s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

COLM Ó CEALLACHÁIN

 

 

 

 

Colm Ó Ceallacháin

 

Is scríbhneoir próis é Colm Ó Ceallacháin. Tá cónaí air i gCorcaigh. Bhuaigh sé an chéad duais ag Comórtas Liteartha an Oireachtais i 2012 i rannóg na scríbhneoirí nua.

 

 

 

 

 

 

 

 

'You Will Be Pore'

 

 

Nuair a d’fhág mo bhean mé, ní raibh a cleachtas féin bunaithe fós aici.  Anois ar ndóigh is comhairleoir phríobháideach í, ach san am sin bhí clinic á roinnt aici le dochtúirí eile.  Bhí mé ann cúpla uair, ag lorg a síniú ar cháipéisí oifigiúla, agus bhíodh sé i gcónaí lán go doras.

“D’ainm?” a d’fhiafraigh an rúnaí go gonta díom, ar mo chéad chuairt ann.

Nuair a thug mé di é, chuaigh sí ag cuardach mo chomhad.

“Ní fheicim d’ainm anseo” a dúirt sí liom.  “An bhfuil tinneas éigin ort?”

“Mo phósadh amháin” a d’fhreagair mé í, is níor labhair sí arís liom a fhad is a bhí mé san áit.

Shuífinn i measc máithreacha óga agus a bpáistí, mé sáinnithe i leathanaigh irise, ar camchuairt leadránach trí pháláis Sir Elton agus Posh.  Na páistí seiftiúla sin, ag broimneach is ag casachtach, b’iad an t-aon chlann a bhí riamh againn.  Le pinn dhaite agus páipéar, chruthaigh siad a gcluichí féin agus iad ina suí ar urlár an tseomra feithimh.  D’fhéachfainn orthu, ag filleadh is ag gearradh páipéir nó go mbeadh bláithín déanta acu de, dath difriúil ar gach peiteal.  Roghnófaí dath ansin, is nuair a d’osclófaí an peiteal bheadh tairngreacht le léamh faoi.  Ar an lá deireanach agam sa chlinic, sular síníodh teastas báis ár bpósta, rinne mé m’fháistine.  Phioc mé suas bláithín a bhí caite ar an urlár, is d’oscail mé peiteal dearg.  ‘You will be pore’ a bhí scríofa air.  Glaodh ansin orm, agus chaith mé uaim é.  Ní haon ionadh gur fhág mo bhean mé, ise atá chomh pointeáilte, agus mé gafa de shíor le cluichí páistiúla.  É sin agus gur bhuail sí le fear eile.

 

          Ag an am sin níor thóg mé ceann do thuar seo na bpáistí, ó bhí ár dteach díreach díolta againn.  Dá ndéarfaí liom go raibh mé le bheith bocht, dhéanfainn gáire.  Tar éis an morgáiste a íoc bhí brabach ag teacht chugainn, ach níor ghlac mo bhean lena sciar de. 

“Tá  m’éiric íoctha anois agam,” ar sí.  “Déan do rogha rud leis an airgead.”

B’in ceithre bhliana ó shin, ach cuimhním uirthi inniu agus mé ag siúl isteach in árasán mo thionónta.  Áit bheag í.  Seomra leapa, seomra folctha, cistin, seomra suite agus balcóin chúng ceangailte leis.  Ní fiú siúl amach ar an mbalcóin mar níl radharc uaithi ach ar árasáin eile, iad leathchríochnaithe.  D’oscail mé na doirse mar sin féin, is chuaigh amach.  Bhí stocaí is fo-éadaí á dtriomú ar líne, cuid acu chomh beag sin gurbh dheacair iad a shamhlú ag clúdach aon bhall coirpe.  Ní chaitheadh mo bhean a leithéidí.  Domsa, ar chuma ar bith.  Phioc mé suas ceann, is chuimil de mo leiceann é.  D’airigh an lása go deas.  Bog.  Cumhra.  Chuimhnigh mé ar cá raibh mé, is d’imigh isteach go gasta.  Bhí slám airgid ar an mbord, agus nóta beag ag dul leis.  ‘Brón orm faoin moill! ☺’  An cíos a bhí ann, nó sciar de.  Níor íocadh mé le trí mhí roimhe seo.  Rinne mé an t-airgead a chomhaireamh is chuir i mo phóca é.  Bhí mé ar tí an doras a oscailt nuair a chonaic mé a fo-éadach fós i mo lámh.  Chaith mé ar an líne é, dhún doirse na balcóine, is amach liom.

 

          Níor fhan an t-airgead ó dhíol ár dtí i bhfad i mo chuntas.  Fuair mé iasacht ón mbanc, chuir an t-airgead léi, is cheannaigh dhá árasán.  Bhog mé isteach i gceann díobh, chuir an ceann eile amach ar cíos.  D’íocadh an cíos mo mhorgáiste, agus bheadh sé agam le díol i gceann tamaill.  Infheistíocht i réadmhaoin – ba rosc catha na haoise é.  Inniu,  gan ach ceithre bliana imithe thart tá téarma eile, díluacháil mhaoine, i bhfaisean.  Is bean óg í mo thionónta, bean ghnóthach.  Ní fheicim ach corruair í, ach faighim téacsanna uaithi nuair a bhíonn sí ag lorg cairde ar an gcíos.  Is tiarna talún mé, cé gur mó go mór costas m’iasachta ná luach mo thiarnais.  Ach nach cuma.  Tá aisling ghéar feicthe agam i seomra feithimh dochtúra, cluiche páiste agus é caite i leataobh.  Beimid go léir beo bocht sar i bhfad.

 

          “Caith siar é.  Sin é.  Maith thú!”

          Tar éis an cíos a bhailiú, bhuaileas isteach go bialann bheag atá in aice láimhe.  An t-am sin tráthnóna, ní raibh ann romham ach bean óg is a leanbh.  Ag feitheamh ar mo bhéile, thosnaigh mé á bhfaire.  Bhí ocras ar an leanbh.  Ba bheag nár shlog sé spúnóg a mháthair.  Ag alpadh siar an bhia dó, chuir sé ainmhí sa zú i gcuimhne dom, ceann éigin a bhí feicthe agam blianta roimhe.  Ioguána nó toirtís nó rud éigin, ag caitheamh píosaí feola siar isteach ina bhráid gan chogaint.  Agus a mháthair, fionnadh éadrom ar a haghaidh agus a fabhraí fada, ba chosúla í le heilit chúthail, í ar strae sa chathair.  Bhí sí go hálainn.  Ní hé sin le rá go luífinn le fia, ach fós... Bhí malaí dubha ag mo bhean, agus ribí dorcha ar foluain os cionn a beola.  Bhí sise go hálainn freisin, ach níor luíomar le chéile mórán sna blianta deireanacha.  Bhíodh sí ag obair go déanach, gan uaithi ach greim bia agus roinnt teilifíse nuair a thagadh sí isteach.  Bhínn ag feitheamh di, ag cur thar maoil le caint, ach chiúnaíodh sí mé nó go mbíodh na sobaldrámaí thart is ansin bheadh sí róthuirseach.  Ní fhaighim locht uirthi, mar bhí an obair dian.  Nuair a d’fhág sí, níor thóg sí léi ach lán mála dá héadaí is dá seodra, is dúirt liom an fuílleach a sheoladh go siopa Oxfam.  Chonaic mé, i measc an méid a fágadh, cuid mhaith rudaí a bhí ceannaithe agamsa di.

 

Fuair mé litir ón mbanc inné ‘ag tabhairt cuireadh dom’ an iasacht a aisíoc, seachas ús na hiasachta mar atá á dhéanamh agam faoi láthair.  Déanta na fírinne ní thuigim an difear, ach aithním go mbeidh mé thíos leis.  Nuair a ghlaoigh mé ar an mbanc, bhí siad tuisceanach. 

          “Go minic,” a dúirt Liam ó sheirbhís na gcustaiméirí liom, “gluaiseann an geilleagar go timthriallach.  Cúlú anois, borradh ar ball.”

          “Go díreach!  Luaigh mé an rud céanna le Maria, ach nach raibh mé leath chomh deisbhéalach.”

          “Maria?”

          “Mo thionónta.  Tá sí i bhfiacha liom.  Táim i bhfiacha leis an mbanc, an banc i bhfiacha leis an Stát, is an Stát leis an saol mór.  Ach tiocfaidh borradh faoi chúrsaí arís, mar a deir tú.  Idir an dá linn, déanaimis ár ndícheall.  Beidh mé i dteagmháil, Liam.”

          Níl sé éasca bheith i seirbhís custaiméirí ar na laethanta seo.  Beidh orm coinne a dhéanamh le Maria, leis an gcíos a phlé.

 

          Ní rabhamar riamh in oiriúint dá chéile, mé féin is mo bhean, ach bhí sí sásta triail a bhaint as rud ar bith.  Tar éis di cáiliú mar dhochtúir fuair sí obair i Londain, agus lean mise thall í.  Phósamar i dtús na Bealtaine, nuair a bhí na crainn silíní faoi bhláth ar fud na cathrach.  Nuair a thángamar amach as an oifig bhí an ghaoth ag séideadh, na bláthanna ag titim anuas orainn beirt. 

          “Anois” a d’fhiafraigh mé di faoin gcith bándearg seo, “an bhfuil tú sásta?”

          “Ná bac liomsa, ach an bhfuil tusa sásta?”

          Bhí fios maith aici go raibh.  Thógamar an traein go Brighton, ag súil le cúpla lá a chaitheamh ann.  Bhí dearúdta againn go raibh an Fhéile faoi lánseol ann, an tseachtain ba ghnóthaí sa bhliain acu.  Ní raibh seomra le fáil sa bhaile.  Ag filleadh ar Londain dúinn, chuimhnigh mé go raibh cara curtha i bhfeighil an tí againn don deireadh seachtaine.  Chaitheamar mí na mealla ar an dóigh sin, an triúr againn in aon sheomra amháin.  Níorbh fhada nó go bhfuair sí tairiscint oibre ón gclinic, is d’fhilleamar abhaile.  Bhí mé ag scríobh i gcomhair cúpla nuachtán thall, is bhí fonn orm leanúint leis an obair sin anois.  A bheith ag insint scéalta, ní raibh uaim ach sin, is ár dteach féin a bheith againn.  Mise a mhol di glaoch ar an gceantálaí, is bhain sí triail as.  Bhain sí triail, thart faoin am seo, as caidreamh eile freisin.  Bhí an teach ceannaithe againn  is muid socraithe síos ann, sular fuaireas amach faoi.  Anois bheadh scéalta go leor le hinsint agam.

          “Tusa is ansa liom,” ar sí, “ach b’fhearr dom imeacht sula n-éirimid tuirseach dá chéile.”

          Agus í ar feadh an lae ag dáileadh sóláis ar othair, ní raibh mórán fágtha aici domsa.  Nuair a bhíonn caife anois agam léi, cúrsaí fir a bhíonn á crá go fóill.  Cén mhaitheas í ag lorg comhairle uaimse, nár éirigh tuirseach fós di? 

          “Ná bac leo” a deirim léi, is insím di faoi mo thrioblóidí féin.  Nuair a chuala sí faoi fiacha mo thionónta, bhí sí le báiní.

          “Cuir an ruaig uirthi” ar sí, ag scuabadh brus a briosca dá croiméilín.

“Beidh orm déileáil leis na gearáin ar dtús.”

          “Gearáin?”

          “Tá daoine ag teacht is ag imeacht aici de ló is d’oíche.”

          “Níl tú ag rá...”

          “Teachín striapachais atá agam, de réir dealraimh.”

          Bhí uirthi an cupán a leagan síos, an racht gáire a tháinig uirthi.

          “Bhí an mí-ádh riamh ort ó thaobh na mban de.  Ach is éasca ná riamh bata agus bóthar a thabhairt di i ngeall ar sin.”

          “Is dócha é.”

          “Gan amhras.  Tá sí ag briseadh an dlí.”

          Chaith sí siar a caife is rinne gáire arís.

          “Bean sráide!”

 

          Bhí úire i solas na gréine, ag fógairt go raibh deireadh tagtha le laethanta dorcha an gheimhridh.  Bhí doirse na balcóine ar oscailt ag Maria, cé nach raibh éadaí á dtriomú inniu aici.  Mé ag ól go mall ón mbeoir a bhí tugtha aici dom, bhí drogall orm an suaimhneas a lot.  Ar deireadh thóg mé slog fada, is leag mé síos an buidéal.

          “Maria, cad a dhéanfaimid faoi na gearáin go léir?”

          “Go bhfoctar iad!  An bhfuil mé ag cur as dóibh, mé ag sracadh leis an saol chomh maith le duine acu?”

          “Tuigim, ach cuimhnigh go bhfuil ceamara slándála amuigh sa dorchla, ag comhaireamh do chuid cuairteoirí.  Is leor sin le tú a dhíbirt.”

          “Ach is leatsa an árasán, ná bac leis na béalchráifeacháin eile.”

          “Agus cad faoin gcíos?  Tá tú mall arís.”

          “Mall?  Conas?”

          “Níor íoc tú mé le trí mhí anuas.”

          “Níor íoc, ach fuair tú seirbhísí eile ina áit.”

          D’fhéach mé amach thar an bhalcóin.  Ní raibh na hárasáin eile críochnaithe fós, chonaic mé.

          “Maria, tá cion agam ort, ach caithfear sin a scaradh ó chúrsaí gnó.”

          Scairt sí amach ag gáire.

          “Cion!  An é sin a ghlaonn tú air?  Dod’ bhrú féin orm, is an cíos agat mar bhata i mo choinne.  Ach bíodh sin mar atá.  Má tá áireamh déanta ar líon mo chuairteoirí, tá taifead agamsa de gach téacs agus glaoch uait le leathbhliain anuas.  Má táim le díbirt, beidh spéis ag na Gardaí ina leithéidí.  Agus maidir leis an gcíos de, bhí mé ag smaoineamh go raibh sé ró-ard agus an costas maireachtála mar atá.  Cad faoi laghdú, abair fiche faoin gcéad in aghaidh na míosa?”

          Bhí an ceart ag mo bhean.  Bhí an mí-ádh riamh orm i leith na mban.

 

©2013 Colm Ó Ceallacháin

 

 

Author Links

 

Colm Ó Ceallacháin ag Cogar

Colm Ó Ceallacháin ag Gaelport

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15