
GO TO MLC HOMEPAGE

FOOL FOR POETRY
INTERNATIONAL CHAPBOOK
COMPETITION 2017

Submit to Southword
ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

New Irish Voices
Poetry chapbooks by
Roisin Kelly & Paul McMahon

Liberty Walks Naked
by Maram al-Masri, trans. Theo Dorgan

Chapbooks by Fool for Poetry
Competition Winners 2018
Not in Heaven by Molly Minturn
Bog Arabic by Bernadette McCarthy

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes
Munster Literature Centre

Create your badge




|
CLÍODHNA CUSSEN

Dealbhadóir ildánach í Clíodhna Cussen. As Caisleán Nua, Co. Luimní ó dhúchas. Ag cur fúithi i mBaile Átha Cliath le fad. Dhá chnuasach filíochta uaithi foilsithe ag Coiscéim, Sifíní (2001) agus Turasanna (2011) i measc leabhair eile.
In Ómós do Mícheál Ó Dubhshláine
Dathanna dúshlánacha dheireadh Bhealtaine
Ag dalladh ár súile,
Mar a bhí i gcónaí fadó
I nDún Chaoin na dtor;
Is ár sprideanna
Ag rince farainn ar an mbóthar
Fadó nuair a bhí gach ní
indéanta.
Imríonn méaranna gaoithe
Trí ghruaig na n-óg
A n-éadaí fada dubha
Ag luascadh faru
I ngile na reilige.
An Meitheamh ar a sála,
Is sinne go léir ag fágáil slán leat.
Músclaíonn an ghile
Ár ndúil i nithe i gcéin.
Ní mar sin a bhís.
Thuigis práinn na huaire,
Thuigis go raibh gach ní
Gur fiú tráithnín é
Anseo faoi réim
Do shúl.
©2012 Clíodhna Cussen
Author Links
Turasanna ag Coiscéim
|