s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

PÓL Ó MUIRÍ

 

 

Pól Ó Muirí in Southword Journal

 

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste. Is iriseoir agus scríbhneoir é.

 

 

 

 

 

 

 

 

'Tá possibilities maithe ansin'

 

 

Oifig a bhí ann, ar nós mórán eile oifigí. Bhí guthán ann, cáipéisí fud fad na háite, cnocán DVDanna nach raibh faoi ualach deataigh agus, i lár an tseomra, bhí tábla agus ríomhaire den déantús Mac ina sheasamh go mórtasach air. “Luíonn sin le réasún,” a smaoinigh Adam leis féin, “is maith le lucht cumasráide a gcuid ríomhairí Mac. Tá siad faiseanta.” Ina shuí os comhair an ríomhaire a bhí Adam agus é ag fanacht leis an léiritheoir cáiliúil, Dylan Walsh, teacht agus é a chur faoi agallamh. Smaoineamh faoi shraith teilifíse a thug Adam chomh fada le ceanncheathrú an chomhlacht léiriúcháin, rud a chuir iontas air nó ní i gcúrsaí teilifíse ach i gcúrsaí taighde a bhí a chroí.

 

Bhraith sé rud beag míshuaimhneach san áit ar aon nós. Bhí dornán maith blianta caite ar ollscoil aige agus é ag dul do thaighde ar chúrsaí foghraíochta agus filíochta; ní ar an teilifís a bhí a aird ar chor ar bith. Moladh ó chara dá chuid gur chóir dó tabhairt faoi chúrsa traenála teilifíse “le taithí éigin oibre” a fháil a ba chúis leis an athrú ó láimhscríbhinní an 18ú haois go dtí cúrsaí léiriúcháin an 21ú haois. Buíoch go maith a bhí lucht eagraithe an chúrsa traenála é aimsiú ar scor ar bith. “Chuirfeadh sé iontas ort a laghad daoine le Gaeilge líofa atá ag plé leis an teilifís,” a dúirt bean de na heagraithe, Sally, leis. “I mean tá Gaeilge acu sort of ach ní Gaeilge mar atá agatsa, like, real Gaeilge, an stuif ceart leanúnach.”

“Bhuel, you know,” a dúirt Adam agus é ag caitheamh cúpla focal Béarla isteach sa chomhrá d’aon turas, “you know nach cainteoir dúchais mé. Níl ann ach gur fhoghlaim mé an teanga ar ollscoil agus sa Ghaeltacht.”

“Ó, ná bíodh aon imní ort nach cainteoir dúchais thú. Tá cainteoirí dúchais just so passé. I mean tá ré sin na gcainteoirí dúchais just so imithe. Gaeilge mhaith atá de dhíth orainn ach not chomh maith sin nach dtuigeann duine ar bith í. Ó, tá a fhios agat cad é atá i gceist agam,” a dúirt sí agus muinín le brath ina glór gur leor nod don eolach, leid don leaid.

 

Chlaon Adam a cheann, ag tabhairt le fios gur thuig sé cad é a bhí i gceist ach, i ndáiríre, níor thuig. Bhraith sé gur tréas a rinne sí as céim síos chomh tobann sin a thabhairt don chainteoir dúchais. Níor shíl sé go raibh an ceart aici go raibh a ré thart. Sa chás go raibh, nach raibh ré na teanga thart fosta? Ach bhí an ceart aici faoi rud amháin – bhí Gaeilge aige nach raibh ag na rannpháirtithe eile cúrsa. Ba de shliocht Ghaelscoileanna agus chlanna uirbeacha teanga iad agus is ar éigean a thuig Adam focal dá gcuid. Bhí sé ar nós bheith ag éisteacht le druncairí; iad ag cogaint na teanga ar dhóigh nár thuig sé; iad á leagadh go talamh; béim san áit nár chóir do bhéim bheith ann, “is” agus “tá” á malartú go réidh; séimhiú ag imeacht d’fhocail gan chall; urú á neadú ar fhocail eile gan choinne agus ní raibh a fhios ag Adam i rith an ama ar chóir dó teanga “chomhaimseartha” a thabhairt ar an bhéarlagair a bhí acu nó “dríodar”?

 

Bíodh sin mar atá, bhí gean aige orthu. Bhí beocht éigin iontu nár bhraith sé i measc lucht ollscoile; bhí siad fuinniúil ach fuinniúil ar nós páistí bunscoile agus iad ag tarraingt pictiúirí mire le péint tráthnóna Dé hAoine. Bhí Gaeilge acu ach ní raibh eolas ar bith ar Ghaeilge acu; ní raibh spéis acu i bhfilíocht nó i leabhair nó i léann. “Craic” an focal ba mhinice as a mbéal. “Cá bhfuil an chraic?” ag dara gach duine. “Cad é an chraic?” “An bhfuil craic ar bith agat?” “Bhí an chraic go hiontach!” “Frig, a leithéid de chraic.” “Craic ar dóigh!”

 

Thug Adam fuath don fhocal sin “craic”. Focal ailseach a bhí ann; focal nach raibh aon dul thairis; focal a mhúch intleacht agus a phlúch díospóireacht. Focal gonta éigiallta ceoch. Ar nós smaointe na rannpháirtithe. Gonta. Éigiallta. Ceoch. Níor dhream iad a chaith maidin agus oíche i mbun machnaimh; níor dhream iad a bhí imníoch faoi impleachtaí a gcuid oibre; níor dhream iad a shantaigh imleabhair mhóra thaighde a fhágáil ina ndiaidh. Clár a cheapadh don teilifís agus é a chraoladh taobh istigh de thríocha nóiméad. Bí gonta. Craic. Pléisiúr. Pionta. Cuideachta. Sin a raibh uathu agus na nithe sin a aistriú ó chroí go scáileán; an domhan beag sin dá gcuid féin, an domhan beag éadomhain sin dá gcuid féin, a chur os comhair an domhain mhóir éadomhain.

 

Ach réitigh Adam leo ina ainneoin sin uilig. Thuig sé nárbh fhiú dó bheith searbh leo faoina gcuid oibre nó mórtasach faoina chuid taighde féin. Dhéanfadh siad ceap magaidh de dá ndéarfadh sé leo gur mhó an tairbhe, gur mhó an luach a bhí aige ar aon rann amháin le hArt Mac Cumhaigh ná iomlán a gcuid clár féin. Thug an fhilíocht ardú meanman dó nach dtuigfeadh siad go deo. Ní raibh sé maith i mbun spóirt;  ní raibh sé maith i mbun ceoil; ní raibh sé maith i mbun craic. Bhí sé ar meánairde, ar meánmheáchan, ar meánáilleacht. Ní raibh rud ar bith suntasach faoina cholainn nó faoina dhreach. Ach taighde! Bhí bua na filíochta agus na céille aige nach raibh ag mórán eile dá aois. Thuig sé do na meadarachtaí agus don fhoclóir ar dhóigh nár thuig an dara duine. Chonaic sé an cód sna línte agus ní raibh deacracht ar bith aige an comhrá a bhí ar  siúl a chur i gcomhthéacs a linne. Ní daoirse a fuair sé sna láimhscríbhinní ach saoirse; ní geimhleacha a chuir na ranna ba dheacra air ach gliondar. Rinne sé a anam i dtost na léitheoireachta agus rinne faoistin poiblí in aistí léannta ar irisí acadúla nár léigh duine ar bith. Ministéir na mistéire a bhí ann, soiscéalaí na saoithe ó aoiseanna eile agus ní bhfuair sé an sásamh céanna as cúrsaí teilifíse. Ach ba é an teilifíseán an dia beag digiteach agus níor mhór dó é a adhradh má bhí sé le teacht slán. Thuig sé an méid sin agus nuair a chuir a chomrádaithe ceist air cad é a bhí ar siúl aige, dúirt sé: “Ó man, shite faoi chúrsaí filíochta. You know stuif as na really seanlaethanta. Any port in a storm, dude. Coinníonn sé an dé ionam…, I mean, tá sé níos fearr ná an dole.” Agus chlaon rannpháirtithe an chúrsa a gceann; thuig siad dó; thuig siad a chás; bhí gach duine ag iarraidh bheith beo le go mblaisfeadh siad den chraic.

 

Bíodh sin mar atá, d’éirigh go maith le hAdam ar an chúrsa, rud nach raibh súil aige leis. Níor ghoill an obair air mar a ghoill sí ar dhaoine eile. Agus é ag dul do thaighde ollscoile, chaith sé oícheanta fada crom os cionn láimhscríbhinní agus é ag iarraidh ciall a bhaint astu. Ba bheag an difear idir sin agus uaireanta a chaitheamh os comhair ríomhaire i mbun eagarthóireachta ar fhísteip nó ábhar digiteach. Ba chuma leis dul siar ar rud arís agus arís eile. Bhí an scil sin aige ó bheith ag plé le páipéar. Ba chuma leis a mhéar a chur ar chnaipe nó ar línte dúigh as an mheánaois. Bhí sé foighneach stuama ar dhóigh nach raibh na daoine eile. Níor luaithe mórán acu ina suí gur éirigh siad corrthónach arís. Chas siad thart ina gcathaoireacha agus gach aon olagón astu: “Jesus, níl craic ar bith leis an stuif seo.” Shílfeá gur cimí a bhí iontu, go raibh geimhleacha troma digiteacha orthu. Chuir a ngeáitsí an scéal Bodach an Chóta Lachtna i gcuimhne d’Adam, rud a luaigh sé le compánach cúrsa agus iad ag ól cupán tae le linn sosa. “Bodach an what?” a dúirt a chompánach agus é ag méarú a iPod go fiabhrach. “Á, ná bac. Tada,” a dúirt Adam go tobann. “Seanshite a bhí ann,” agus rinne sé gealltanas dó féin gan trácht a dhéanamh ar rud ar bith a tharla roimh 1990 le lucht an chúrsa go deo.

 

Ach, aisteach go leor agus iontach go leor, ba é Adam a thug an chraobh leis ag deireadh an chúrsa as feabhas a chuid oibre. “Tá, like, vision an-mhaith agat,” a dúirt Sally leis agus d’aontaigh gach duine léi, like, go raibh vision an-mhaith aige. Mar sin de, ba airsean a bronnadh an gradam ba ghradamúla, an deis bualadh leis an léiritheoir mór le rá, Dylan Walsh, agus a script a chur faoina bhráid. “Jammy bastard ceart thú,” a dúirt gach duine eile ar an chúrsa leis agus d’fhreagair sé iad. “Ó, aidh, tá a fhios agam. Jammy bastard ceart. Á, bhuel, sure rud beag craic a bheas ann dul suas, like.” Agus d’aontaigh gach aon duine gur craic chinnte a bheadh ann dul suas like.

 

Thosaigh an chraic a luaithe agus a tháinig Dylan isteach. Bhí culaith dhúliath air, bróga dubha tanaí agus léine a bhí ar dhath an bhradáin. Ní raibh carabhat faoina mhuineál agus rith sé le hAdam go raibh Dylan iontach cosúil ina dhreach leis an iománaí as Port Láirge, John Mullane. Ach, murab ionann agus Mullane, ní camán a bhí greamaithe dá lámh ach iPhone. Bhí sruth fada cainte ar siúl idir Dylan agus guthán: “Oicé oicé oicé. B’fhéidir. No way! Absolutely no way! Abair leis absolutely no way! An dtuigeann tú? Oicé oicé oicé. Ciao.” Dhruid sé an fón de phreab, chaith ar an tábla é, shín lámh amháin i dtreo Adam agus labhair as íochtar a chulaith dheas nua-aimseartha: “Adam? Maith an fear. Deir Sally liom gur tú ab fhearr den dream ar fad ar an chúrsa. Maith an fear. Pléisiúr atá ann bualadh leat. Anois, cad é an chraic agat?”

 

Bhí Adam ar tí labhairt ach ní thiocfadh leis anáil a aimsiú. Shílfeá gur bhain Dylan an t-aer ar fad as an oifig le díograis a chuid cainte féin. Ar chóir dom Béarla, Gaeilge nó Iodáilis a labhairt leis? D’aimsigh sé anáil bheag amháin agus labhair go stadach: “Alora, bhuel, buon giorno. Go raibh maith agat. Bean iontach í Sally. Iontach ar fad. An-iontach. Class act í. Mise anseo mar gheall ar thogra do mo chuid féin, smaointeamh do chlár teilifíse. Seo an pitch.” Rinne Adam moill bheag le déanamh cinnte de go raibh aird Dylan air, le déanamh cinnte de go raibh Dylan fós sa seomra. D’fhan Dylan ina sheasamh os comhair an tábla. Ní raibh Dylan le suí; bhí Dylan gnóthach. Seans go raibh sé ag fanacht le scairt as Hollywood. “Seo an pitch,” a dúirt Adam an dara huair “athchóiriú ar scéalta ón Fhiannaíocht.” Anois, Hollywood, bíodh agat, a smaoinigh sé.

Stán Dylan air ar feadh tamaill bhig agus dúirt: “Á, foc mise! Foc mise! foc mise!”

“Brón orm?” a dúirt Adam agus imní air go raibh an léiritheoir ag fulaingt taom croí.

“An Fhiannaíocht! Ba mhaith leat an foicín Fiannaíocht a athchóiriú? Foc mise! Foc mise! Athchóiriú. Foc mise! An foicín Fiannaíocht. Ó, foc gach asal in Éirinn.”

“Ach, an rud a rith liom, you know, an seanchultúr a chur in oiriúint don saol nua…” a dúirt Adam agus an t-aer ag imeacht as an oifig arís.

 

“Á, foc mise!” a dúirt Dylan agus a ghlór ag éirí níos piachánaí. Fuair sé greim ar pheann luaidhe agus thosaigh sé á thachtadh. Bhris an peann ina smidiríní idir ordóg agus méar Dylan agus lig sé racht eile as féin: “Foc mise fiche foicín uair fiche. Athchóiriú ar an Fhiannaíocht. Foc! Ná foicín habair liom. Foc! I mean foc mise ar gach aon dóigh Ghaelach ar féidir leat mé a focáil. Foc mise siar go dtí ré na gcloch agus foc mise siar gach orlach go Brú na Bóinne. Foc ar bharr na hEaragála mé agus foc i lár na Life agus an Lagáin mé. Just foc mise cibé cén bealach is fearr leat. Agus ná bac le coiscín. Just bí ag focáil leat. Á, foc!”

 

Stad Dylan ar feadh bomaite bhig agus dhírigh a mhéar go bagarthach ar Adam sular labhair sé de ghlór géar feargach fuar: “Ná habair liom. Ná habair liom. Lig dom tomhas. Rachaidh mé sa seans anseo. Buille faoi thuairim faoi do chúlra. Fan. Fan. Taighde ollscoile déanta agat, nach bhfuil?”

 “Tá.”

“Litríocht? Litríocht go cinnte.”

“Filíocht. An t-ochtú haois agus an naoú haois déag ach go háirithe. Ach tá spéis agam san fhilíocht chomhaimseartha fosta… Michael Davitt, Colm Breathnach... Tá a fhios agat....”

D’amharc Adam ar Dylan agus ba léir nach raibh a fhios aige. Bhí béal Dylan druidte go teann agus pus air a thug le fios go raibh sé ar tí caitheamh aníos. Labhair sé go dalba: “Foc mise! Agus tá tú anseo le saíocht uasal na nGael a blá, blá, blá. An é sin é?”

“Bhuel, ní déarfainn a blá, blá, blá. Ach…”

“Foc mise. Foc mise! Dineasár chomh hóg leat. Shíl mé go raibh do chineál imithe faoin am seo, gur mharaigh meteorite na teilifíse faoin am seo sibh. Chuala tú go bhfuil muid sa foicín aonú haois is fiche anois? Rudaí nua atá uainn! Rudaí nua scríofa ar dhóigh a thuigfidh daoine. Not too much Gaeilge go gcuirfidh tú mearbhall ar dhaoine ach not too much Béarla go mbeidh eagla ar lucht na Gaeilge gur ag amharc ar chlár Béarla atá siad. Nua. Nua-aimseartha. Suas chun dáta. Comhaimseartha. Rud le, le, le, .”

“Le craic?” a dúirt Adam.

“Anois, tá sé agat.”

“Mo leithscéal,” a dúirt Adam, “shíl mé go raibh smaointeamh maith agam, you know. Fionn agus Diarmuid a chur os comhair an tsaoil mar phéas, cops, you know, an dtuigeann tú?”

Chaith Dylan uaidh an peann luaidhe nua a bhí á thachtadh aige. Bhí mearbhall air anois. “Mar phéas? Cops?” a d’fhiafraigh Dylan sa deireadh.

“Go díreach é. Fionn agus Diarmuid – beirt cops chomhaimseartha. Iad ag tabhairt aghaidh ar na bad guys. Drug dealers agus paramilitaries mar naimhde acu seachas Lochlannaigh nó daoine ón domhan eile. Iad beirt armtha. Scaoil first, ask ceisteanna later. Rough and tumble agus ruaille buaille. Fadhbanna acu lena gcuid ban. Neart craicinn. I mean I am talking cíocha nochta gach áit. Pussy go leor. Titeann siad amach. Good cop, bad cop. Starsky and Hutch. Bodie and Doyle. Serpico. Sórt Lethal Weapon. Foréigean for fun. Ligeann Fionn dá chara bás a fháil sa deireadh. Big tragóid,” a dúirt Adam.

“Foc mise!” a dúirt Dylan agus an chuma air go raibh sé díreach i ndiaidh síogaí a fheiceáil ag rince ar a thábla. “Foc mise! Tá possibilities maithe ansin.”

 

©2012 Pól Ó Muirí

 

 

Author Links

 

Pól Ó Muirí ag Coiscéim

Ó Muirí ag Ricorso

Ó Muirí ag Amazon

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15