s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

DOIREANN NÍ GHRÍOFA

 

 

 

Doireann Ní GhríofaIs file í Doireann Ní Ghríofa a scríobhann as Gaeilge agus as Béarla. I measc na nduaiseanna atá bronnta uirthi tá sparántacht Ollamh Filíochta na hÉirinn 2014-2015 agus duais Wigtown 2012 (duais náisiúnta filíochta na hAlban). Ceithre chnuasach filíochta atá foilsithe aici, Résheoid (Coiscéim, 2011) agus Dúlasair (Coiscéim, 2012), an cnuasach dátheangach ‘Dordéan, do Chroí // A Hummingbird, your Heart’ (Smithereens Press, 2014) agus an cnuasach Béarla Clasp (Dedalus Press, 2015).

 

 

 

 

       le tatú a bhaint

 

 

shíl mé nach mbeadh ann ach go scriosfaí tú

sa tslí chéanna go gcuirfeadh gasúr grainc air féin

ag breathnú ar chóipleabhar breac le botúin,

á chuimilt bán arís lena ghlantóir…

ach chuaigh mo thomhas amú.

Athrú chun olcais a bhí ann

nuair a chur mé díom an tatú.

Cuireadh greadfach ionam

nuair a glanadh d’ainm de mo chraiceann.

Bhris na léasair an tatú ina mílte cáithníní líocha.

Dheargaigh mo chraiceann

le fuil mar ar shúigh mo chorp

do dhúch scoilte, scaoilte.

Anois, tá siollaí d’ainmse sáite i m’fhuil.

Níl tú i do staic faoi mo chneas níos mó,

anois tá do mharc níos doimhne fós,

daite go domhain im’ chealla.

Táim breac leat.

Tá tú istigh ionam anois—

caillte, dofheicthe.

Táimid dodhealaithe.

 

©2015 Doireann Ní Ghríofa

 

 

Author Links

 

doireannníghríofa.com

Doireann Ní Ghríofa ag Coiscéim

Doireann Ní Ghríofa ag Dedalus Press

Filíocht agus léirmheastóireacht le Doireann Ní Ghríofa ag Southword Journal

 

 

 

AN CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15