s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

AN CREIDEAMHACH DÉANACH

le STIOFÁN Ó CADHLA:

Léirmheas le Muiris Ó Meara

 

 

 

Muiris O'Meara photo

 

Rugadh agus tógadh Muiris Ó Meara i mBaile Átha Cliath. Dhein sé staidéar ar an nGaeilge agus ar an bhFraincis i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath agus dhein sé máistreacht sa Ghaeilge san institiúid sin chomh maith. Tá  ana-shuim aige i mbrobhanna agus i mbriathra -  go háirithe na brobhanna nach mbailíonn beart de réir a mbriathair. Bíonn sé ag scríobh ó am go chéilibh, leis.

 

 

 

 

 

 

 

An Creideamhach DéanachAn Creideamhach Déanach

Stiofán Ó Cadhla

(Coiscéim, 2009)

Tagairt: 6 660012 090099

€7.50

 

Ceannaigh An Creideamhach Déanach ag Coiscéim

 

 

 

 

Ní léirmheas per se a bheidh á sholáthar agam san aiste ghairid seo thíos. Tá fúm díriú ar chúpla dán ón gcnuasach seo a d'imigh i bhfeidhm go mór orm agus ba mhaith liom na cúiseanna a bhí le sin a rianadh don léitheoir. Rogha pearsanta is ea é seo seachas léirmheas iomlánaíoch, más ea, ach ba dheas liom a shamhlú go ngéaróidh an bhlaistínteacht seo goile an léitheora, leis, agus ar deireadh, go dtabharfaidh  léitheoirí Southword orthu féin an cnuasach seo a léamh astu féin sara fada. Ach ar dtúis....Cé hé Stiofán Ó Cadhla?

 

Saolaíodh Stiofán Ó Cadhla i Rinn Ó gCuanach agus is ansin, agus i mBaile an Easpaig ar imeall chathair Chorcaí, a tógadh é. Siúd is go bhfuil cnuasach Uí Chadhla i gcló le tamall de bhliantaibh anois, táim deimhnitheach nár locht orm a rá gur mar fhear léinn is fearr atá aithne ag an saol Fódlach ar an gCadhlach. Léachtóir Sinsearach le Béaloideas agus le hEitneolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, is ea an Dr. Stiofán Ó Cadhla  agus tá idir leabhair is ailt i gcló uaidh ar ghnéithe éagsúla den chultúr dúchais. Bhuaigh saothar próis ó pheann Uí Chadhla an phríomhdhuais ag an Oireachtas sa bhliain 2010, mar shampla, agus ó shin i leith, tá an saothar buacach sin foilsithe ag Cló Iar-Chonnachta faoin teideal “An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800-2000”.

 

 

Ba é an tigh foilsitheoireachta, Coiscéim, a d’fhoilsigh an cnuasach An Creideamhach Déanach siar i 2009. Deirtear linn ar bhileog cheangail an chnuasaigh gur foilsíodh formhór na ndánta seo cheana féin in irisí liteartha thall is abhus— Southword ina measc —ó ochtóidí na seanmhílaoise i leith. Tá 69 dán trí chéile teaglamaithe ag an údar sa chnuasach seo agus bhain An Creideamhach Déanach curadhmhír filíochta nach beag in Aibreán na bliana seo nuair a bhronn an tUachtarán Michael D. Higgins Gradam Mhichíl Uí Airtnéide ar an gCadhlach ag Éigse Filíochta Uí Airtnéide. 

 

 

Más san acadamh féin a shaothraíonn an Dr Stiofán Ó Cadhla a bheatha, is léir ón dán fuinte maranach  Fios (lch. 18) go bhfuil Stiofán Ó Cadhla, file, ag tarrac ar thobar ionsparáide meitifisiciúil  'eile' atá lasmuigh den “ciall mhúinte” (lch 18) réasúnach a sholáthraítear sna hollscoileanna, de ghnáth. Níl Ó Cadhla taobh le heolas múinte na hollscoile amháin agus nochtar tuiscint chaolchúiseach an údair i dtaca le cúrsaí eipistéimeolaíocha sa dán seo, tuiscint a chuimseodh Hamlet, b’fhéidir, nuair a d’áitigh sé “There are more things in heaven and earth, Horatio, Than are dreamt of in your philosophy”. 

 

 

“Ciall mhúinte an t-eolas 

Ach is gearradh an fios,

Gearradh thar aitheantas

Máchail mar a raibh maise

Mioscais mar a raibh meidhir.”

(lch 18)

 

 

Focal allabhrach is ea an focal ‘fios’ laistigh den gcruinneshamhail Ghaelach, focal a chiallaíonn na tuiscintí traidisúnta a bhí ag an bpobal i dtaca leis an bhFile (<Fil féach). Duine a raibh intleacht ar leith aige ab ea an file, Vates a raibh ar a chumas nithe folaigh a fheiscint is a nochtadh don saol. Ar ndóigh, ghnóthaigh Fionn Mac Cumhaill bua feasa is filíochta ón mbradán fís ar bhruach na Bóinne agus cuimsíonn an focal ‘fios’ an nóisean imbas forosnai, leis. Téarma teicniúil is ea imbas (focal comhdhéanta de ‘fios’) agus ciallaíonn forosnai ‘rud a shoilsíonn’. Eolas ar leith atá i gceist le ‘fios’ sa chiall seo, mar atá, ‘eolas a shoilsíonn’.  

 

 

Sa dán seo, léirítear dúinn gur fórsa cumhachtach is ea ‘fios’, fórsa diamhair a ghearrann is a chlaochlaíonn an duine. Ní féidir linn an feiniméan seo a thuiscint i dtéarmaí tagartha réasúnacha nó Cairtéiseacha— Cogito Ergo Sum —mar shampla, mar sáraíonn agus saorann ‘Fios’ sinn ó gheimhleacha an réasúnachais. “Gearradh thar aitheantas” is ea ‘fios’, gearradh nach bhfuil aon mhíniú ann dó i dtéarmaí an Cogito Chairtéisigh. B’fhéidir nár mhiste ‘thar aitheantas’ Uí Chadhla a shamhlú le ‘beyond (re)-Cognition’ an Bhéarla d’fhonn a bhfuil i gceist agam anseo a thabhairt chun léire. Claochlaíonn ‘fios’ an duine sa véarsa thuasluaite i gcomórtas leis an ‘eolas’ a mhúintear, 'eolas' a fhágann an duine aonair ‘múinte’ smachtaithe teanntaithe— nó níos measa fós — sibhialta, fiú! Ar ndóigh, tá  toise polaitiúil folaithe sa dán seo,  mar atá, an teannas idir Civilization— luachanna Ré an tSoilsithe (Enlightenment) —agus an soilsiú 'eile' a thugann ‘fios’ dúinn agus atá préamhaithe sa chruinneshamhail Gaelach nó sa Volk, i mbéarlagar Johann Gottfried Herder.

 

 

Deirtear go bhfuil trí ní nach féidir a mhúineadh: féile, fonn is fios. Conas a ghnóthaítear ‘Fios’, más ea?

 

 

“An té a fuair fios, cheannaigh sé é,

Fuair sé a leidín, tá sé scríofa ar a chlár éadain,

Baint le lann a ligeann faobhar nimhe baint leis.”

(lch 18)

 

Deintear an ‘fios’ teibí néalmhar a choinchréitiú anseo i dtéarmaí intadhaill .i. an lann a fhágann ball ‘scríofa’ ar chlár éadain an duine. Cruthúnas seachtrach is ea an ‘ball feasa’ seo ar an ngaois inmheánach atá ‘ceannaithe’ ag an duine ar mhargadh an anama. Ach cad chuige an ‘Fios’ seo i ndeireadh na dála? An bhfuil aon aidhm nó  aon fheidhm chinnte aige, fiú? Tá, ar ndóigh, mar atá, 

 

“Idir leigheas is leonadh

 Don leán”.

(lch 18)

 

Freagra débhríoch is ea an freagra seo a déarfadh an fealsamh réasúnach, b'fhéidir,  nó an tOllamh ollscoile, nó an Státseirbhíseach ainbhfiosach agus ainbhfiosaigh eile nach iad, chomh maith leis na

 

"[h]Eolaithe tuinthomhaiste

[a mhaíonn]... as buamaí cliste

A ndéanamh, a ndath,

Agus a ndearadh fiú"

(lch. 68)

 

Ach ní fealsúnacht Chairtéiseach nó freagra réasúnach a sholáthraíonn Ó Cadhla dúinn agus is fearrde an fhilíocht an débhrí, ar ndóigh, mar níl freagraí críochnúla ag an gCadhlach dúinn seachas filíocht fhuinte atá préamhaithe i gcruinneshamhail a dhiúltaíonn d’údarás cúng craptha an léinn nó an ‘leán’ (lch 18)— léann na bhfreagraí do-earráide a fhágann 'leán ar mo léigheann' (!) Soláthraíonn ‘Fios’ leigheas agus leonadh araon dúinn ar ‘leán’ eiseach an tsaoil agus tugann sé orainn an saol a ‘thuiscint’ is a shoilsiú i dtéarmaí mothálacha nó ‘neamhréasúnacha’, mar dhea. Ar deireadh, saorann ‘Fios’ sinn ó gheimhleacha tíoránta na cruinneshamhla Cairtéisí agus ó na gíománaigh réasúnacha a fhógraíonn go buacach bladrach blaoscánach bliústarach gurb é an indibhid Chairtéiseach tobar gach feasa agus gur tháinig deireadh le sceipteachas ainbhfiosach  nuair a thosaigh Descartes ag Cogito-áil leis go cogairseach réasúnach. 

 

 

 

D’áitigh Platón sa Phoblacht go gcaithfí na filí a dhíbirt amach óna phoblacht shamhalta. Cad ina thaobh? Ní raibh sé ar chumas na bhfilí ‘eolas’— na Foirmeacha Platónacha —a nochtadh don saol. D’áitigh Ó Cadhla ormsa sa dán Fios go raibh breall ar Phlatón, Descartes agus scata caoirigh eile nach iad atá ag múnadh (sic) go réasúnach in  ollscoileanna na tíre seo faoi láthair. Bhí Descartes an-tógtha le céimseata, dhealródh. Bhí Platón, leis, agus deirtear go raibh "Let none ignorant of geometry enter here" scríofa os cionn dhoras an acadaimh aige d'fhonn dearcadh an Acadaimh a fhógairt don saol mór. Ba cheart go mbeadh an dán seo ar crochadh lasmuigh de gach Roinn Gaeilge sa tír agus i Ranna Cainte Intriachtúla agus Intleachtúla  eile nach iad. Seoid is ea an dán seo. Ní beag sin mar mholadh. 

 

Cad iad na hiarmhairtí a bhí ag an ró-chreideamh seo sna heolaíochtaí agus sa réasún do-earráideach, más ea? In An Creideamhach Déanach (lch 67) samhlaítear dom gur féidir linn nasc a rianadh idir ainbhfios na smaointeoireachta ba chúis leis an gcogadh san Iaráic an chéad lá agus an 'creideamh' (ró)dhéanach a léiríonn an file i  'bhFios' céadrata. Sa dán seo, deintear buamaí coincréiteacha den 'comhdháil smaointe' ainbhfiosach nua-aoiseach a thiteann go neamhthrócaireach ar Bhaghdad anuas:

 

 

"Titeann 

Comhdháil smaointe, 

Saoirse creideamh is,

Sibhialtacht,

Ar na daoine

Ar ollscoil Bhaghdad

I measc na lámhscríbhinní,

Is na bpár dóite"

(lch 67.)

 

 

 

I bhfianaise a bhfuil ag titim amach i mBaghdad diúltaíonn an file don anailís réasúnach,

 

"Ní tráth anailíse é

[...] Tá cúrsaí reatha ar ceal

Chun cúrsaí cogaidh a rith,

[...] 

Déantar saighdiúir

De thuairisceoir

Is tuairisceoir de shaighdiúir

[...] 

Ar nuachtáin na hoíche

Ollsamplaí 

De Bhreachtradh

Scannánaíoch

Na Cogaíochta"

(lch. 68)

 

Filíocht engagé? Is ea, go deimhnitheach. Guth láidir freasúrach ceisteach a nochtann fírinní uafara an tsaoil agus a bhaineann an brach idé-eolaíoch dóibh siúd atá faoi dhraíocht ag 'bhreachtradh scannánaíoch' na teilifíse. Ach filíocht engagé is ea í seo atá préamhaithe i luachanna an phobail agus sa chomhthuscint dhaonna agus mhorálta a ghineann 'Fios' seachas 'eolas'. Nuair a chíonn an file corpáin sínte 'sa ghaineamhlach/ Ag déanamh bolg le gréin" san Iaráic (lch 68),  níor thógtha ar an bhfile na tuiscintí ainbhfiosacha ba bhonn leis an slad seo a cheistiú agus samhlaíonn sé é féin ina chadhan aonraic sa duibheagán, gan aige ach 'fios' céadrata chun éagóir na cogaíochta a aibhsiú is a thabhairt chun solais:

 

 

"An mise an creideamhach

Donn déanach

Ag leathamhrán

Seanrann sinseartha

Sa duibheagán"

(lch. 68)

 

 

Thaithin an dán “Do A. Kelly: Deciding Officer” (lch. 45) go mór liom toisc go bhfuil an ghráin shaolta agam féin ar an meon dúnta duairc dobhránta a chothaíonn an tStátseirbhís i ndaoine áirithe, meon a fhágann nach bhfuil “A. Kellys” an tsaoil seo ábalta cinneadh ar bith a ghlacadh astu féin gan dul i muinín bhéarlagar na meamraiméise.

 

 

“Theip orm a chruthú

 

Faoin Social Welfare  Consolidation Act, Section 136, 3, c,

Nár bharr m’ioncam 

£3,127.80

In aghaidh na bliana—

Dícháilíodh mé

[...]

Tar éis do chuid físeoireachta

Chugam agus uaim.

(lch. 45.)

 

Mheabhraigh an dán seo an litir cháiliúil a sheol Samuel Johnson go dtí an Tiarna Chesterfield i 1755 dom. Amhail litir Johnson, aor is ea an dán seo a shásaíonn na critéir a leag Johnson féin amach don aor .i. saothar ina ndeintear baois nó mioscais an duine a cháineadh. Tá sé de bhua ag Ó Cadhla le mot juste a roghnú agus is breá liom an earraíocht fhileata a bhaintear as an focal "físeoireacht" anseo óir léiríonn sé easpa samhlaíochta (físe) agus cúngaigeantacht A. Kelly go binn chomh maith leis an gcol a ghlac an t-údar leis an bpriocsmut oifigiúil. Ag deireadh an dáin, is léir go bhfuil 'fios' gnóthaithe ag an údar ón eachtra seo. Nuair a fhágann an t–údar A. Kelly ina dhiaidh agus é ina 'eiriceach' dícháilithe bhí sé

 

"Ag déanamh m'anama

Gan agam ach seoladh sealadach

Agus m'ainm:

Is ba spíce i mbeo dom

Í a dhéanamh duit riamh"

(lch 45.)

 

Tá 'ag déanamh m'anama' thar a bheith éifeachtach anseo mar léiríonn sé dóchas an fhile sular thug A. Kelly an freagra diúltach dó agus an cathú agus an ceann fé a bhí mar thoradh ar  an bhfreagra diúltach sin. Mheabhródh na seintimintí seo an 'gearradh' a luaitear sa dán 'Fios', gearradh a fhágann 'Máchail mar a raibh maise/ mioscais mar a raibh meidhir' (lch. 18). Sa chomhthéacs seo, ar ndóinn, ciallaíonn 'ag déanamh m'anama' an próiseas eiseach ina gceannaítear 'fios' ar mhargadh an anama agus siúd is gur 'spíce i mbeo' an fhile a chuid ama a bheith curtha amú aige ag triall ar an bhfód móna dobhránta, A. Kelly, ar deireadh, ghin an spíce sin ina bheo 'Fios'.

 

 

Tá cúpla bliain anois ann ó cailleadh an gadhar— Charlie —a bhíodh sa bhaile ag m'athair. Bhíosa féin ana-cheanúil ar an ngadhar seo agus is maith a thuigeas na seintimintí a léirítear sa dán Timbo (lch 8) mar bhain bás Charlie deora asam féin tráth. Thugas taitneamh don dán seo ar an mbonn sin ach threisigh an fhírinne shearbh a léirítear sa dán seo go mór leis an taitneamh sin

 

"Ar deireadh ní raibh ionat

An Falla a dhéanamh

Ach chaoin mé tú

Mar ná caoinfinn a lán

Dáchosacháin"

(lch 8).

 

Thugas féin taitneamh do na dánta atá pléite agam anseo thuas. Ní raibh fúm ach blaiseadh éigin a sholáthar don léitheoir ar thathag maranach an chnuasaigh seo. Nílim féin deimhnitheach ar thuigeas na dánta ar fad atá sa chnuasach seo, áfach ....ach tá a bhfhios agam anois, pé scéal, agus ní beag sin! 

 

 

©2012 Muiris Ó Meara

 

 

 

Author Links

 

'Cliché' le Ó Meara ag Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge

'Ciotóg' le Ó Meara ag Southword Journal 20

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15