s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

AN FUÍOLL FEÁ—ROGHA DÁNTA

le LIAM Ó MUIRTHILE:

Léirmheas le Pádraigín Riggs

 

 

 

 

Pádraigín Riggs

 

Bhí ina léachtóir sinsearach i Roinn na Nua-Ghaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, go dtí anuraidh, marar mhúin sí cúrsaí litríochta. Ar scor ón Ollscoil anois. Bíonn sí ag scríobh agus ag rith.

 

 

 

 

 

 

 

 

An Fuíoll Feá: Rogha DántaAN FUÍOLL FEÁ—ROGHA DÁNTA

Liam Ó Muirthile

(Cois Life, 2013)

Tagairt: 9781907494352

€20 Bogchlúdach

€30 Crua le CD fuaime

Ceannaigh An Fuíoll Feá ag Cois Life

 

 

Sa réamhrá a chuir sé lena chnuasach nua, An Fuíoll Feá-Rogha Dánta tagraíonn an file, Liam Ó Muirthile, don gcaidreamh idir an dá theanga, Béarla agus Gaeilge, i saol na hÉireann agus go háirithe, ina shaol féin mar scríbhneoir, agus míníonn sé  na cúiseanna gur roghnaigh sé an Ghaeilge mar mheán liteartha. Míníonn sé, ansin, cad a thug air a shaothar a chur ar fáil anois, i bhfoirm aistriúcháin. Is tábhachtach leis próiseas seo an aistriúcháin. Ní ar mhaithe le pobal léitheoireachta níos leithne a chothú dá shaothar ná ar mhaithe le aitheantas a bhaint amach dó féin mar fhile ‘Éireannach’ a thug sé faoin bpróiseas, áfach, ach mar chuid den ngníomh cruthaitheach. Mar fhile - agus, go deimhin, mar scríbhneoir próis - caitheann Ó Muirthile dua neamhghnách le saothrú na bhfocal, focail a iompraíonn saol na Gaeilge agus saol an Bhéarla araon. Mar adeir sé: ‘For any work to have the possibility, at least, of being meaningful, an integrated language must emanate from the unconscious. This may take the form of two or more or many languages, a creolised mix, but a form which in itself has a wholeness of being of its own.’  Go deimhin, tá an meascán nó an caidreamh san ina théama aige, i gcuid des na dánta is fearr dá chuid agus ní hamháin ina théama, mar is aon ní amháin, dar leis, le fond et la forme.  Léiriú an-chumasach ar a bhfuil i gceist is ea an dán gairid i dtosach an leabhair, a thugann blas dá bhfuil ag teacht ina dhiaidh, mar a dheineann an réamhcheol  i dtosach an cheoldráma;  tá an teideal céanna ar an dá leagan den dán, an t-ainm Béarla, ainm dhroichid cháiliúil i gcathair Chorcaí, ‘The Shaky Bridge’; bíonn brí eile leis an droichead faoin línedheireanach, áfach:

 

An droichead crochta

A bhainimis amach

Chun é a chroitheadh

Le spleodar óige amháin.

 

Samhail gan meirg gan mairg

Idir bruacha dhá theanga

Ag croitheadh i mbun dáin:

Droichead Uí Ríordáin.

 

Is é an rud is mó a léiríonn an cnuasach dátheangach  seo, ná nach féidir an leagan Béarla des na dánta ann a thuiscint i gceart gan eolas a bheith agat ar an nGaeilge ach nach féidir an leagan Gaeilge a thuiscint i gceart, ach oiread, gan eolas a bheith agat ar an mBéarla, sa tslí go bhféadfaí a rá nach ‘aistriúchán’ atá i gceist, i ndáiríre, ach - mar adeir an file féin, sa dán ‘Sanas’:  ‘ailceimic úrnua’. 

 

Téama mór eile, agus sampla eile d’aontacht ábhar agus fhoirm an dáin, is ea téama na ceardaíochta. (Go deimhin, tagraíonn teideal an leabhair seo féin do cheird an tsiúinéara.) Féach, mar shampla, ar an dán  ‘Ailt Bhunúsacha’ . Tá sé seo ar cheann des na dánta is cumasaí, agus is corraithí de chuid an fhile seo;  is caoineadh é ar dheartháir a cailleadh agus ar óige an fhile, is dán é ar ghrá athar dá mhac agus ar mheas an mhic ar a athair, ar an gcaidreamh idir athair agus mac, agus is dán é a thugann dhá theanga an fhile le chéile:

 

Ailt a shiúntaíonn ina chéile

Mo dhá theanga cheirde….

 

San aistriúchán ar an tríú mír den dán, an t-aon mhír a thagraíonn (go hindíreach) don tubaist is bun agus is barr leis an gcaoineadh, bás an dearthár,  tá sampla den ‘ailceimic úrnua’ a luaigh an file:

 

Leathalt crosach sna raillí trasnánacha boird

Is sa chrois téice os cionn uaigh mo dhearthár,

Sheinn m’athair caoineadh méaralt lena ladhra

Ar an bhfíor chuilithineach darach dá  mhac faoi chlár.

 

One cruciform joint in the crossing table-rails

And in the teak cross above my brother’s grave,

My father stroked a lament with his thumbs

On the fiddleback figure in oak for his coffined son.

 

Ní aistriú ar an mbriathar ‘sheinn’ an focal ‘stroked’ - ach tá an briathar Béarla lán oiriúnach, gach pioc chomh héifeachtach leis an bhfocal Gaeilge,  chun an tocht bróin a chur in úil. Éacht aistriúcháin.

 

Ag tagairt, arís, dá chaidreamh ar dhá theanga na hÉireann, deir an file: ‘I am a native speaker of English but a poet and writer in irish, which I learned at school, in the Gaeltacht and from reading extensively.  As a youngster, too, it was still possible, among my own extended family and the wider community in West Cork, to hear the Irish language through English or more properly Anglo-Irish, which is both an unnerving and exciting sensual and aural experience.’ Is cinnte go bhfuil máistreacht aige ar Ghaeilge na Gaeltachta. Is léiriú spéisiúil ar an gcoibhneas idir Gaeilge na Gaeltachta agus an Béarla an dán ‘Athghabháil na Speile’, áfach. Scríobhadh an dán seo i gcuimhne ar Mhicilín Breatnach, ón Riasc, i gCorca Dhuibhne agus is dán an-chumasach é, a tharraingíonn ar shaintéarmaíocht na spealadóireachta - ceird thraidisiúnta sa cheantar sin. Éiríonn leis an bhfile uirlis a sheanmháistir a athchruthú i dteanga na Gaeltachta ach is uirlis ar bheagán éifeacht í sa leagan Béarla:

 

Leis an sciúird chéanna áthais suas an tsráid

Tugaim fogha faoin scraith sa pháirc,

Is mo chéad scrabha bainte.

 

… Cé go bhfuilim chomh ramhar leis an mbéal maol

Ar cheird gheal an spealadóra,

Táim faobhrúil le díochas foghlaimeora.

 

Sí d’uillse a stiúraíonn ón Riasc mo bhuille,

An graisnéil ón gcrann

Go daingean sa lann.

 

Ní hiad na poill atá ann ach do dhá shúil ghlé

A rinc im dhiaidh aniar thar teora,

Im theannta anois i váls an chomhbhuainteora.

 

…With the same joyous dash up the street

I attack the first mat of grass in the field

And soon it’s mown.

 

Though I know little

Of the bright craft of scything,

I’ve the sharpness of a keen learner.

 

Your elbow from Reask steers my strokes,

The grass-nail from the handle

Secured in the blade.

 

Those are not holes but your two bright eyes

Dancing behind me coming from the west,

Reaping alongside in a combined waltz.

 

Ní hé ná fuil na focail cruinn - táid - ach ní hann don uirlis ná don saol arb as í tré mheán an Bhéarla. Tá Gaeilge na Gaeltachta agus saol an Bhéarla beag beann ar a chéile, sa chás so. (Sin é bun agus barr an dain, ar ndóigh - dán an fhoghlaimeora, mar chomhartha omóis dá mháistir, an fear Gaeltachta  - d’fhéadfaí a rá gur móide an omós laige an aistriúcháin.)

 

Is leabhar substaintiúil é seo, ina bhfuil rogha dánta ó na cnuasaigh a foilsíodh idir 1984 agus 2007 - Tine Chnámh, Dialann Bóthair, Walking Time, An Seileitleán agus dánta seilí eile, Dánta Déanta  agus Sanas  chomh maith le dánta nua. Is leabhar tábhachtach é, agus is mithid a leithéid a bheith ar fáil, ionas go mbeidh teacht ag pobal fairsing léitheoireachta ar shaothar an fhile is mó, dar liom, den ghrúpa san ar a dtugtar ‘filí Innti’. Tá réimse shaothar Uí Mhuirthile an-leathan, tá tuiscint ann do thraidisiún liteartha na Gaeilge ach tá nuaíocht ag baint leis san am gcéanna.  Tá an leagan Béarla de gach dán ar aghaidh an bhunleagain amach, mar a bheadh scáil sa scáthán. Is é Gabriel Rosenstock an príomhaistritheoir, a d’oibrigh i bpáirt leis an bhfile féin, ach tá aistritheoirí eile i gceist chomh maith, mar shampla Greg Delanty, Ciarán Carson, Bernard O’Donoghue, Caoimhín Mac Giolla Léith (a scríobh Réamhrá leis an leabhar). Chomh maith leis an gclúdach álainn, tá cúig cinn de léaráidí istigh sa leabhar, ó shaothar an ealaíontóra Marie Foley, a chuireann go mór le hionracas ealaíonta an tsaothair agus mar dhuais bhreise, tá dlúthdhiosca iniata sa chlúdach thiar, ar a bhfuil leathchéad dán, á léamh ag an bhfile féin agus ag Gabriel Rosenstock . Tá éacht déanta ag foilsitheoirí an leabhair seo  - ní hamháin gur lón é don intleacht agus don anam, ach is féasta é don tsúil agus don gcluais chomh maith. 

 

 

 ©2013 Pádraigín Riggs

 

Author Links

 

Pádraigín Riggs ag Cló Iar-Chonnacht

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15