s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

MLC

GO TO MLC HOMEPAGE


FOOL FOR POETRY
INTERNATIONAL CHAPBOOK
COMPETITION 2018


 

submit
Submit to Southword

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

New Irish Voices
Poetry chapbooks by
Roisin Kelly & Paul McMahon


 

 

Liberty Walks Naked
by Maram al-Masri, trans. Theo Dorgan

 

n


Chapbooks by Fool for Poetry
Competition Winners 2018

Not in Heaven by Molly Minturn
Bog Arabic by Bernadette McCarthy


 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

LILLIS Ó LAOIRE

 

 

Lillis Ó Laoire

 

Amhránaí sean-nóis agus léachtóir le Béaloideas is ea Lillis Ó Laoire a rugadh i nGaeltacht Thír Chonaill i 1961. Corn Uí Riada buaite faoi dhó aige. Leabhair foilsithe aige ar amhránaíocht Thoraí agus ar shaothar Sheosaimh Uí Éanaí as Carna i gConamara. Is é seo an chéad dán a foilsíodh óna pheann.  


 

 

 

 

Hockney

 

íomhánna

i ngealchathair ghrianach na nAingeal

ar bhallaí na dánlainne

ar chláraí fionnbhána an urláir.

 

turas siar, siar,

chuig leabharlann

lá gruama ceobháistí

i ngealchathair eile

i measc na leabhar tagartha

a chuid pictiúr

mar úlla toirmeasctha

do mo mhealladh ina dtreo

gorm, geal, bláthbheo

a linnte snámha

a ngaiscígh ghlana

a gcrainn phailme

a ngairdíní pléisiúir

a mbréagfhlaitheas saolta

ag goid mo radhairc

ag filleadh go fáilí, formhothaithe

arís is arís eile

faoi eagla go bhfeicfí, go n-aithneofaí

fáth mo thurais, mo mhéine, mo dhúile

dorcha, folaithe, crosta.

 

athuair sa dánlann

an saol amuigh is an saol istigh i gcóimheá

faoi mo chosa na cláraí fionnbhána

ar na ballaí sciúrtha, snoite: na fíoríomhánna,

buíóg an chinn óir féin ina údar ar an iomlán

a thuig mé mo shiúl is mo dhán.

 

 

©2011 Lillis Ó Laoire

 

 

 

Author Links

 

Ábhar eile le Lillis Ó Laoire ar fáil ag suíomh Chló Iar-Chonnacht

Ceannaigh Ó Ishi go Hopi Boy le Ó Laoire ag Coiscéim

"The Right Words: Conflict and Resolution in an Oral Gaelic Song Text" le Lillis Ó Laoire (PDF, 1MB)

Voicing the Verse: Y Gerdd Ar Gân ag Youtube

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15