s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

MLC

GO TO MLC HOMEPAGE


FOOL FOR POETRY
INTERNATIONAL CHAPBOOK
COMPETITION 2018


 

submit
Submit to Southword

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

New Irish Voices
Poetry chapbooks by
Roisin Kelly & Paul McMahon


 

 

Liberty Walks Naked
by Maram al-Masri, trans. Theo Dorgan

 

n


Chapbooks by Fool for Poetry
Competition Winners 2018

Not in Heaven by Molly Minturn
Bog Arabic by Bernadette McCarthy


 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

MÁIRE DINNY WREN

 

 

 

Máire Dinny Wren

Is as Cois Cláidí i nGaoth Dobhair do Mháire Dinny Wren. Is scríbhneoir filíochta agus gearrscéalta í. Chaith sí tréimhse fada dá saol i Londain. Nuair a bhí sí i Londain bhí sí mar bhall den ghrúpa scríbhneoirí, Green Ink Writers. Phill sí go hÉirinn i 1999 agus tá sí ar ais i gCois Cláidí le cúpla bliain. Bhain gearrscéal dá cuid ‘Ag Tearnamh chun Baile’ duais Fhoras na Gaeilge ag féile litríochta Lios Tuathail i 2010. Bhain dán dá cuid ‘Lúb ar Lár’ comórtas filíochta Uí Néill i 2011. Craoladh samplaí dá cuid filíochta ar Raidió na Gaeltachta agus ar Raidió Uladh agus foilsíodh cuid dá saothar in irisí mar Comhar, An tUltach, Irish Pages, An Gael, Goitse, North West Words Arts Magazine, Winners Anthology 2010 – Writers Week Listowel agus Toibreacha Beannaithe Fhánada. D’fhoilsigh Coiscéim cnuasach dá cuid filíochta, Ó Bhile go Bile, sa bhliain 2011. Tá ceithre cinn dá cuid gearrscéalta sa leabhar, go dtí an lá bán, a d’fhoilsigh Éabhlóid i 2012. Tá sí mar bhall bunaidh do Chiorcal Scríbhneoireachta Ghaoth Dobhair.

 

 

 

 

Tobar gan Iarraidh

 

 

Dá dtiocfainnse ar thobar gan iarraidh

i mbealach nó i mbearna,

chaithfinnse díom

’s thumfainn ann

go bhfaighinnse faoiseamh

ó ghalar an dúlagair.

 

Thógfainn braon den uisce liom

a thógfadh cian domh laethanta dorcha

’s chuirfinn mo dhóchas ann

go dtabharfadh sé slán mé

’s d’ólfainn íocshláinte as

mo thobarsa gan iarraidh.

 

©2012 Máire Dinny Wren

 

 

Author Links

 

Go dtí an lá bán (Éabhlóid)

Ceannaigh Ó Bhile go Bile le Máire Dinny Wren ag Coiscéim.ie

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15