s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

BALLA AN CHUAIN

le GRÉAGÓIR Ó DÚILL:

Léirmheas le Ciarán Mac Murchaidh

 

 

 

Ciarán Mac Murchaid

Tá Ciarán Mac Murchaidh ina Cheann Scoile ar Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath. Prós cráifeach na Gaeilge san 18ú haois, genre na seanmóireachta go háirithe, an réimse is mó a bhfuil spéis aige ann. Tá ailt éagsúla scríofa ar an téama sin aige agus, i gcomhar leis an Ollamh James Kelly (Coláiste Phádraig, Droim Conrach), is é Irish and English: Essays on the Irish linguistic and cultural frontier, 1600-1900 (Four Courts, Dublin, 2012) an saothar is déanaí uaidh. Bhí sé ina eagarthóir ar dhá dhíolaim dhátheangacha filíochta, Lón anama (Cois Life, Baile Átha Cliath, 2005) agus Filíocht ghrá na Gaeilge (Cois Life, Baile Átha Cliath, 2008). Tá suim ar leith aige i ngramadach na Gaeilge agus is é údar Cruinnscríobh na Gaeilge é (5ú hEagrán, Cois Life, Baile Átha Cliath, 2013).

 

 

 

 

Balla An ChuainBalla an Chuain

Gréagóir Ó Dúill

(Coiscéim, 2014)

Tagairt: 6660012140145

€7.50

 

Ceannaigh Balla an Chuain ag Coiscéim

 

 

 

 

Thar aon chnuasach eile de chuid Ghréagóra Uí Dhúill atá léite agam go fóill, braithim máirseáil an ama go láidir ar an cheann áirithe seo agus tuiscint chuimsitheach an fhile ar shaibhreas an tsaoil seo dá bhrí sin. Suíonn an chéad dán sa chnuasach, ‘Cloig ar mo Dhoirnibh’, an comhthéacs dá leanann é. Ag caint don fhile ar a theach i nGaeltacht Dhún na nGall, áit atá ina thearmann cruthaitheachta aige, marcálann na cloig imeacht an ama ach is bealach miosúir ag an fhile iad fosta faoina bhfuil curtha i gcrích aige: ‘Líon mé tearmann seo na saoirse le faireoirí dheachtóir an ama/ a gcroíthe ag síorbhualadh gan trócaire, sleá an aláraim réidh acu,/ iad ag creimeadh leo, tuilleadh teannaidh ar mo scornach.’ Aithníonn Ó Dúill a bhfuil déanta aige go dtí seo mar fhile agus, in ainneoin go mothaíonn sé greim Fhear Liath na Speile ar a scornach, tuigeann sé go bhfuil a thuilleadh le tabhairt aige go fóill agus go gcaithfidh sé teacht i dtír go rathúil air sin san am atá le teacht. Sciobann a bhean chéile na cloig amach as na seomraí éagsúla ach ‘Nuair a imíonn sí/ bheirim gach clog ar ais chun a láithreach féin, is féachaim/ le mo chuimhne ag an ghaoith a scríobh san am atá ar fáil,’ a deir an file. Is é sin go díreach atá ar bun ag Gréagóir Ó Dúill sa chnuasach seo, dar liom, agus is téama é a mheabhraítear don léitheoir go rialta i ndánta ar fud an tsaothair. In ‘Teacht agus Imeacht’, mar shampla, filleann Ó Dúill ar an téama i gcruth an nádúir. Fás iomadúil leanúnach phlandaí a ghairdín atá mar ábhar sa dán agus an tsíorthroid a bhíonn ar siúl aige féin smacht a choinneáil orthu. Staidéar cliste atá ann ó pheirspictíocht neamhghnáthach na bplandaí ar a theacht agus a imeacht féin, agus machnamh á dhéanamh ag an fhile faoi chonair a shaoil féin i gcomhthéacs chiorcal na beatha.

 

Anuas ar shnáithe lárnach an ama agus a imeacht, is é an láimhseáil agus an ionramháil a dhéanann an file seo ar theanga agus an úsáid a bhaineann sé as an íomhá chliste agus an meafar réidh is mó a mheallann mo shúil agus mo chluas, áfach. Is é an dóigh a dtig leis radharc a bheoú agus a nádúrú lena fhriotal stuama tomhaiste is mó a thugann pléisiúr agus aoibhneas domh mar léitheoir.  Sa dán ‘Bougainvillea’ as ‘Sraith Lanzarote’, tá an cur síos ar thitim na bpiotal beag ina steillbheatha romhainn amach, an pictiúr in intinn an léitheora chomh cruinn glan gléineach sin is a d’fhéadfadh duine a fheiceáil lena shúile féin:

 

Séideann siad sa ghaoth bhog, chomh héadrom is atá siad,

piotail bhándearga an bougainvillea

anuas de na crainn cois linne.

 

Damhsaíonn cuid acu isteach ar dhoras an óstáin, geal sna pasáistí

chun na seomraí luí,

mar a bheadh blátha ar mhórshiúl Corpus Christi

confetti faoi chois lánúna.

 

Cuid eile, snámhann ar uisce corraithe na linne

go ngreamaíonn le caipíní snámha na seanbhan, na ngirseacha.

 

Sa liric bheag, ‘Tráthnóna’, meascann Ó Dúill doiléire agus soiléire na teanga i gcúig líne ghairide sa dóigh go ndéanann sé radharc fisiciúil agus taithí íogair an fhile a fhí ina chéile le gur deacair an ceann a aithint óna chéile: ‘Tugann an tráthnóna do na scáileanna, do gach imlíne/ a doiléire féin/ tuilleadh léithe sa dobhardhath,/ spéir agus páirceanna gan scéal,/ imithe ó aithint.’ Téann sé i muinín gutháin póca le ráiteas fealsúnta a dhéanamh faoi chúrsaí cumarsáide an lae inniu sa dán ‘Fón póca’. An gaireas sin atá in ainm is a bheith ina éascaitheoir cumarsáide idir daoine, is minice ina bhac ar an chumarsáid chéanna é. Is é an duine féin a dhéanann an chumarsáid ar ndóigh ach, ar nós na teicneolaíochta féin, ní i gcónaí is féidir brath ar an duine agus, ar nós an duine, imíonn sé bealach an mheatha ar deireadh fosta: ‘Fón póca i dtarracán,/ cadhnra ina chnuimh ag cogaint.’

 

I ‘Sraith Lanzarote’ a luadh cheana féin, tá ocht ndán déag ar spreag cuairt an fhile ar an oileán sin iad. Fiú sa tsraith seo dánta, a bhfuil gealchroí an tsamhraidh agus na só ag rince tríothu, tá macallaí d’imeacht an ama le brath anseo is ansiúd sa mheidhir. Sa dán ‘Eitilt’ agus an file ag trácht ar chúrsaí eitilte ó thús ama, úsáideann sé cás Concorde agus a himeacht - ‘nár fhreagair sí don tsaol seo Ryanair’ – le trácht ar dhul chun cinn shaol teicniúil an aonú haois is fiche – dul ar gcúl an dul chun cinn, ar shlí. Ar éigean a gheofá cur síos ní b’fhearr ar an eitleán sin in áit ar bith: ‘gob in airde, eireaball in ísle, a sciatháin/ ghrástúla ina gcúirtéis rinceora, nó mar éan suirí.’ Dhá dhán eile a chuaigh i gcion go mór orm i ‘Sraith Lanzarote’ is ea ‘Gluaiseacht na dTonn’ agus ‘Tarraingt Ghealaí’. Sa chéad cheann acu éiríonn leis an fhile rithim shuaimhneach shíoraí na dtonn a chruthú ach léiríonn sé, in éineacht, cumhacht mhaorga agus beatha fhiáin na mara i gcruth neach bheo: ‘Súgraíonn siad le cósta amhail leannáin foréignigh, seal caoin,/ seal garbh, cúlaíonn, fiacla agus feoil ina mbéal lena gcraos a neartú,/ déanann míogarnach in athuair leis an ghealaigh, suíonn,/ smaoiníonn tamall ...’ Cá mhinice a cheaptar an mhuir in íomhá chomh cruthanta leis sin? Tráchtann an file arís ar bheocht na mara in ‘Tarraingt Ghealaí’ ach tá níos mó ná an bheocht féin i gceist ann. Éiríonn leis an fhile anam a shamhlú leis an mhuir; neach beo í a bhfuil croí inti a phreabann go síoraí lena cuisle chinnte agus a mheabhraíonn don fhile síoraíocht na beithe féin: ‘Athrach saoil ar an trá anois, cionn leathlae faoi ghaoith, faoi ghrian,/ go bhfilleann an fharraige. Ní hann don bhás, níl ann ach tarraingt ghealaí.’

 

Spreag cuid mhór de na dánta sa chnuasach seo chun machnaimh agus chun midheamhna mé ach caithfidh mé a rá gurb é dán deiridh an chnuasaigh. ‘An Pharailís Chreathach’ is mó a chuaigh i gcion orm agus a chroith ar bhealaí éagsúla mé. Dán measartha fada é seo ina dtugann Ó Dúill cuid mhaith de shnáitheanna na ndánta sa chnuasach seo le chéile. Píosa máistriúil filíochta atá ann, dar liom. Is geall le máirseáil tríd an stair an dán seo ina scrúdaíonn an file go fuarchúiseach éagumas an chine dhaonna ceacht ar bith a fhoghlaim as na himeachtaí éagsúla a bhain dó trí na céadta bliain. Baintear leas as ‘an pharailís chreathach’ mar churfá i rith an dáin fad atá na tinnis éagsúla a bhaineann leis an saol féin faoi mhicreascóp an fhile. Íomhá atá ann de laige éigin ionainn a fhágann go dtitimid de shíor in ainneoin an dul chun cinn. ‘Is minic a bhíonn an t-intleachtóir contúirteach,’ a deir sé agus d’fhéadfaí ‘file’ a chur in áit an fhocail ‘intleachtóir’. Iniúchann Ó Dúill ‘parailís chreathach’ an rialtais, lucht leighis, lucht dlí, lucht geilleagair, agus lucht moráltachta agus eitice. Breith dhamanta a thugann sé orthu: ‘Leanann na galair, imíonn an t-aos óg ar imirce, déantar iniúchadh/ ar chúis agus féachtar leigheasanna, ach ní thagann aon bhiseach/ i dtír seo na parailíse creathaí.’ Dán cumhachtach conspóideach an ceann seo ach measaim gurbh fhiú an cnuasach uilig a cheannach air sin amháin.

 

Is file é Ó Dúill a bhfuil a shaol caite aige le ceird na filíochta: á foghlaim, á cleachtadh, á snasú, á foirfiú agus á teagasc. Tchítear domh go sainíonn aibíocht ar leith an cnuasach seo. Tá imeacht an ama i gcoitinne – agus go háirithe i saol an fhile – i gceist i gcuid mhór de na dánta. Ní ar thuras pearsanta dá chuid féin atá sé, áfach, nó fitear an gnáthraon téamaí agus ábhair fríd na dánta atá sa chnuasach. Tá an obair ealaíne ar chlúdach an tsaothair an-mhealltach ar fad ar an tsúil. Radharc ar Ché an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair atá ann agus is é Ian Gordon an t-ealaíontóir. Tá portráid den fhile féin le Brent Nokes ar chlúdach cúil an tsaothair agus d’fhéadfá a rá go bhfuil gnúis an fhile aimsithe go snasta ag an ealaíontóir. Ceapann an dá phictiúr cuid mhór dá bhfuil i gceist le hábhar na ndánta sa chnuasach seo agus cuireann siad luach breise trí chéile leis. Saothar ealaíonta ar gach dóigh atá in Balla an Chuain agus bainfidh lucht léite fhilíocht na Gaeilge sult agus pléisiúr as machnamh Uí Dhúill ar an iliomad gnéithe den saol corrach seo ina mairimid beo.

 

©2015 Ciarán Mac Murchaidh

 

Author Links

 

Ciarán Mac Murchaidh ag DCU

Ciarán Mac Murchaidh ag Cois Life

 

 

AN CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15