s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

SEÁN MAC MATHÚNA

 

 

 

Seán Mac Mathúna

 

Úrscealaí, gearrscéalaí, file, file haiku, drámadóir, as Trá Lí é Seán Mac Mathúna. Bhain sé cáil mhór amach lena chnuasach Béarla The Atheist (Wolfhound) agus an cnuasach Gaeilge, Ding (EdCo). Bhuaigh cnuasach eile, Banana (Cois Life) Gradam Uí Shuilleabháin. Léiríodh dráma leis in Amharclann na Mainstreach as Béarla is as Gaeilge, The Winter Thief / Gadaí Géar na Geamh-Oíche. Léiríodh Hula Hul sa Taibhdhearc. Foilsíodh ceithre úrscéal uaidh Hula Hul (Leabhar Breac), Scéal Eitleáin (Coiscéim), Gealach (Leabhar Breac), agus Cros na Sceilge (Coisceim).

 

 

 

 

 

 

Lámh Napolean

 

 

            [Ins na caogaidí casadh seanduine orm i gcathair Chorcaí a raibh scéal an-aisteach aige. Dúirt             sé liom gur chuala se scéal óna sheanmháthair a bhí gaolmhar don dochtúir Éireannach a bhí             ag freastal ar Napoleon agus é ag fáil bháis ar St Helena. De réir an scéil, d'fhág an dochtúir seo             tuairisc ar St Helena agus fuair an tseanmháthair é. Bhí Napoleon tar éis labhairt leis an dochtúir             agus scéal a inisint dó a bhí an-shuimiúil.  Ach cailleadh an tuairisc agus dá bhrí sin, ní féidir é a             chruthú inniu. Baineann sé le ceann de mhistéirí móra Napoleon, 'sé sin, cén fáth go mbíodh a             lámh ina chóta i gcónaí aige – seo é an scéal.]

 

Nuair a chríochnaigh Napoleon sa scoil mhíleata, oifigeach den dara grád ab ea é. Bhí coimisiún uaidh, 'sé sin jab san airm. Chuaigh sé go Páras.

 

“Féach, Napoleon, níl ionat ach oifigeach den dara grád, slán leat!”

Chuaigh sé go Bordeaux. An scéal céanna.  Ansin suas is anuas an tír leis ag lorg oibre.  An scéal céanna, an dara grád! Bhí sé an-bhocht ar feadh tamaill fhada ina dhiaidh sin agus a chlann go bocht freisin. Chuaigh sé go deisceart na Fraince, áit in aice le Antibes, go dtí a mhuintir agus d'fhan sé tamall leo.

 

Oíche amháin bhuail sé le cailín, Justine, iníon iascaire. Bhí sí bocht. Bhí Napoleon bocht chomh maith ach bhain sé le huaisle beaga Corsica, agus rud mór ab ea é sin. Bhí siad an-mhór le chéile ach bhí sé ina rún mór idir an bheirt acu. Bhí cónaí uirthi in Antibes ach oileánach ba ea í ó Iles de Lerins, oileán sa bhfarraige sa cheantar sin. Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig an galar buí go dtí an chathair. Thóg Justine bhocht é is b'éigean di dul abhaile go dtína muintir san oileán.

 

Bhraith Napoleon uaigneach ina diaidh is chuaigh sé amach chun cuairt a thabhairt uirthi.  Bhí sí an-bhreoite. Mhol sí dó dul abhaile nó go dtógfadh sé féin an galar uaithi. “Is cuma liom, fanfaidh mé anseo,” adúirt sé. D'fhan sé léi. Dúirt sí leis gur mhaith léi bronntanas a thabhairt dó, fáinne mór déanta dá cuid gruaige féin. Nós ab ea é idir fir is mná insan oileán sin go mór mhór dá mbeidís bocht. Bhíodar go léir bocht. An lá ina dhiaidh sin d'fhuaigh sí laistigh dá chóta é. Bhí ádh ag baint leis, dar léi. Fuair sí bás an lá ina dhiaidh sin agus d'imigh Napoleon abhaile agus é an-bhrónach agus an-mhí-shásta leis an saol. 

 

Mí ina dhiaidh sin bhí sé lá in Antibes. Lá fuar ab ea é agus bhí an cóta air. Bhí sé chomh fuar sin go raibh air na lámha a chur laistigh den gcóta. An noimeat a bhraith a lámh an fáinne gruaige chuala sé guth in aice leis, “Conas tá Buonaparte?”

 

Chas sé is ce bheadh ann ach seanschara leis, Salicetti. Fear mór in airm na Fraince. Mhínigh Napoleon a chas dó agus dúirt, “Tá scil iontach amháin agam, is mé an gunnadóir is fearr sa bhFrainc. Tuigim na gunnaí móra níos fearr ná éinne, tuigim píléir is na caora móra is tuigim conas cath a bhuachtaint leo.” D'imigh Salicetti leis.

 

Tharla go raibh réabhlóid i dToulon agus thaobhaigh Toulon leis na Sasanaigh is na Spáinnigh. Chuaigh airm na Fraince síos chun iad a ghlanadh as an áit. Ach ní raibh sin chomh simplí is a cheap siad.

 

Lá amháin bhí Napoleon ag caint lena mháhtair sa tigín ina rabhadar. “Níl aon bhia againn, níl aon airgead againn, cad a dhéanfaimid?” ar sise.

 

Chuaigh Napoleon ag siúl dó féin mar nach raibh aon fhreagra aige ar an scéal. Agus é ag siúl síos an bóthar, bhraith a mhéar an fáinne gruaige. Chomh luath is a tharla sin, cé a phreabfadh chuige an bóthar aníos ach Salicetti.

 

“Tá jab agam duit,” ar seisean, “tá an tuairim chéanna agamsa faoi na gunnaí móra, an t-aon tslí amháin chun na Sasanaigh a ghlanadh as an áit seo.” Fuair sé coimisiún do Napoleon in Airm na Fraince in aice Toulon. 'Sea, bhí arán ag an mhuintir.

 

Ach anois bhí ceist mhór amháin le réiteach aige, an fáinne gruaige!  An dá huair a bhuail a mhéar é, tháinig Salicetti. Ní hea, tháinig cabhair! 'Sea, cabhair! An raibh ádh ag dul leis an bhfáinne sin? Rinne sé machnamh ar an scéal ach faoi dheireadh ní dúirt sé ach “níl ann ach piseog,” is chuaigh sé abhaile go dtína mháthair.

 

Sin é an uair a fuair sé amach cén fáth go raibh na Sasanaigh fós istigh i dToulon. Ní raibh tuairim ag na ginearáil ar chúrsaí cogaidh. Carteaux ab ea ainm do dhuine amháin acu, agus ní raibh tuairim ag an bhfear bocht. Péintéir ab ea é, agus gan aon taithí ar airm aige.  Bhí capall mór dubh aige agus croiméal leathan aige. Gach lá théadh sé i measc na saighdiúirí ar an gcapall mór dubh seo, agus gach casadh aige as a chroiméal mór fada, ag rá, “amárach ionsóidh an namhaid i gcolún a trí.” Go dtí an lá inniu ní thuigeann éinne cad is brí leis sin.

 

Cartot, ginearáil eile, dúirt sé lá le Napoleon, “féach, a Napoleon, a mhic, níl ionat ach oifigeach den dara grád, ach is coirnéal mise, dá bhrí sin, tá níos mó eolais agamsa ná mar atá agatsa, agus sin críoch an scéil.”

 

Nuair a cuireadh an ruaig ar Carteaux tháinig Doppet. An chéad lá sa chath maraíodh saighdiúir in aice Doppet is thit Doppet bocht i laige. Tháinig fear nua.

 

An chéad lá eile thuig Napoleon nach raibh tuairim in aon chor ag an bhfear nua seo faoi chúrsaí airm. Cad a dhéanfadh an Fhrainc, bhí an scéal ag dul ina gcoinnibh. Chuaigh Napoleon ag caint leis. Sin é an uair a chuimhnigh sé ar an bhfáinne gruaige. Chomh luath is a rug sé air thosaigh an ginearál ag éisteacht leis an oifigeach óg. Níorbh aon phiseog é seo, bhí an fear ag éisteacht! Ghlac sé le plean Napoleon ar fad agus taobh istigh de cúpla seachtain bhí na Sasanaigh ruaigthe as Toulon agus cáil mhór ar Napoleon.

 

Agus bhí ionadh an domhain air, fáinne Justine – bhí ádh mór ag baint leis! D'oscail sé an cóta is d'fhéach sé ar an bhfáinne. Chuimil sé a mhéar dó. “A Justine, a chroí,” a dúirt sé, “go maire tú i bhfad!”

 

As sin amach, d'éirigh le Napoleon cáil mhór a bhaint amach, agus bhí sé ag dul suas an dréimire céim ar chéim, le cabhair Justine. Faoi dheireadh, b'é an duine ba mhó sa bhFrainc – 'sé sin an domhan. Glaodh Impire na bhFrancach air agus is é a bhí sásta leis sin. Tháinig an Pápa ón Róimh aneas chun é a choróiniú, an rud is mó a tharla riamh i stair na Fraince. Ach má tháinig níorbh é a rinne an coróiniú.

 

Mar nuair a tháinig an lá mór agus móruaisle an domhain i láthair tharla rud fíor ait. Nuair a chonaic an t-Impire an Pápa agus teacht chuige leis an gcoróin rith smaoineamh an-aisteach leis: beir ar fháinne Justine. Shleamhnaigh sé an lámh isteach ina chóta go mall is rug air is má dein bhuail ar a cheann féin é.  An chéad duine ar domhan a rinne é féin a chóiriniú!

 

'Sea, lean an t-ádh é. Bhuaigh sé cath i ndiaidh catha cosúil le Marengo san Iodáil agus Borodino sa Rúis.  Agus chuaigh sé go dtí an Rúis leis an airm ba mhó a chonaic an saol riamh is thóg sé Moscó. Agus saighdiúirí uile an airm an-tsásta leis; gach rud a rinne sé, rinne sé le stíl é.

 

Ach tharla rud i Moscó. An chéad oíche a bhí sé ann bhí Napoleon istigh sa phálas seo, an Kremlin, agus bhí péintéir ag péinteáil pictiúir an Impire agus taobh thiar den Impire bhí Moscó ar fad le feiceáil.  Ach i lár na hoibre, stop an péintéir is dúirt, “A Impire dhil, féach tá á...

 

Ach stop an tImpire lena lámh é, “ná bac,” ar seisean, “pé rud é tá an pictiúr seo níos tábhachtaí.”

            “Ach a Impire, gabh mo leithscéal, a Impire, ach tá...

            “Ná bac,” arsa an tImpire.

 

            Ach lean an péintéir air, “ó, a Impire, tá Moscó trí thine!” Leath a bhéal ar Napoleon nuair a chas sé timpeall agus nuair a chonaic sé na lasracha.

 

Níl fhios ag éinne cad a tharla ina dhiaidh sin ach dhá lá ní ba dhéanaí, fuair Napoleon amach go raibh an cóta imithe.  Agus fáinne gruaige Justine! Rinne sé dearmad láithreach ar Mhoscó a bheith trí thine is chuir sé fiche oifigeach ag cuardach na háite chun teacht ar an gcóta. Ach theip orthu aon tuaraisc a fháil air. Bhí sé ag imeacht leis i ngach áit agus é ag caint leis féin, agus is ar na hoifigigh a bhí an t-ionadh; agus an cheist a bhí acu ar a chéile níos déanaí ná, “cé hí seo, Justine?”

 

Bhí deireadh leis an ádh, mar dódh Moscó amach agus bhí ar Napoleon agus an t-airm mór dul abhaile go dtí an Fhrainc. Bhí briste ar Napoleon, bhí briste ar an bhFrainc. Rinne na Sasanaigh príosúnach de agus sheol siad go dtí Elba é, oileán beag sa Mheánmhuir.

 

Ní raibh sé ar fad ina aonar ansin, tháinig na seanchairde go léir chun bheith leis. Ach bhí se uaigneach do dhuine a bhí tamall ina Impire. D'imigh na blianta, d'imigh an misneach.

 

Ach lá amháin tháinig an bhean seo go dtí an t-oileán ag triall ar Napoleon. Bhí beart á iompar aici.

            “A Impire,” ar sise, “ba m...

            “Ní Impire mise a thuilleadh, níl ionam ach príosúnach.”

            “Is Impire thú, a Impire dhil, oinigh, agus seo é an cruthú,” is thóg sí amach as an mála cóta síoda a raibh dath gorm is óir air; agus d'aithin siad go léir é, cóta impiriúil Napoleon agus é i Moscó.

 

            “Is mé Marie Foucaut, bean an valet a bhí agat i Moscó.”

            Thóg sé ina ghabhail uaithi é. Bhain sé boladh as, boladh Mhoscó, boladh dóite?  Ba chuma leis. Ach bhí eagla air, eagla air an cóta a scrúdú ró-mhion ... ar eagla go mbeadh ... chuir sé an cóta ar an gcathaoir. Shiúil sé chomh fada leis an scáthán.  D'fhéach sé ar an bhfear sa scáthán, fear beag, tanaí, nach raibh aon ghreann san aghaidh, fear a raibh rud éigin sna súile aige nach raibh ach cur síos amháin air, duine gan anam. Agus fear gan cóta galánta.

 

Rug sé ar an gcóta ansin is chuir air é. Tháinig air, las an aghaidh beagán. Tar éis tamaill fhada, thosaigh sé ag dúnadh an chóta leis na cnaipí. Nuair a bhí deireadh dúnta aige d'fhéach sé ar an bhfear a bhí sa scáthán. Fear a bhí ag athrú, fear a bhí ag fás. Bhraith sé a mhisneach ag filleadh air. Thug sé a dhrom leis an slua is shleamhnaigh sé a lámh isteach sa chóta. Mon Dieu! Bhí sé ann! Bhí an fáinne gruaige fós ann! Lig sé focal amháin as a bhéal, “Justine!” Ní raibh fhios ag éinne cérbh í ach thuig siad go léir go raibh athrú an-mhór tagtha ar Napoleon. Cén t-athrú é? É a bheith fásta troigh eile? Ní hea, é bheith ina Impire arís. Tháinig siad chuige ina gceann is ina gceann agus gach vive l'Imprereur astu.

 

Trí lá tar éis dó an cóta a chur air tháinig long i dtír ar Elba. Oifigigh airm ón bhFrainc a bhí ann.  Agus an scéal a bhí acu? Bhí an Fhrainc go léir ag feitheamh leis an Impire. D'fhág sé Elba agus nuair a shroich sé an Fhrainc chuir siad fáilte mhór roimhe. Gan aon mhoill bhí airm mór arís aige. Ach bhí airm ag na Sasanaigha agus airm eile ag na Gearmánaigh.  'Sea, tháinig na hairm go léir le chéile in áit darbh ainm Waterloo.

 

Go luath an mhaidin sin bhí Napoleon ar a chapall agus é lán-tsásta leis an scéal mar bhí crot maith ar a airm féin. Tháinig airm Wellington agus airm na Fraince le chéile agus bhí troid mhaith ann agus Napoleon ag buachtaint – go dtí gur tharla rud uafásach: Blucher!  An Gearmánach, bhí sé tagtha le hairm na Gearmáine! Blucher! Sin an uair a shleamhnaigh an tImpire a lámh isteach ina chóta. Ba bheag nár thit sé den gcapall, ní raibh an fáinne gruaige ann.

 

Ghlaoigh sé ar an valet nua a bhí aige agus nuair a tháinig sé fuair se amach go raibh an donas déanta. Bhí sé tar éis an “rud salach sin, an fáinne gruaige” a ghearradh den gcóta is é a chaitheamh isteach sa tine. Bhéic Napoleon, “Sa tine! Justine sa tine!” Ach bhí Blucher ag teacht agus bhí ar Napoleon troid a dhéanamh. Bhí fuar aige. Bhuaigh an dá airm eile air.

 

Sheol na Sasanaigh Napoleon go hoileán eile, St. Helena. Príosúnach arís! Tá a fhios ag gach einne cad a tharla ansin, tugadh nimh dó is fuair sé bás. Cé a thug an nimh dó? Is cinnte nár dhein sé féin é, is cinnte nár dhein a chairde é. Ach bhí an dochtúir Éireannach cinnte de rud amháin, b'é an focal deireanach as a bhéal ná “Justine!”

 

©2012 Seán Mac Mathúna

 

Author Links

 

Seán Mac Mathúna at CoisLife

'Accelerated Curriculum': prós le Mac Mathúna ag Gaeltacht Minnesota

Mac Mathúna ag Playography Ireland

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15