

gur éalaigh an t-am

ar cosa in airde

is go bhfuil an t-airneán

ag druidim chun deiridh

agus paca eachtraí

fós le hinsint agat,

a scéalaí shiúlaigh.

Seo leat anois,

bailigh suas do ghiuirléidí,

cuir ort do chaipín

do chulaith ghaiscígh

is ar anam do mháthar,

ná dearmad do stropa.

Dein deabhadh,

ach bí chomh ciúin

leis an luch ar do shlí amach

ar eagla go ndúiseofá

Diarmaid an Bhóthair

atá ag stranntarnach

i leabaidh an fhánaí.

 

Siúlaigh romhat

ar bhóthar na mblian

a thabharfaidh thar n-ais thú.

Gheobhadh tú thar an dtigh

ar thaobh an bhóthair

ag bun Chathair Chonroí

ach ná bac le dul isteach,

tá muintir uile an tí

ina gcodladh go ciúin

le breis is leathchéad bliain

is ná dúisigh iad.

 

Anois agus é ag lóchtaint

tá radharc ar an bhfarraige

agus ar an gcúirt aolgheal

mar a bhfuil d’áras le bliain.

Cuir thar n-ais sa bhardrús

an cóiriú catha is fág do bheilt

ar chúl na cathaoireach.

A luaithe is a bhainfir díot í

ní fhanfaidh aon phioc

de chuimhne agat

ar eachtraí na hoíche

ná ar ghráscair do bheatha.

 

Táthar ag tarrac na gcuirtíní

i dtigh an díchuimhne

mar a gcuireann an lá bán

corc an dearmaid

ar sheanchas is ar scéalta.

Má deir éinne faic liom

i dtaobh do sheachráin aréir,

feadh na hoíche go léir,

ní bhogfad mo bhéal.

Níl ionam ach síofra

bhí farat tamall mar rianaí.

 

‘Sé do scéal féin é

tusa a mhair é

agus ní mise

a chum ná a cheap é.

 

Níor dheineas ach

é a bhreacadh

ar phár na hoíche

i gcuimhne ort,

a mhaoineach.

 

 

©2011 Bríd Ní Mhóráin

 

 

 

Author Links

 

Ceannaigh Pietas le Bríd Ní Mhóráin ag Kennys.ie

Ceannaigh Síolta an Iomais le Ní Mhóráin ag Cló Iar-Chonnacta

Filíocht le Ní Mhóráin ag Youtube

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15