s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

MÍCHEÁL Ó RUAIRC

 

 

 

 

Mícheál Ó RuaircRugadh Mícheál Ó Ruairc i mBréanainn sa Leitriúch i gCiarraí. Tá idir fhilíocht, ghearrscéalta agus phrós foilsithe aige le tríocha bliain anuas. I measc an tsaothair atá i gcló tá Fuil Samhraidh, dánta, (Coiscéim, 1987); Dán is Céad ón Leitriúch, cnuasach dánta óna cheantar dúchais, (Coiscéim, 1998); An bhFaca Éinne Agaibh Roy Keane?, úrscéal do dhéagóirí, (Coiscéim, 2003); Pónairí ar Thósta, úrscéal do mhic léinn ollscoile, (Comhar, 2007), An Saol i Sladbhaile, úrscéal do dhaoine fásta, (Coiscéim, 2008), Daoine a Itheann Daoine, cnuasach gearrscéalta do dhaoine fásta (Cló Iar-Chonnachta, 2010). Foilseoidh Cois Life Tóraíocht Taisce, úrscéal do dhéagóirí i 2012 agus foilseoidh LeabhairComhar Fianaise, scéinséir sa bhliain 2013.

 

 

 

 

An Sprionlóir Ama

 

 

Ba bheag nár chaill mé an tsochraid.


Fuaireas an traein go Corcaigh an mhaidin sin. Ar mhí-ámharaí an tsaoil bhuaileas le Diní Kango Ó Donnabháin ar an traein agus ní shásódh aon rud faoin ngrian é ach pionta Murphy a ól sa Windsor ar Shráid Mhic Curtáin ina theannta. Mheall pionta amháin dhá cheann eile agus faoi dheireadh bhí an t-ádh dearg orm go raibh sé de mhisneach agam mé féin a tharraingt tríd an doras amach ar thaobh na sráide ag a ceathrú chun an mheánlae. Maidir le Kango bhí rud amháin cinnte: bheadh sé fós sa Windsor ag a ceathrú chun na meánoíche dá mba rud é go bhfillfinn thar n-ais.


Thógas tacsaí agus shroicheas Séipéal Naomh Uinsionn i dTobar Rí an Domhnaigh ar bhuille an mheánlae. Bhí an sagart ar an altóir cheana féin agus tús curtha aige le haifreann na marbh. Moladh an té a bhíothas le cur faoin bhfód go hard na spéire. Chun a cheart a thabhairt dó níorbh é ba mheasa. Chaitheamar deich mbliana ag obair i dteannta a chéile i Halla na Cathrach sula bhfuaireas ardú céime. Thógas mo sheolta agus thug aghaidh ar an Ardchathair. D’fhan Stiofán mar a raibh aige in oifig na cánach gluaisteáin. Bhíodh sé mar nós againn buaileadh le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana sa Metropole nó i dtigh tábhairne éigin sa chathair ó shin i leith. Ar ndóigh, ba mise i gcónaí a dhéanfadh an turas go Corcaigh. Níos minicí ná riamh chaithfinn uair a chloig i mo shuí le hais an chuntair ag feitheamh leis. Oíche amháin bhí trí phionta agus trí ghloine biotáille diúgtha agam sular shuigh sé síos lem ais agus é lán de leithscéalta. Bhí m’intinn sa leathcheann agam faoin am sin agus ní raibh uaim ach tuilleadh dí, rud a cheannaigh sé go fonnmhar dom.


Níor fhéadas gan gáire a dhéanamh nuair a chuaigh Réamonn de Bhál, ceann roinne na cánach gluaisteáin, inairde ar an bpuilpid agus thug aitheasc breá fada ar an té a cailleadh.


“An rud ba mhó faoi Stiofán,” ar seisean, “ná go raibh féith na flaithiúlachta go smior ann. Ba bheag lá nár tháinig sé isteach san oifig le cáca milis nó le bosca brioscaí le roinnt ar an bhfoireann a d’oibrigh san aonoifig leis. Croí na féile ba ea é.”


Ní fhéadfainn easaontú leis. An uair dheireanach a chasamar ar a chéile ná oíche Aoine ag druidim le haimsir na Nollag anuraidh. Bhí coinne déanta againn bualadh le chéile i dtigh tábhairne Clancy ar Shráid an Phrionsa ag a hocht. Bhí sé ag druidim le leathuair tar éis a naoi nuair a chonac é ag déanamh orm faoi dheifir.


Tar éis na leithscéalta ar fad a bheith déanta agus an bheirt againn suite le chéile thugas faoi deara go raibh teipthe go mór air, go raibh sé tugtha leis an bhfírinne a insint. Thóg sé clúdach litreach as a phóca agus shín chugam é. Cárta Nollag a bhí ann. Nuair a d’osclaíos ar ball é bhí €1,000 istigh ann agus nóta beag ina theannta:

Do: mo sheanchara dílis Deasún. Bronntanas beag duit. Súil agam go raghaidh sé achar beag éigin chun tú a chúiteamh as na cuairteanna go léir atá tugtha agat ar Chorcaigh chun bualadh liom thar na blianta.

Stiofán.


Níor fhan sé ró-fhada i mo theannta an oíche sin. Ag a leathuair tar éis a deich chonac go raibh sé ag éirí mífhoighneach. Ag ag deich chun a haondéag bhí sé ar ballchrith. Dheineas cinneadh deireadh a chur lena chuid fulaingthe agus  é a scaoileadh chun siúil, rud a bhí déanta agam na céadta uair cheana.


“Is féidir leatsa imeacht anois, má’s maith leat. Raghaidh mise le haghaidh greim éigin le hithe go dtí óstán Síneach an Tung Sing ar Shráid Phádraig. Beidh sé ag dúnadh sara fada. Glacaim leis nach bhfuil fonn ort teacht im theannta?”


D’fhéach sé orm go truamhéalach agus rian na ciontachta ina shúile.


“Ba bhreá liom, a Dheasúin, ach ... ach tá bó atá ar baraíd breith agam ‘aige baile agus ní mór dom dul abhaile láithreach chun féachaint ina diaidh ... "


Shín sé lámh chriogánach, thanaí amach.


“Nollaig shona, a Dheasúin, agus chífidh mé thú san athbhliain. Táim thar a bheith buíoch díot bualadh liom aon uair a bhíonn tú sa chathair ... is cara dílis tú ... ”


D’imigh sé uaim go cromshlinneánach.


Nuair a bhí an t-aifreann thart chuas chun cainte lena dheirfiúr, Cáit, a mhac Seán agus a iníon, Aisling.

“Bhí ardmheas aige ortsa i gcónaí, a Dheasúin,” arsa Seán, a raibh post aige mar fhiaclóir i nGaillimh. “Dúirt sé liom teangabháil a dhéanamh leat agus is in onóir duitse a bheidh béile agus cúpla deoch againn tar éis na sochraide sa Metropole.”


Fuaireas síob ó Cháit agus a fear céile go dtí reilig Naomh Fionnbarra ar Bhóthar an Ghlaisín. Nuair a bhí an chré á sluaisteáil anuas ar an gcónra rith sé liom nach bhfanfadh Stiofán chomh fada sin ar an láthair dá mba rud é go raibh sé ag freastal ar a shocraid féin! Seans ná beadh sé ann in aon chor! Níorbh fhear mór sochraidí é. Níor thuig sé riamh conas go bhféadfadh duine lá dá shaol a chur amú ag freastal ar shocraid. De ghnáth, raghadh sé go dtí an t-aistriú um thráthnóna roimhré. Chroithfeadh sé lámh le muintir an té a bhí imithe agus bhaileodh sé go sciobtha as an láthair ansin. Maidir le dul chuig an tsochraid – gan trácht ar dhul go dtí an t-adhlacadh – cur amú ama a bheadh ansin, dar leis.


Oíche aistrithe a mháthar féin óna tigh cónaithe go dtí an séipéal, tráth a rabhamar beirt fós ag obair i dteannta a chéile i Halla na Cathrach, a nochtaigh sé dom don chéad uair go raibh feirm ceannaithe aige. Baineadh siar go mór asam nuair a d’inis sé an méid sin dom. Bhí feirm ceannaithe aige amuigh i nGleann Maghair agus tigh mór ina teannta. Is amuigh ansin a bheadh sé féin agus a theaghlach ag cur fúthu feasta. Bhí sé chun an tigh mór trí stór a bhí aige i dTobar Rí an Domhnaigh a choimeád agus a ligint ar cíos. Ní raibh sé cinnte cad a dhéanfadh sé le tigh a mháthar ar Bhóthar na Laoi. É a dhíol agus an t-airgead a roinnt lena dheirfiúr nó é a choimeád agus leath a luacha a thabhairt di. B’é críoch agus deireadh na mbeart é ná gur choimeád sé é agus thug mám mór airgid dá dheirfiúr.


Níorbh aon ionadh é go raibh sé faoi bhrú ina dhiaidh sin.


Bhain imeacht a mhná chéile stangadh uafásach as.


Ba chuimhin liom mar ar ghlaoigh sé orm i lár na hoíche agus dúirt liom dul amach chuige i nGleann Maghair láithreach bonn. Nuair a d’oscail sé an doras bhí sé chomh bán le braillín. B’amhlaidh a ghlaoigh sí air ó Nua Eabhrac agus dúirt leis go neamhbhalbh go raibh sí ag fanacht ann agus ná beadh sí ag filleadh. Í féin agus a leannán Muiris de Faoite, fear beáir in óstán Jury. Agus é ag ceapadh gurbh amhlaidh go raibh sí féin agus a cara Eilín imithe ar thuras siopadóireachta go dtí an tÚll Mór!


Bhí na páistí ina gcodladh thuas staighre. Thóg sé buidéal fuisce as an gcaibinéad mahagaine i gcúinne an tseomra suite.


Thosnaíomar ag ól.


Don chéad uair le fada ní raibh sé ag tabhairt sracfhéachaint os íseal ar a uaireadóir, ag cogaint a chuid ingne, ag éirí mífhoighneach, ag iarraidh éalú uaim. Ar ndóigh, bhí sé sa bhaile agus bhí sé a trí a chlog ar maidin. Ní fhéadfadh cúram a bheith air, an bhféadfadh? D’fhanamar inár dtost ar feadh i bhfad, an t-uisce beatha ag cúrsáil trínár gcuislí.


“Is mé m’athair i mo steillbheatha mé!” ar seisean gan choinne.


“Conas san?” d’fhiafraigh mé de.


“Ní fhéadfadh sé fanacht socair ar feadh soicind. É i gcónaí ar bís. Gan ar a chumas sos a ghlacadh. ‘Am is ea airgead, airgead is ea am’, deireadh sé. Ní fhéadfadh sé cur suas le héinne a bheadh ag meilt ama. ‘Ba cheart go mbeadh do shaol cosúil le horláiste uibhe,’ deireadh sé, ‘agus é de shíor iompaithe bun os cionn agus an gaineamh ag sileadh is ag sileadh anuas gan stad gan staonadh ... ’.


Lig sé osna chléibh.


“Caithim mo shaol ar an dóigh chéanna. Déanaimse gach soicind a thomhas is a mheá ... ”

Chroith sé a cheann go gruama.


Phléascas amach ag gáire. Ní fhéadfainn srian a choinneáil orm féin.


“Ní dóigh liom go raibh ubh d’atharsa ach bogbhruite nuair a cailleadh é féin! Cén aois a bhí aige?”


Chonac meangadh beag gáire ar a aghaidh. An rud ab annamh . . .


“Sé bliana i dteannta an leathchéid. Fuair sé taom croí agus é ag iarraidh geata mór iarainn a iompó trasna páirce ina aonar  chun ba bradacha a choinneáil amach ‘aige baile i gCionn tSáile. Ní fhéadfadh sé a bheith ar a shuaimhneas.”


“Ar an dul céanna leatsa, a Stiofáin. Níor cheart duit aithris a dhéanamh air. Tar éis an tsaoil, tá teann ar do chúl agat ... ”


Dhein sé gáire beag dóite.


“ ... teann ar mo chúl agam, ab ea! Tá dul amú ort ansin, a bhuachaill. Ní bheidh pingin rua fágtha agam nuair a bheidh an bhitseach sin críochnaithe liom. Is léi leath dá bhfuil agam ... leath mo chuid airgid, leath na feirme seo, leath an dá thí istigh sa chathair, leath an tí saoire thall sa Spáinn gan trácht ar leath de gach a thuillfidh mé feasta.”


Gheiteas. Ní raibh tuairim agam go raibh tigh saoire sa Spáinn aige.


Lean sé air.


“Má bhí orm obair go cruaidh go dtí seo beidh orm obair deich n-oiread níos cruaidh as seo amach. D’fhéadfainn í a thabhairt chuig na cúirteanna ach ní bheadh ansin ach meilt ama mar go bhfuil an dlí ar a taobh. Titfidh cúram na beirte thuas staighre ar mo ghuaillí chomh maith, mar nach bhfuil spéis dá laghad aici siúd iontu. Níl uaithi ach saol an mhada bháin agus a bheith ag pramsáil timpeall na cathrach istoíche le fir atá i bhfad níos óige ná í.”


Ag an nóiméad sin bhí trua agam dó. Bhí fonn orm a rá leis dá mba rud é gur thug sé níos mó ama ina teannta  ná beadh sí ag pramsáil timpeall na cathrach ar an gcéad dul síos. Bhí fonn orm a rá leis an saol a thógaint go bog agus go tigh an diabhail leis na cúramaí saolta ar fad a raibh sé ciaptha, cráite acu.


Choimeád mé mo bhéal druidte.


Má bhí sé sprionlaithe lena chuid ama go dtí an pointe sin, ní fhéadfaí cur síos a dhéanamh ar a chuid geáitsí ina dhiaidh sin. Deifir air de shíor agus gan go leor uaireanta an chloig sa lá dó. Dá mbeadh reifreann ann chun lá breise a chur isteach sa tseachtain bheadh gliondar air gan trácht ar mhí bhreise a shá isteach sa bhliain.


Ba é ba chúis liom féin, ar bhealach, mo chip is mo mheanaí a bhailiú agus an bóthar a bhualadh go Baile Átha Cliath. Ní fhéadfainn a bheith ar mo shuaimhneas istigh san oifig chéanna le duine ná féadfadh a bheith cuideachtúil. Ní fhéadfainn cur suas leis a thuilleadh ar bhonn leanúnach, gan fiacail a chur ann.


Maidir leis an scéal a d’inis sé dom faoina athair, tuar féinchomhlíontach ba ea é ina chás féin. B’amhlaidh go bhfuair sé pianta ina chliabh Dé Céadaoin seo caite tar éis maidin fhuar, fhliuch a chaitheamh ag iarraidh draein a dhéanamh chun an t-uisce a bhí ag sceitheadh isteach sa bhleánlann a thaoscadh. Tógadh san otharcharr go dtí aonad dianchúraim Ospidéal na hOllscoile é agus cailleadh é maidin Dé hAoine. Agus gan é ach seacht mbliana i dteannta an leathchéid.


Bhí ardoíche againn sa Metropole. Bhí an áit plódaithe idir chlann, ghaolta, chairde, státseirbhísigh, fheirmeoirí agus lucht aitheantais. Nua gach bia agus sean gach dí ann. Caithfidh go bhfuair Kango gaoth an fhocail go raibh deoch ar fáil bocsí mar dhein sé a bhealach ón Windsor trasna na sráide agus thuisligh suas chugam agus mé i mo sheasamh ag an mbeár le m’iarchomhleacaithe ó Halla na Cathrach agus an inchinn sa leathcheann aige.


“B’iontach ... an fea ... fear é!” ar seisean go stadach.


“Cé atá i gceist agat, Diní?”


D’fhéach sé orm go bolgshúileach, mearbhallach, meisciúil.


“Do ... do cha ... chara ..."


Ní raibh tuairim dá laghad aige cérbh é mo chara agus rith sé liom gurbh é ba dhóichí ná raibh tuairim aige cérbh é mé féin ach an oiread faoin am sin den oíche.


Dhein duine de na státseirbhísigh ar ár gcúl siotgháire íseal.


“Dá mbeadh Stiofán anso bhainfeadh sé an-chraic go deo as seo!” ar seisean.


Chroith mé mo cheann. Bhí fonn orm screadadh amach in ard mo chinn is mo ghutha:

“NÍ BHEADH STIOFÁN ANSEO AR ÓR NÁ AR AIRGEAD! CUR AMÚ AMA A BHEADH ANN,DAR LEIS!”


Ansin chuimhníos ar an gcré á sluaisteáil anuas ar a chónra sa reilig ní ba thúisce sa lá. Chuimhníos ar an íomhá a nochtaigh sé dom an oíche úd amuigh i nGleann Maghair den orláiste uibhe iompaithe bun os cionn is an gaineamh ag sileadh anuas gan stad gan staonadh ...


I gcoinne mo thola thosnaigh na deora ag bogadh i mo shúile ...


Leagas an ghloine a bhí i mo láimh anuas ar an gcuntar agus gan beannú d’éinne d’iompaíos ar mo sháil agus d’fhágas an t-óstán.

 

©2012 Mícheál Ó Ruairc

 

 

Author Links

 

Ó Ruairc ag Cois Life

Daoine a Itheann Daoine: Léirmheas le Blas Book Club ag BBC

Ó Ruairc ag Cló Iar-Chonnact

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15