s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

PÁDRAIG MAC FHEARGHUSA

 

 

 

 

Pádraig Mac FhearghusaD’fhoilsigh an Clóchomhar céad-leabhar filíochta Phádraig Mhic Fhearghusa, Faoi Léigear, i 1980. Gnóthaigh na cnuasaigh Mearcair (Coiscéim, 1996) agus An Dara Bás (2002), príomhdhuaiseanna filíochta an Oireachtais dó. I 1997 a d’fhoilsigh sé Tóraíocht an Mhíshonais (Coiscéim), méar ar eolas i nGaeilge ar shíceolaíocht Freud agus Jung. Thuill teidealdán an chnuasaigh is déanaí leis, Geasa, duais idirnáisiúnta Cholmcille ag Béal na mBuillí in 2009. Tá sé ina eagarthóir ar Feasta, míosachán liteartha agus polaitíochta Chonradh na Gaeilge. Cónaíonn sé i dTrá Lí.

 

 

 

 

 

 

An Ghrian

 

 

Cad leis a bheifeá ag súil

ach go n-aiséireoidh an ghrian:

má ghabhann fé, mar is dual di,

fáinneoidh arís ar maidin?

 

Gan dabht, fáinneoidh, a deirir, 

deargóidh ar néallta maidne,

spréifidh scáil ar fharraigí   

is teas ar fuaid an tailimh.

 

Och, mo léan do cheann cipín, 

nach breá go deo a gcreidir,

go dtarlaíonn a dtarlaíonn dúinn

de bhrí gur tharla cheana!

 

Ach meabhraigh seo, a ghliúcaigh,

agus sraith á tabhairt agat

dod’ cholainn, go dtiocfaidh lá, 

is go n-aiséireoidh an ghrian ...

 

 

©2013 Pádraig Mac Fhearghusa

 

 

 

Author Links

 

Pádraig Mac Fhearghusa ag Vicpéid

Mac Fhearghusa ag Irish Writers Online

Ceannaigh Geasa agus dánta eile le Pádraig Mac Fhearghusa ag Coiscéim.ie

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15