s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

ÉIBHLEANN NÍ GHRÍOFA

 

 

 

Éibhleann Ní Ghríofa

Is as Contae an Chláir d'Éibhleann Ní Ghríofa. Rinne sí staidéar ar an nGaeilge agus an Léann Dúchais i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Chomhbhunaigh sí an siopa leabhar Scéal Eile Books in 2006, agus an comhlacht amharclainne Scéal Eile in 2012 — léiríonn siad drámaí go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Cuireann sí an-suim sa scéalaíocht. Tá cónaí uirthi sa Bhoireann i gContae an Chláir.

 

 

 

 

 

Réiltín

 

 

Lá meirbh, trom ab ea é nuair a chuala Réiltín an fhuaim a d’fhógair Deireadh an Domhain Seo. Bhí sí ag canadh lena cairde sa chlós:

 

Nóiníní bána ar imeall na habhann,

Rachaidh mé síos agus piocfaidh mé ceann.

 

Thug Réiltín cluas ghéar le fuaim i bhfad uathu. Sea! B’shin í an fhuaim lena raibh sí ag súil - blosc íseal a séideadh chuici ar shéideán gaoithe, cosúil leis na céadta balún ag pléascadh, ceann i ndiadh a chéile. Ansin ciúnas. Bhí a fhios maith ag Réiltín cad a bhí le déanamh aici anois. Ó! Theastaigh go géar uaithi fanacht lena cairde go dtí deireadh am sosa, ag canadh is ag spraoi, cén dochar a dhéanfadh sé? Rinne sí a béal a fhliuchadh. Bhí rabhadh a Daideo ina cluasa, an rabhadh céanna a thug sé di i gcogar chuile mhaidin ag geata na scoile.

 

“Más é inniu an lá, lean d’orduithe mar a chleacht muid. Ná déan moill, ná labhair leis na páistí eile. Ní thuigeann siad. Cloígh leis an bplean. Déan sin, nó ní leagfaidh mé súil ort arís, a chailín.”

 

Chas sí a droim lena cairde, is thosaigh ag siúl i dtreo an chlaí go mall réidh. Gach matán inti teann, réidh le rith má ba ghá. Mar a thaispeáin a Daideo di agus iad ag seilg. Tháinig amhrán na gcailíní chuici

 

Ceann beag do mo mhamaí, is ceann beag dom féin.

Ceann beag do mo chairde ar oileán i gcéin.

 

A guthanna lag anois. I bhfad uaithi. Thaistil a súile go cúramach, timpeall an chlóis. Í ag cuardach múinteora. Duine fásta. Rud ait. Tada. Shroich sí an claí. Í beagnach saor. Gan fuaim, gan anáil. Méar ar a béal. Idir na cuaillí léi. San fhéar fada. As radharc. Imithe.

 

D’inis Mamaí scéalta faoin lá seo, sular tógadh í. “Teacht an Nuashaoil” a thug sí air, is aghaidh lán le gliondar uirthi. Bheadh flúirse bia is milseán do chuile pháiste, is neart breosla don tine, is uisce te san fholcadán, is níor ghá a bheith eaglach ariamh arís. B’fhéidir go bhfillfeadh a Mamaí chuici anois. Ó! Chuir an smaoineamh cluaisíní croí ar Réiltín! Cuirfidh sí a lámha timpeall uirthi arís agus ardóidh suas chun na spéire í! Chrom Réiltín a ceann is smaoinigh siar ar laethanta a chaith sí le Mamaí. Ba chuimhin léi boladh Mamaí: cosúil le boladh an mhóinéir i ndiaidh stoirme. Ní sciobfadh na Deamhain éinne eile uaithi tar éis Theacht an Nuashaoil. Ní ligfeadh Réiltín a Mamaí as a radharc riamh arís.

 

B’é Daideo a d’inis scéalta di mar gheall ar Dheireadh an Domhain Seo. Smaoinigh Réiltín siar ar laethanta an tsamhraidh. Na laethanta fada amuigh faoin aer, iad ag obair go dian, an ghrian ag doirteadh anuas ar a gcloigne: ag comhaireamh na mbeithíoch sa mhóinéar nó ag tarraingt caoire amach as díog nó ar thóir coiníní don dinnéar. Nuair a d’imigh an ghrian a chodladh, agus iad ina dtigín dorcha, líonadh Daideo a ceann le scéalta lán d’iontas agus d’uafás, lán d’eachtraí Daoine Maithe cosúil leo féin, iad i gcónaí ag fáil lámh in uachtar ar na Deamhain, ionas nach ngoidfeadh siad a gcuid airgid nó a saoirse uathu arís , scéalta a chuir an croí inti ag preabadh agus, faoi dheireadh, a chuir ina codladh go sámh í. Bhí Deireadh an Domhain Seo tagtha, is anois ní bheadh siad faoi chois ag na Deamhain riamh arís.

 

Mhothaigh sí pian ghéar ar a cos – iussss! Neantóg! Tháinig deora lena súile. I gcogar, chan sí dán beag Daideo:

 

Neantóg a dhóigh mé,

Copóg a leigheas mé

Bheadh copóg cois an tsrutháin, caithfidh go mbeadh! Thosaigh sí ag siúl i dtreo an tSrutháin Suain, ag éisteacht go géar i gcónaí i gcomhair aon fhuaim as an ngnáth. Nuair a shroich sí bruach an tsrutháin chuir sí a bosa le chéile go tostach. Is ea, bhí na mílte copóg anseo! Phioc sí an duilleog ba mhó is chuimil sí an spota dearg, nimhe. Bhí biseach uirthi cheana féin. Bhí an t-aistear beagnach críochnaithe. Níor ghá anois ach an Sruthán Suain a leanúint sa treo ina raibh sé ag sní. Shil an sruthán isteach sa loch ar chúl tí Dhaideo.

 

Bhí solas an lae ag dorchú go tobann, tapaidh. D’fhéach sí i dtreo bhun na spéire: bhí solas ag éirí ann ... an raibh an ghealach ag éirí go luath? Ach .... bhí an ghrian fós sa spéir ... ní raibh gealach ar bith sa spéir aréir, cad chuige go mbeadh gealach chomh mór sin ann anocht? D’éirigh scamall liathdhubh timpeall ar an solas aisteach. Bhláthaigh sé. Cruth cosúil le brocailí air! Agus tine nimhneach ina chroílár. Chuimil sí a súile. Bhí fuaim íseal le cloisteáil, í ar foluain ar an ngaoth – ag neartú ó chogairín go monabhar, é fíor-ard anois, ina plimp thoirní – fiú agus cluasa beaga Réiltín cosanta aici lena lámha, bhí an fhuaim ró-ghlórach agus lig sí scread aisti. Leis sin, chomh tobann is a thosaigh an fhuaim, thit tost.

 

Ó, ach bhí tuirse ar an gcailín óg anois, agus an raibh sí curtha dá treo ceart? Bhreathnaigh sí timpeall go cúramach. Chaill a croí buille – bhí bóithrín a Daideo sínte ós a comhair amach! Thóg sí anáil dhomhain agus lena ceann crom aici, chuir cos i ndiadh coise i dtreo ceann scríbe.

 

Idir Réiltín agus an teach, sa dorchadas, bhí fear ag siúl ina treo, tóirse ina lámh aige.

 

 

©2015 Éibhleann Ní Ghríofa

 

 

Author Links

 

Lean Éibhleann Ní Ghríofa ar Twitter

Éibhleann Ní Ghríofa ag Scéal Eile

 

 

 

AN CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15