s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

BERNADETTE NIC an tSAOIR

 

 

 

 

Bernadette Nic an tSaoir

Corcaíoch í Bernadette Nic an tSaoir a tógadh i Leaca Rua agus i mBaile na mBocht sa chathair sin. Múinteoir gairmoideachais ab ea í i gCill Chainnigh le blianta fada ach tá sí fillte anois ar a dúchas agus í ag maireachtaint i nGarrán na mBráthar ar an dtaobh ó thuaidh den chathair mar a mbíonn sí ag obair mar aistritheoir/eagarthóir agus ag scríobh. Tá ceithre leabhar filíochta aici foilsithe ag Coiscéim – Lusanna Gréine (2005), I gCistin Dé (2008), Ór ar Chrann  (2011) agus Cathair mar a Tuairisc agus póirsí eile (2013) – maraon le haistriúchán ar dhánta Béarla leis an bhfile Helen Dwyer dar teideal Faire foilsithe ag Lapwing 2010.

 

 

 

 

 

 

Traein Faoi Thalamh

(Do Bob Welch)

 

Ba bhreá liom sibh a thuiscint

Pobal cráite Kerouac

An corp os cionn talún

An t-anam go doimhin thíos faoi

I ndomhan leis féin ag tochailt óir

Ór grá gan teorainn

Ór óige gan chreimeadh

Ór aoibhneas gan smál

Ór aisling gan dúiseacht

Ór le teacht ach go bhfaighir an próca

Sar i bhfad ag an gceann scríbe ...

 

Cuimhním oraibh fós a chréatúirí

Pobal fáin Kerouac

Is fós ba bhreá liom sibh a thuiscint

Ach n’fheadar anois cá bhfuil sibh

Ar an aistear úd gan taise

Ag tochailt óir faoi chóistí

Ar thraein a réabann léi faoi thalamh

 

 

©2013 Bernadette Nic an tSaoir

 

 

Author Links

 

Nic an tSaoir at Coiscéim

Poem by Nic an tSaoir in Feasta

Ceannaigh Caithair mar a Tuairisc agus póirsí eile ag Coiscéim

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15