s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

EIBHLÍS CARCIONE

 

 

 

 

Eibhlís CarcioneTá cónaí ar Eibhlís i  gCathair Chorcaí. Bhuaigh sí Duais Fhoras na Gaeilge in 2012 agus bhí sí ar an ngearrliosta sa chomórtas céanna in 2013 agus 2015. Tá filíocht as Gaeilge foilsithe aici in An tUltach, Comhar, Southword, Feasta agus An Gael. Tá filíocht as Béarla foilsithe aici in The Moth, Southword agus The SHOp. I mbliana, d’fhoilsigh Coiscéim Tonn Chlíodhna, an chéad chnuasach filíochta léi.

 

 

 

 

 

 

          Cearnóga Galánta Phárais

 

 

Bím ag cuimhneamh ar am

sula rugadh na páistí 

agus muidne i bPáras

sa bhialann Mharacach

mar a d’itheamar falafel agus tabbouleh,

ag gabháil síos na sráideanna duirleogach

i measc stróinséirí,

grian fhuar an earraigh ag soilsiú

go cúlráideach,

boladh aráin úir ag líonadh an aeir,

an cúinne ag a raibh bean bhacach

ag díol tiúilipí is crócas,

an buidéal Chardonnay a roinneamar

sa chlub Jazz úd

Le Caveau de la Huchette.

 

Bhí na céadta colúir ag bailiú le chéile

i gcearnóg Jean-Baptiste Clément.

Ritheas ina ndiaidh le scléip.

 

Ní raibh a fhios againn cad a bhí romhainn.

 

Ba mhaith liom dul ar ais

athchuairt a thabhairt ar na háiteanna céanna,

is an tocht róthrom

i mo chliabh, a scaipeadh mar mhin 

roimh na colúir

i gcearnóga galánta Phárais.

 

©2016 Eibhlís Carcione

 

 

Author Links

 

Tonn Clíodhna le Eibhlís Carcione ag Coiscéim

Eibhlís Carcione ag Vicipéid

Filíocht le Carcione ag Southword

 

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15