s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

DAMBATHEANGA : DAMLANGUAGE

le MÍCHEÁL Ó RUAIRC:

Léirmheas le hÁine Ní Ghlinn

 

 

 

Áine Ní Ghlinn

File, údar do pháistí agus léachtóir í Áine Ní Ghlinn. Tá 26 leabhar scríofa aici agus go leor duaiseanna buaite aici dá saothar.  Bronnadh Gradam Ficsin CBI 2014/2015 agus Gradam Reics Carló Leabhar na Bliana  2014 ar a húrscéal Daideo. Bronnadh duaiseanna Oireachtais ar na húrscéalta Fuadach, Tromluí , Úbalonga agus Daideo. Ainmníodh Brionglóidí & Aistir Eile ar ghearrliosta CBI Bisto 2009 agus bronnadh Gradam iBbY air i 2010.  Duaiseanna éagsúla bronnta freisin ar a saothar  filíochta agus drámaíochta.         

 

 

 

 

DambatheangaDambatheanga: Damlanguage

Mícheál Ó Ruairc

(Arlen House, 2014)

Tagairt: 978-1851321056

 

Ceannaigh ag Arlen House: arlenhouse(at)gmail(dot)com

 

 

 

 

Tá aithne ag an saol is a mháthair ar an bhfile, ar an gCiarraíoch mallaithe, Mícheál Ó Ruairc. Tá cáil nach beag air mar ghearrscéalaí, mar fhile, mar úrscéalaí, mar léirmheastóir agus, chomh maith leis sin, mar údar téacsleabhar scoile.

Tá sé tamall de bhlianta ó chuir sé cnuasach filíochta le chéile – trí bliana déag, sílim – ach, ar ndóigh, ní hionann san is a rá go raibh sé díomhaoin.

Ní féidir cuntas a choinneáil ar na duaiseanna liteartha éagsúla atá buaite ag Mícheál thar na blianta i gcomórtais éagsúla – duaiseanna gearrscéalaíochta, duaiseanna dá úrscéalta do dhaoine óga is d’fhoghlaimeoirí.

Ní dhéanfaidh mé iad ar fad a liostú anseo ach cnuasach a sheasann amach dom féin is ea an cnuasach gearrscéalta Daoine a Itheann Daoine – cnuasach a bhuaigh duais Oireachtais ceithre bliana nó mar sin ó shin.

Tá dhá úrscéal déag scríofa ag Mícheál, idir úrscéalta do dhaoine óga agus úrscéalta do dhaoine fásta. Bíonn sé le feiceáil gach aon bhliain ag bronnadh duaiseanna an Oireachtais agus duais nó dhó á mbreith leis abhaile

Tá neart duaiseanna filíochta buaite aige freisin. Bhuaigh sé trófaí agus príomhdhuais chomórtas Filíochta Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin tuairim is seacht mbliana ó shin.

Ach bíonn súil an fhile i gcónaí ar an duais mhór - príomhdhuais filíochta an Oireachtais. Agus do bhuaigh Mícheál an ceann sin i mbliana don chnuasach áirithe seo –Dambatheanga:Damnlanguage. Ar ndóigh, glacaim leis gurb é an leagan Gaeilge amháin a bhí istigh ar an gcomórtas sin!

Nuair a tháinig Dambatheanga chugamsa sa phost, thosaíos á léamh an oíche chéanna agus ní rabhas in ann é a leagan as mo lámh. Faoin am seo tá sé léite agam faoi dhó, agus léifead arís eile é, sin é an cineál saothair atá ann. Tá dánta anseo a bhfeiceann tú rud nua iontu gach uair a léann tú iad. Sílim féin gurb é seo an saothar is fearr go dtí seo ó pheann Mhíchíl Uí Ruairc. Ní le drochmheas ar aon saothar eile uaidh a deirim é sin – ach le hardmheas ar an saothar áirithe seo.

Ón gcéad leathanach – ón gcéad dán Ní Raibh Ann - mheall sé isteach mé. D’fhéadfainn an oiread sin dánta éagsúla a lua - Gaelainn atá bunaithe go fíorchliste ar Géibhinn le Caitlín Maude:

 

‘teanga mé

 

mionteanga

as na fuarchreasa

a bhfuil beocht agus anam

fós fágtha ionam

 

chuirfinn na sluaite faoi gheasa

uair

lem dheisbhéalaíocht

 

ach anois

is istigh

i gcás gloine atáim

san iarsmalann teangeolaíochta

 

bailíonn daoine ó chian is ó chóngar

chugam

 

a bheadh sásta aon ní faoin ngrian

a dhéanamh dom

ach mé

 

a labhairt’

 

Mar mhúinteoir meánscoile táim cinnte gur mhúin Mícheál Geibhinn dos na céadta mac léinn thar na blianta.   

 

Tá go leor leor dánta spéisiúla anseo faoin nGaoluinn. Mar a deirtear linn sa bhlurba:

 

High Noon atá ann agus tá teangamhíleataigh neamharmtha sna trínsí nó ag labáil teangaghranáidí thar leathdhoirse sa Ghaeltacht, tá an dambóir teanga agus an file Seán Ó Ríordáin, tagtha chun fóirthint a thabhairt ar dhamba Inis Cara ionas nach ndéanfaidh díle an Bhéarlagair a chathair ionúin a threascairt ...’

 

In Dambatheanga, a chairde, táimid ar fad sna trínsí, muid ag iarraidh an Ghaoluinn a thabhairt slán ach muid faoi ionsaí ag na teangacha éagsúla atá thart orainn, ag na teangacha ar fad atá le cloisteáil ar an Nitelink, abair. Agus an file ag teacht abhaile ar an Nitelink, tá gach éinne ag labhairt d’aonghuth:

 

 ‘i dteangacha mire’

‘i dteangacha téacsála’

‘i dteangacha ipad’

‘i dteangacha twitter’

‘i dteangacha coimhthíocha’

‘... i ngach teanga faoin ngrian cé is moite den teanga seo ’gainne’

 

Cloiseann an file bocht gach teanga seachas an Ghaoluinn.  

Sea, táimid sna trínsí, táimid inár seasamh sa bhearna bhaoil, inár seasamh ag an damba - ach tá an damba i mbaol, tá an teanga i mbaol agus tá an file faoi bhrón.
 

Tá go leor anseo faoin mbrón sin, go leor faoi uaigneas cheird an scríbhneora Ghaeilge – é ag scríobh do phobal nach bhfuil a fhios aige an ann dó in aon chor? Ar deireadh, áfach, is cuma leis an bhfuil pobal léitheoireachta aige nó nach bhfuil. Sa dán Raison d’Être deir sé:

 

Suím agus scríobhaim

agus is cuma sa damba liom

an léifear nó ná léifear

pé rud a chumaim...’ 

 

Níl spéis aige a thuilleadh in aitheantas ná i gcáil. Níl uaidh ach

 

‘...ciúnas um thráthnóna

smólach ag canadh ar bharr craoibhe

gloine fíona is gal tobac

radharc ar an bhfarraige.’

 

Ach b’iad na dánta báis – na dánta i gcuimhne ar athair agus ar mháthair an fhile – na dánta ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ormsa go pearsanta, go háirithe an dán Doilíos.  Seo dán faoin oíche go bhfuair a mháthair bás agus faoin gcathú a bhí air nach raibh sé in éineacht léi:

 

‘Dá bhféadfainn an oíche úd sa tigh altranais

a thógaint thar n-ais thógfainn

go fonnmhar í agus d’fhanfainn leat

agus d’éistfinn le glothar an bháis id scornach

an bheirt againn suite le chéile

sa chiúnas dothomhaiste réamhbháis’

 

D’aithneodh go leor daoine an cathú sin. Agus sin é an bua is mó a bhaineann leis an gcnuasach seo - go bhfuilimid ag féachaint isteach i scáthán, go n-aithnímid muid féin agus ár mothúcháin féin sa scáthán céanna.

Ana-leabhar go deo é seo. Duais mhór an Oireachtais tuillte go maith aige. An t-aon rud atá de dhíth anois ná pobal léitheoireachta! Agus ar ndóigh, ardán léirmheastóireachta – ach sin scéal eile!

Mholfainn daoibh go léir an leabhar seo a cheannach, é a fhágáil ar an mbord caife sa bhaile, é a phiocadh suas ó am go chéile agus dán a léamh.  Ní hamháin go bhfeicfidh tú scoth na filíochta ann ach, anuas air sin, buailfidh tú leat féin ann, aithneoidh tú tú féin idir na leathanaigh, idir na línte.

Fearaim fíorchaoin fáilte roimh an gcnuasach iontach seo. Agus tréaslaím a shaothar le Mícheál Ó Ruairc.

 

©2015 Áine Ní Ghlinn

 

Author Links

 

Áine Ní Ghlinn ag Irish Writers Online

Áine Ní Ghlinn ag O'Brien Press

Filíocht agus léirmheastóireacht le hÁine Ní Ghlinn ag Southword

Áine Ní Ghlinn ag Cois Life

 

 

AN CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15