s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

DIABHLAÍOCHT DÉ

le Micheál Ó Conghaile:

Léirmheas le Réaltán Ní Leannáin

 

 

 

 

Réaltán Ní Leannáin

Is Béal Feirsteach í Réaltán Ní Leannáin ó dhúchas, ach tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath le fada anois. Bíonn sí ag blagáil ar http://turasailse.blogspot.ie/  Foilsíodh cnuasach filíochta léi ag Coiscéim leis an teideal céanna, Turas Ailse (2011). D’aistrigh sí gearrscéalta Aoife Brennan, The Cougar Diaries/Dialanna an Chúgair, (ar Amazon). Tá sí díreach i ndiaidh cnuasach gearrscéalta a fhoilsiú le Cló-Iar-Chonnacht, Dílis.

 

 

 

Diabhlaiocht DeDiabhlaíocht Dé

Micheál Ó Conghaile

(Cló Iar-Chonnacht, 2015)

Tagairt: 9781784441265  

€12

 

Ceannaigh Diabhlaíocht Dé ag Cló Iar-Chonnacht

 

 

 

 

‘Bhí an Briathar ann i dtús báire agus bhí an Briathar in éineacht le Dia, agus ba Dhia an Briathar’(Eoin 1:1). Ach amháin sa chás seo. Ní Dia ach déithe  - agus diabhail  -  atá i gceist sa chnuasach mealltach gearrscéalta seo ag Micheál Ó Conghaile. Agus daoine. Agus ainmhithe, ar ndóigh. Seo é an chéad bhailiúchán ó pheann an údáir le dhá bhliain déag. Tá snastacht, gontacht agus simplíocht teanga ann a insíonn a scéal féin ar an am a cuireadh isteach thar na blianta sin chun an saothar seo a chur inár láthair go críochnúil, machnamhach, taitneamhach.

 

Ní déithe den mhúnla Críostaí iad na déithe sa chnuasach seo, ní déithe iad a fhanann scoite uainn agus i bhfad ar shiúl. Ní déithe iad atá nua-bhíoblach le grá agus cion don chine daonna. Déithe garbha, cantalacha, leisciúlacha iad seo. Seo déithe le fréamhacha Gréagacha (‘Diabhlaíocht Dé’), Lochlannacha (‘Bricfeasta Mada’), oirthearacha (‘Mac an Ghadhair’), iartharacha (‘In ainm Dé’ ) – agus eile, cinnte. Roinnt acu tá fréamhacha ó thraidisiúin éagsúla in aon scéal amháin le feiceáil.

 

Tá mioscais sna déithe seo, agus tréithe daonna eile idir mhaith agus olc. Tá clann agus pobal agus tithe agus seomraí atá ró-lán ag na déithe seo.(‘Bricfeasta Mada’) Bíonn mianta diúltacha agus deimhneacha acu, bíonn fuil mhíosta acu, buailtear bobanna orthu agus bíonn fearg orthu dá réir. Is déithe den seandéanamh iad, ar nós an tslua sí. Bíodh eagla orainn rompu, mar níl maithiúnas ná séimhe ná cineáltas ag baint leo.

 

Tá an cathú ann glacadh leis an chnuasach mar athinsint nua-aimseartha ar shíscéalta agus ar mhiotaseolaíocht.  Tá móitífeanna ón bhéaloideas agus ó scéalta bunaidh gach cearn den domhan.  Aithneoimid roinnt de na móitífeanna seo, ach is ó cheithre chearn an domhain iad agus beidh mearbhall orainn ag iarraidh an buntraidisiún – más ann dó – a aimsiú. Tá gnéithe ann a léiríonn nach fabhalscéalta iad ach scéalta ár linne - tá guth an údair ag rith trí na scéalta a cheanglaíonn le chéile iad, mar shampla. Úsáideann sé friotal comhaimseartha ach friotal insroichte, simplí ag an am céanna.

 

Bristear móitífeanna agus plotaí seanda agus cuirtear as a riocht iad. Mar shampla, in ‘Diabhlaíocht Dé’, fáthscéal cruthaithe, slogann ápa anam in áit úill. Ach i ndeireadh na dála is é an rud céanna é – bronntar aithne ar an  ápa agus is trom an t-ualach í.

 

Tá fócas ar charachtair fosta, rud nach ndéantar sa seanscéalaíocht, ach díreach ní dhéantar carachtair a fhorbairt ach chuig pointe áirithe measta, rud a fhágann cló na seandachta ar na scéalta seo. Sampla de seo is ea ‘An Fear Dara Láimhe’. Tá go leor leideanna ann mar gheall ar charachtar na mná sa scéal seo is go n-aithnímid a sórt is a cineál, agus blúiríní eolais faoin chaidreamh idir í féin is a páirtí le blianta anuas, ach fágtar an mhórchuid dá pearsantacht is dá stair ag an léitheoir le cumadh dó féin nó di féin.

 

Tá roinnt scéalta bunaithe ar na soiscéil, ach arís cuirtear cor sa seanscéal a tháinig anuas chugainn agus cuirtear as a riocht é. ‘Lá Eile Lazarus’, mar shampla, i ndiaidh dó aiséirí, fear le 'hathshaol nach saol é'. Tá an píosa seo ar cheann de na scéalta is dorcha agus is rúndiamhraí sa chnuasach. Tuigimid go bhfuil rudaí ceilte orainn ar shaol Lazarus agus a chomrádaí Íosa agus iad ina ngasúir óga, go raibh caidreamh searbh eatarthu a ghríosaigh Íosa chun pianbhreith an tsaoil a dhaoradh ar Lazarus. Ní gar a bhí Íosa á dhéanamh do Lazarus leis an aiséirí seo ach ag imirt cleasa cruálacha le díol suntais a chur roimh an phobal.

 

Is plé é an scéal seo fosta ar an rud is bás ann – topaic chuí sa lá atá inniu ann, nuair a choinníonn leigheas ár linne cuid againn amach ón bhás go cionn tréimhse, agus mar a bhrúnn an eotanáis cuid eile againn i dtreo an bháis. Ábhar machnaimh.

 

Arís is arís eile, tagann an domhan osnádúrtha agus an domhan daonna le chéile anseo agus ní go ró-mhaith a réitíonn siad. Ritheann an mhóitíf trí na scéalta seo ar fad, is é sin go bhfuil  laige nó donas go smior sa chine daonna. Cuirtear an laige seo i gcomparáid le huaisleacht na n-ainmhithe a thagann ár dtreo, agus le fíbíneacht na ndéithe agus na ndiabhal. In ‘An Mac Mara’, tagann an bréaglaochas agus an frithlaochas le chéile.  Baintear tuislí asainn agus sinn dírithe ar a bhfuil ar eolas againn faoi mhaighdean mhara sa bhéaloideas, fhad is go bhfuil neach neamhdhaonna de shaghas eile ag teacht salach ar fhir.

 

Cuirfidh lucht an bhéaloidis suim sna scéalta mar is scéalta iad atá fréamhaithe i miotais agus i dtraidisiún béil an domhain chláir ar fad. Cuirfidh diagairí spéis iontu mar a bheadh puzail ann, ag iarraidh na foinsí as a n-eascraíonn siad a aimsiú.


Seo saothar a bheas á chíoradh agus á chardáil go cionn tamaill. Ach chan sa chlochar ná sa chlabhstra, cuirim geall. B’fhéidir gur cuimhin le daoine an scéal ‘Na Quizmháistrí’ le Seán Mac Mathúna, an t-am gur cuireadh ar leataobh é ó shiollabas na hArdteiste ag deireadh na n-ochtóidí. Rinneadh gearán nuair a cuireadh ar an siollabas é, ag maíomh nach raibh sé oiriúnach do dhaltaí 17 agus 18 mbliana mar go raibh tagairtí discréideacha sa scéal do chúrsaí craicinn. Baineadh an téacs siar ón liosta éigeantach láithreach agus rinneadh eisceacht ‘roghnach’ de.

 

D’imigh an scéal ó radharc na ndaoine – sa chóras scrúdaithe, ar a laghad. Níl aon rud faoi cheilt ná faiteach sa chnuasach seo faoi chúrsaí craicinn, áfach. Tá sé amuigh ansin go hoscailte is go soiléir. Cuirfidh déagóirí spéis as cuimse iontu as baill agus fuincsin a ainmniú os ard agus go hoscailte. In 'Treas Rúndiamhair na bhFear', tá friotal an ghnéis i bhfolach faoi chlóca beannaithe sa tírín sin, an rud nach n-ainmneofar. Tá an scéal meafarach seo bunaithe ar an rúndacht sin. Tá oscailteacht agus dánaíocht agus is-cuma-sa-tsiocaíocht sa chnuasach seo a shéanann an clóca sin.

 

Meascann bitheolaíocht na ndéithe, na ndaoine agus na n-ainmhithe le chéile  i meanglam mearaí cumadóireachta, iad uilig go léir ag comhrá agus ag comhrac lena chéile. Tá imeartas ann sna focail agus sna coirp, sa ghnéas agus sa ghnéasúlacht. Ní imeoidh an cnuasach seo ó radharc na ndaoine.

 

©2016 Reáltán Ní Leannáin

 

 

Author Links

 

Blag le Reáltán Ní Leannáin

'The stays that went astray' le Reáltán Ní Leannáin

'Dílis' le Reáltán Ní Leannáin ag Soundcloud

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15