s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

BRÓGA JOHNNY THOMÁIS

le JACKIE MAC DONNCHA:

Léirmheas le Máirtín Coilféir

 

 

 

 

Máirtín Coilféir

 

Is as Co. na Mí do Mháirtín Coilféir. Chaith sé tréimhse i mBaile Átha Cliath ag staidéar agus ag obair agus faoi láthair tá sé ar fhoireann Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is breá leis an litríocht.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Bróga Johnny ThomáisBróga Johnny Thomáis

Jackie Mac Donncha

(Cló Iar-Chonnacht, 2012)

Tagairt: 978-1-909367-65-4

€10

 

Ceannaigh Bróga Johnny Thomáis ag Cló Iar-Chonnacht

 

 

 

Duine ar bith a bhfuil Gaineamh Séidte, duanaire Jackie Mac Donncha, léite aige, tuigeann sé nach furasta idirdhealú glan a dhéanamh idir an fhilíocht agus an prós ina chuid scríbhneoireachta. Tá dánta sa gcnuasach sin ar geall le scéalta gairide iad – ‘Slán le Loch Con Aortha’ agus ‘Yankee Doodle Dandy’, cuirim i gcás – agus murach na habairtí a bheith briste síos ina línte beaga iontu, b’fhéidir iad a bheith ina mblúirí beathaisnéise. Ní cáineadh é sin, gan amhras, ach a mhalairt: tá sé de bhua ag Mac Donncha go bhféadfaidh sé fuil the na filíochta a chur ag preabadh i gcuislí na cainte. Sna dánta is fearr leis, tugann sé speach do fhriotal seanchaite an chomhrá agus nochtann sé an áille i bhfolach sa léithe. Sea, áit éigin ar an teorainn idir an dán agus an duilleog dialainne a saothraíonn Mac Donncha a cheird go minic, feictear dom, agus feileann an cur chuige sin chomh maith céanna don eachtraíocht is a fheileann don éigse. B’fhéidir nach aon ionadh, mar sin, go bhfuil cnuasach gearrscéalta curtha amach aige anois; Bróga Johnny Thomáis an teideal atá air agus Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh. 

 

Tá téagar in Bróga Johnny Thomáis. Naoi scéal déag atá ann i mbeagnach dhá chéad leathanach, agus is díol suntais ann féin a éagsúla is atá cuid de na saothair sin ó thaobh stíle agus friotail de. Tá an gearrscéal traidisiúnta ann, mar a bheifí ag súil leis – an cur síos cruinn, fileata, réalaíoch a nochtann meandar suntasach nó splanc tuisceana i saol na príomhphearsan. Is í an stíl sin a tharraingíonn sé chuige féin sa chéad scéal féin, mar shampla, an scéal as ar ainmníodh an cnuasach agus an ceann is faide ann. Caitheann Johnny Thomáis, deoraí, beagnach an saothar ar fad ag cuimilt a bhróige le seancheirt agus, san am céanna, ag dul siar ar bhóithrín na smaointe faoin saol crua a bhí aige féin agus a chairde ar imirce i Sasana. Dá ghile is a éiríonn an bhróg aige is ea is dorcha a éiríonn a chuid smaointe féin: bíonn aislingí gruama agus cuimhní duairce aige go bhfeice muid sa deireadh seanfhear cráite caite a bhfuil anró an tsaoil fulaingthe aige ach beagán tairbhe nó sólás dá bharr.

 

Ní hé ‘Bróga Johnny Thomáis’ an scéal is fearr sa gcnuasach, sílim, ach réitíonn sé an bealach do chuid de na téamaí is na tréithe a fheicfidh muid arís is arís sa leabhar. Tá streachailt na beatha i gcoinne an bháis ann, mar atá i gcuid mhór de na scéalta; tá claonadh chun méaldráma ann sa mhéid is nach n-insítear ach a thragóidí is a bhí saol an phríomhcharachtair; agus, leis na taibhrimh a bhuaileann Johnny, feicimid an bhabhtáil idir an saol réalaíoch agus saol na samhlaíochta a thiocfaidh chun cinn arís in ‘An Poll’, ‘An tAdhlacóir’, ‘An Tuile’ agus ‘Biseach’. Go deimhin, tugann cuid mhaith de na saothair sa mbailiúchán cúl ar fad leis an réalachas agus léimeann siad thar bhruach chosán na loighce amach lena bhfuil d’fhantaisíocht, de bhuile, de mhire agus d’aistíl iontu. Tharla gur mó a shamhlaítear Mac Donncha le caint agus le saíocht oidhreachtúil mhuintir Chonamara, b’fhéidir go gcuirfeadh sé ionadh ar dhuine bheith ag léamh scéalta anseo faoi pothole sa mbóthar a shlogann bróga, faoi shaor bád as Conamara a bheith ag freastal ar Noah an Bhíobla, faoi fhear a bhfuil a chloigeann ar an taobh contráilte dá mhuineál. Tá meascán mór de chineálacha scéalaíochta anseo, rud a choinníonn spéis an léitheora go maith agus a chuireann go mór leis an leabhar. Ach ina dhiaidh sin níl a fhios agam an iad na saothair fhantaisíochta is fearr a fheileann do stíl agus do chumas Mhic Dhonncha. Bhraithfeá uaireanta go bhfuil cuid de na scéalta sin (‘Biseach’ agus ‘Idir Dhá Intinn’, mar shampla) an-chosúil le scéalta An Fear a Phléasc Mhichíl Uí Chonghaile, foilsitheoir an leabhair. Níl a fhios agam an d’aon ghnó é sin, ach feictear dom go gcuireann an múnla sin scéalaíochta srian ar mhórbhua an údair, is é sin, an cur síos ealaíonta a dhéanann sé ar ghothaí folmha agus ar fhocla fánacha an duine. Tá Mac Donncha ar an mbuíon beag sin de ghearrscéalaithe atá in ann caint chumhachtach na Gaeltachta a chur i gcuing na litríochta agus í a úsáid d’fhonn cruachás na beatha a shoilsiú. Is nuair a thugann sé faoi sin is ea is fearr é, creidim, agus ar an ábhar sin ba dheacair sleachta áirithe in ‘Aois na Céille’, mar shampla, a shárú. Sa scéal sin (a mheabhródh Liam Ó Flaithearta do dhuine), tá seansionnach ar na déithe deireanacha, í ag cuartú bia len í féin agus lena coileán a chothú. Is ríléir an scil neamhghnách atá ag Mac Donncha agus é ag tarraingt timthriall an bháis agus na beatha ina fháinne fhíochmhar álainn anseo, nuair a bheireann an sionnach ar choinín:

 

Dhírigh sí a fuinneamh, agus lean a srón. Scéin bhuile ina súile, ag dearcadh go slítheánta. Díocas uirthi le go mbainfeadh sí ceann scríbe amach roimh aon cheann eile dá cineál. Go mbeadh a fiacla báite sa bhfeoil the.... Chonaic sí ansin é. Súil ribe go daingean thart ar a mhuineál. É ag casadh agus ag lúbadh... Bhí a shúile ar tí pléascadh amach as na logaill.

      Fuair sí greim scóige air. D’fháisc a drad nó go raibh faoi ghlas. Thosaigh sí ag streachailt go círéibeach. Dá chartadh anonn is anall is thart timpeall. Cosa i dtaca aici ag tarraingt. D’airigh sí freang fiacla is carbad, ach níor bhog a greim. Bhí sé ag éirí támáilte. Mhothaigh sí an mhairbhe. É i gcróilí an bháis.... D’airigh sí creathán lag ag rith tríd an gcolainn bheag nuair a chrap na féitheacha, ansin níor chorraigh sé níos mó (94-95).

 

Mar a luaigh mé thuas, tá an bás fairsing in Bróga Johnny Thomáis. Feicimid daoine ag fanacht ar an mbás, duine ag síothlú ar a thaisteal dó, fear á bhualadh le stróc, an domhan á bhá le huisce agus go leor eile. Ar ndóigh, tá an bás ar cheann de na téamaí liteartha is seanbhunaithe dá bhfuil ann freisin, agus ní hannamh Mac Donncha ag dul siar in Bróga Johnny Thomáis ar ábhar agus ar mheafair eile atá feicthe againn go mion minic cheana. Féadfaidh sé a bheith contúirteach an seanghort céanna a atreabhadh ar an gcaoi seo, agus ní i gcónaí a fhaigheann an t-údar an fómhar a shantaíonn sé. Uaireanta, tá an léitheoir in ann teacht roimh an reacaire agus casadh cinniúnach an scéil a thuar dó féin, mar a tharlaíonn in ‘An tAdhlacóir’. Ach ba mhíléamh ar shaothar Mhic Dhonncha an cur chuige seo a chasadh leis. Fearacht na gcarachtar is fearr dá chuid, ní hí an nuálaíocht an chloch is mó ar a phaidrín, ach an tseancheird a dhéanamh go paiteanta agus go slachtmhar. Ar nós Johnny Thomáis féin i bpríomhscéal an chnuasaigh, is éard a theastaíonn uaidh ná snas a chur ar an tseanbhróg, loinnir a athchur san earra a bhfuil smúit na haimsire air. Is trína bhíthin sin, b’fhéidir, a fhéadfaidh Jackie agus Johnny araon an dorchadas mór a chloí, beagán de ghile na beatha a chur i nduibhe an bháis.    


 

 ©2013 Máirtín Coilféir

 

Author Links

 

Máirtín Coilféir ag NUI Galway

Coilféir ag Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15