s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

CRISS-CROSS MO CHARA le GEARÓID

MAC LOCHLAINN:

Léirmheas le Eilís Ní Dhúill

 

 

 

Eilis Ní Dhúill

Tar éis tréimhse a chaitheamh ag obair mar eagarthóir físe le TG4 bronnadh scoláireacht Hardiman ar Eilís Ní Dhúill agus d’fhill sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chun taighde dochtúireachta a dhéanamh ar scannáin faisnéise na Gaeilge. Tá suim ar leith ag Eilís sna hamharcealaíon agus tá staidéar déanta aici ar shaothar Alice Maher agus Gabriel Hayes. Bíonn Eilís ag léachtóireacht go páirtaimseartha le Roinn na Gaeilge, OÉG.

 

 

 

 

 

 

Criss Cross Mo Chara le Gearóid Mac LochlainnCriss-Cross Mo Chara

Gearóid Mac Lochlainn

(Cló Iar-Chonnact, 2012)

Tagairt: 978-1-905560-78-3

€15, Clúdach bog

 

Ceannaigh Criss-Cross Mo Chara ag Cló Iar-Chonnact

 

 

Nuair a shocraigh an file Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn ar aistriúcháin Bhéarla a chur lena fhilíocht Ghaeilge sa chnuasach Sruth Teangacha/Stream of Tongues (2002), ghoill ‘an cailleadh ceoil a thagann le haistriúcháin’ (1) air. Sa chnuasach filíochta is déanaí uaidh, Criss-Cross Mo Chara, téann sé i ngleic arís le ceist an aistriúcháin. An iarraidh seo, cruthaíonn sé spás don Ghaeilge agus don Bhéarla, agus do na cultúir a bhaineann leo. Trí sheilbh a ghlacadh ar an talamh eatramhach a bhraitheann sé idir an Ghaeilge agus an Béarla, tugann sé dúshlán na dtuiscintí traidisiúnta atá againn ar chúrsaí aistriúcháin. Cuireann sé a fhéiniúlacht déchultúrtha in iúl trí na hinsintí Béarla agus Gaeilge a chur ag comhrá lena chéile.

Ní cheadaítear an léamh aonteangach ar shaothar Mhic Lochlainn thuilleadh. Tóg mar shampla an dán An Leagan Gaeilge. Chun an scéal iomlán a thabhairt leat ní mór duit an leagan Béarla nó The Irish Version mar a thugann sé air, agus An Leagan Gaeilge a léamh i dteannta a chéile. In The Irish Version tagraíonn Mac Lochlainn go díreach don leagan Gaeilge den dán atá á scríobh aige:

I’m workin on the Irish. The Irish one’s better.

Tugann sé le fios go neamhbhalbh don léitheoir Béarla go bhfuil cuid den scéal á cheilt air. Treisítear é seo sna línte Gaeilge a fhágann sé gan aistriú.

Is feall an dán Béarla, mar a dúirt an file….

Braitear a mhíchompord féin leis an aistriúchán Béarla sa líne seo leis. Braitheann sé gur ag tréigean a threibhe a bheadh sé mura n-éireodh leis an léitheoir a mhealladh chuig an leagan Gaeilge. Ach, meabhraítear don léitheoir dátheangach, leis an bhfocal Fraincise nó Laidine ‘non’ ag deireadh na líne

Giorraíonn beirt bóthar, non?

nach leor an dá theanga ach an oiread, go bhfuil teanga eile, cultúr eile, ann. Ní mór do dhuine bheith de shíor ag aistriú idir na teangacha agus idir na cultúir atá á n-iompar acu chun filíocht Mhic Lochlainn a léamh.

Lúibín nó  ‘athinsint mhacarónach’ (2) a thugann Mac Lochlainn ar an gcaidreamh a shamhlaíonn sé idir na leaganacha Béarla agus na leaganacha Gaeilge dá chuid dánta. Ina chuid nótaí ag deireadh an leabhair Sruth Teangacha/Stream of Tongues nochtann sé an tsíorchoimhlint a shamlaíonn sé le haistriú a chuid filíochta, an ‘Catch-22’, na bealaí ina mbíonn na haistriúcháin Bhéarla ‘ag coimhlint leis an Ghaeilge in amanna’, ‘an cailleadh ceoil a thagann le haistriúcháin’ ag déanamh síorimní dó (3). Anois go bhfuil próiséas an aistriúcháin tosaithe aige, agus cead cainte tugtha aige don Ghaeilgeoir agus don Bhéarlóir ‘that exist simultaneously in myself’ (4), is í an deacracht atá aige ná go mbíonn an dá theanga ag briseadh isteach ar a chéile ar nós seanchitil ‘ag feadaíl agus ag caoineadh’, mar a mhíníonn sé in An Leagan Gaeilge:

Focan cunt of a kettle! Always hackin in…breaking my flow!

Brón orm faoi sin, a chara…cá raibh mé?

Ní ligeann Mac Lochlann don dán Béarla seasamh as féin ach ní ligeann sé don dán Gaeilge seasamh as féin, ach an oiread. Ach, an bhféadfá lúibín macarónach a thabhairt ar an gcaidreamh atá eatarthu? Tá an méid seo a leanas le rá ag Mac Lochlainn faoin lúibín:

 

Lúibíní are a traditional form of Gaelic singing where two or more performers are set against each other or collaborate together in a bout of semi-spontaneous composition. The form is usually satirical in nature with witty asides, double entendre, punning, and glints and sparkles of macaronics (5).

 

Is minic na tréithe seo le haithint ar fhilíocht Mhic Lochlainn. Tá beocht chanúint logánta Bhéal Feirste le brath, go háirithe ar leaganacha Béarla na ndánta, an ‘in’ in áit ‘-ing’, mar shampla; ‘I’m workin on the Irish Irish…fuckin grammar…spellin’ in The Irish Version agus arís san fhocal ‘hoked’ sa dán Grammar (6). Blaistear de na dlithe macarónacha sna focail ‘sprayáilte’ agus ‘Zionismo’ sa dán Camino. Braitear an ioróin i ndánta ar nós Grammar, áit a dtugann sé le fios go mbeidh gramadach na Gaeilge ‘easy peasy. Like Lego. Esperanto’, a luaithe is a thagann an caighdeán nua isteach. Is í an ghné is láidre den lúibín, mar a thuigtear do Mhac Lochlainn é, áfach, ná an dá charachtar, nó an dá ghlór, a shamhlaítear a bheith ag comhoibriú nó ag easaontú lena chéile. Is minic anseo Mo Chara agus a chara, an Béarla agus an Ghaeilge, le cloisteáil. Is minic an bheirt acu in aon leagan amháin den dán, mar atá in The Irish Version agus in An Leagan Gaeilge. Uaireanta tagann an tríú cara ar cuairt, an Spáinnis. Ach, in áit na carachtair seo bheith ag damhsa nó fiú ag troid lena chéile is ciotrúnta tútach an gaol a bhíonn eatarthu go minic, mar a bheadh leannáin nach bhfuil cleachtach ar a chéile go fóill.

            Téann an ilchultúrthacht i gcion chomh mór sin ar Mhac Lochlainn uaireanta go bplúchtar rithim na filíochta Gaeilge; plúchtar, leis, glór Mhic Lochlainn. Glac mar shampla an dán Córdoba. Tá rithim nádúrtha fhuaimeanna agus fhoghraíocht na Gaeilge plúchta ag rithim an chultúir Spáinnigh. Is sa Spáinnis a scríobh Federico García Lorca an dán Canción del jinte nó Amhrán an Mharcaigh. Cé go bhfanann Mac Lochlainn dílis d’fhocail an bhundáin Spáinnise, déanann sé athrú suntasach amháin. Is ‘asal dubh’ a thugann sé ar an ‘jaca negra’ nó an pónaí dubh: 

 

Córdoba.                                         Córdoba

Lejana y sola.                                  I bhfad uaim.

                                  Agus aonarach.

Jaca negra, luna grande,               Asal dubh. Iomlán Gealaí.

y aceitunas en mi alforja.               Ológa i mo mhála diallaite.

Aunque sepa los caminos,            Cé gurb eol dom na bealaí.

yo nunca llegaré a Córdoba.         Ní shroichfidh mé Córdoba.

                                                          Choíche.

 

Tugann an t-athrú seo scéal Phádraic Uí Chonaire, M’Asal Beag Dubh, agus dá réir sin, litríocht na Nua-Ghaeilge, chun cuimhne. Tá tús curtha leis an malartú cultúrtha nó leis an lúibín. Ach, in áit a thuilleadh tagairtí ó chultúr na Gaeilge a shníomh isteach, filleann Mac Lochlainn ar na hológa agus ar an mála diallaite. Athraíonn Mac Lochlainn an phoncaíocht, fad na línte agus fad na rannta chun focail Lorca a chur in oiriúint don Ghaeilge agus cailleann sé dá bharr ceolmhaireacht na bunleagan Spáinnise. Ní lúibín idir chultúr na Spáinne agus cultúr na Gaeilge atá ann a thuilleadh, ach aistriúchán.  

            Bogann Mac Lochlainn ar aghaidh ón aistriúchán seo, áfach, agus tá dhá dhán eile sa chnuasach a thagraíonn do Canción del jinte le Lorca, is iad sin Dóthain agus Cross Over. Ní aistriúcháin iad ceachtar den dá dhán seo ar a chéile ná ar shaothar Lorca ach athinsintí ar ghné den bhundán; an bás atá ag bagairt ar an bhfile. In áit an uaignis a fhágtar leat i líne dheireanach dhán Lorca, tá an dóchas le brath ar Dóthain agus ar Cross Over:

 

            Díreach ansin, tháinig Barra,          A little rowboat passed under the bridge.

            Ag bádóireacht leis ina bháidín.     Upped oars and drifted silently.

                                                                        Then someone cast a line into the dark.

 

Tá na dánta seo i gcomhrá lena chéile. Is lúibín do thriúr atá ann, stíl, ceol agus glór an triúir á gcur i láthair go misniúil. Is saibhre agus is spéisiúla na trí dhán Córdoba, Dóthain agus Cross Over nuair a léitear le chéile iad. Ligeann Mac Lochlainn don ilteangachas agus don ilchultúrthacht a bhraitheann sé mórthimpeall air, a rithim agus a rian féin a fhágáil ar na leaganacha éagsúla den bhundán.

Is ‘de ghlór neirbhíseach’ a thosaíonn Mac Lochlainn amach sa chnuasach seo, cuireadh á thabhairt aige don léitheoir teacht ar thuras leis. Ní turas réidh díomhaoin é, áfach. Ní mór don léitheoir a chion féin den obair a dhéanamh. Leagtar intinn an léitheora ar an díshealbhú teanga agus cultúir a bhraitheann Mac Lochlainn. Mealltar tú, cuirtear faoi deara duit fiú, bheith de shíor ag aistriú, ó theanga amháin go teanga eile, ó chultúr amháin go cultúr eile. Ach, cúitítear do shaothar leat. Don léitheoir foighneach nochtann Mac Lochlann na cultúir agus na teangacha logánta ar tháinig sé in oidhreacht orthu.

  

1) Mac Lochlainn, Gearóid. Sruth Teangacha. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 2002.
2) Ibid.186.
3) Ibid. 186.
4) Ibid. 188.

5) Ibid. 186.

6) ‘local Ulster word’ a thugann Séamus Heaney ar an bhfocal ‘hoked’ nuair a bhain sé úsáid as ina aistriúchán ar an dán Beowulf. Heaney, Séamus (aist.). Beowulf. Londain: Faber and Faber, 1999. Xxx.

 

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15