s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

MICHEÁL Ó CONGHAILE

 

 

 

 

Micheál Ó Conghaile

Scríbhneoir ildánach as Inis Treabhair i gConamara ó dhúchas. Bunaitheoir na bhfoilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht. Buaiteoir iliomad duaiseanna scríbhneoireachta, ina measc Duais Litríochta Hennessy agus Duais an Bhuitléaraigh, chomh maith le breis agus dhá scór duais Oireachtais.

 

 

 

 

 

Gealach na bhFlaitheas

 

 

 

Bean a d’iompaigh isteach ina rós. Sea, b’in mar a tháinig ann don chéad rós an chéad lá riamh. Bean a ruaig Dia éigin amach as na flaithis. Cén t-iontas go bhfuil an rós in ann a bheith ar an mbláth is áille dá bhfuil ann, a dúirt tú. Bíodh chomh dearg le fuil, chomh bán le heala, nó bándearg ar nós craiceann leochaileach le dó úr gréine. Ach nuair a fhéachann na daoine ar an rós is iad faoina dhraíocht dhalba ní fheiceann siad na deilgne atá ina chnámh droma ina bhfuil an spreac. Nó go mothaíonn iad. Feiceann siad ansin iad. Feiceann agus na spotaí dorcha fola a fhágann an priocadh géar.

Cén sórt bean a d’iompódh isteach ina rós, a d’fhiafraigh tú. Bean ó ré eile, ó thráth ina raibh scata déithe agus bandéithe ag crochadh thart go díomhaoineach ar phlánaí imeallacha íochtaracha na bhflaitheas. An díomhaointeas fada damanta á spreagadh i mbun diabhlaíochta, déóireachta agus deachtóireachta. Déithe beaga agus móra. Is idir eatarthu. Saol na bhfuíoll acu is iad sona sásta ina bpáláis sna néalta rialta. Iad chomh dona daonna le daoine ag tráthanna áirithe. An dúil chéanna acu i bpaisean, i ngrá, in olc, i gclampar, i ndíoltas. Seachas nár bhacadar le greim le n-ithe ná le snáth éadaigh a chaitheamh. Nuair nár ghá. Bhí gaid níos gaire de na scornacha. A bhformhór ag súil go saolófaí nó go n-athchruthófaí arís iad lá níos faide anonn ina ndéithe níos mó. Ina ndéithe móra millteacha. Déithe a bheadh ar runga níos airde sna flaithis. Níos cumhachtaí, níos uileghabhálaí, níos cáiliúla. Níos compordaí. Ag scríobadh dromanna a chéile san áit nach mbeadh tochas. Ag cuimilt meala. Murach sin ní móide go mbacfaidís le haon dea-thréithe d’aon chineál a chleachtadh, amhail lucht creidimh.

Ag an am bhí Seas Suas Díreach théis a bhealach a dhreapadh suas an dréimide. Go dtí an barr. Rí-Dhia na ndéithe. Bhíodh ciorcail bandéithe ag smúrthacht timpeall air go síoraí seasta. Ní raibh Seas Suas Díreach i gcumann ná aon spéis aige i mbandéithe dá áille an tráth úd. Bhí a dhóthain faighte aige dóibh ina óige. Ach... Baineadh siar as de phreab lá amháin le linn do na bandéithe go léir a bheith ag damhsa timpeall air go grástúil gáirsiúil. Rinne ceann acu bior dóite ina shúil trí stánadh tríd. Mar a dhéanfadh dealg. Thit sé i mullach a chinn i ngrá léi lom láithreach. Néal suain ní thitfeadh air ina dhiaidh sin ach é ag iarraidh a oibriú amach cén chaoi a bhféadfadh sé, Géaga Scartha, mar ab ainm di, a mhealladh is a bhréagadh.

Lig sé fead uirthi agus dhá chéad glaoch. Chum na diafilí dánta molta, laoithe agus aislingí ar a shon. Bhreac trí chéad cléireach teistiméireachtaí dó. Nuair nach bhfuair sé aon aird chuir sé amach a ghiolla ba shinsearaí ar a tóir. Shíl seisean tosú ar idirbheartaíocht.

“Fir,” a dúirt sí, ar bhealach nár ghá ní ba mhó a rá. Bhí gach rud ráite san aon fhocal aon siollach amháin sa gcaoi ar scaird sí óna liopaí é. Ghread sí léi amach ag déanamh bolg le gréin is d’fhág ina staicín áiféise fuar folamh ansin é. Maslaithe.

Thit sí ina codladh. Luigh an ghrian uirthi i ngan fhios di féin. Threasnaigh sciathán de scáile Seas Suas Díreach í dá buíochas. Fuair sí stróc gréine. D’éadromaigh a ceann. Scal an ghealach go lonrach ansin uirthi. Bhí dhá thinneas cinn déag uirthi nuair a dhúisigh múr trom báistí í a tháinig ina sceana gréasaí le gaoth feannaideach anuas aduaidh. D’éirigh sí ina seasamh go meadhránach. Chuimhnigh sí lom láithreach ar Seas Suas Díreach. Go raibh sí leis. Ar feadh oíche amháin. Na céadta bliain roimhe sin i saol eile dá gcuid. Gur bhrúigh sé é féin uirthi. Is ag deireadh na hoíche pianmhaire úd ghliondáil sé leis á fágáil ansin. Thuig sí ansin go raibh an ceart aici é a dhiúltú cé nach raibh sí cinnte ag an am cén fáth ar dhiúltaigh sí é. Bí cinnte go gcuimhníonn sé air sin, a smaoinigh sí, ina hintinn. An namhaid. Caitheadh muid in aer é, a dúirt sí léi féin ansin, í ag iarraidh é a dhíbirt glan as a cuimhne chleasach. As a tromluí.

Ach bhí a tinnis cinn ag méadú. Ag méadú is ag buanú is thosaigh sí ag cantaireacht salm agus rannta di féin mar fhál cosanta. Ghlaoigh sí chuici ar bhandéithe eile na bhflaitheas a thosaigh ag cantaireacht is an rannaireacht léi. Mhéadaigh agus neartaigh an ceol nó gur shlog í go draíochtúil, í á dearmad féin, a tinneas cinn agus gach a raibh ina timpeall.

Nuair a tháinig sí chuici féin bhí sí caite ar an urlár agus Seas Suas Díreach ina shuí os a comhair amach, ag stánadh tríthi, a shúile trí lasadh. Barr ar an mí-ádh is chuile mhí-ádh mór ó thus an tsaoil, a dúirt sí léi féin. Shíl sí éirí ach bhí sí ar a glúine, a glúine greamaithe den urlár. Tháinig ruibh oilc uirthi leis.

“Céard sa diabhal atá ar bun agatsa,” a d’fhiafraigh sí.

“Pós mé.”

“Ní phósfaidh! Ní phósfaidh anois, ar ball, arís ná choíche. Tá bandéithe eile níos dathúla agus níos storrúla anseo más pósadh den chineál sin atá uait arís.”

“Seafóid.”

“Lig dom imeacht anois.”

“Imeacht!?”

“Sea imeacht!”

“Imeacht cén áit?”

“Aon áit. Áit ar bith. As d’amharc.”

“Más imeacht é imigh, anois!” a bhúir sé. “Más imeacht é imigh, anois! Más in atá uait imigh chun na talún mar phionós saoil is fan glan choíche ar áirgiúlacht na bhflaitheas seo ach de réir mar a thoilímse. Tusa a thréig céadfaí do chorp féin. Do mhianta féin. A tharraing lámh as do shaol féin.”

Tháinig tocht uirthi. Bhí sí ina tost ar feadh tamaill fhada sul má tháinig an chaint ar ais di.

“Más amhlaidh atá le bheith bíodh,” a chaoin sí, “cé gurbh fhearr liom a bheith i mo bhláth séasúrach nach mbeadh bán ná dearg sa salachar ansin ná i mo chéile smachtaithe damnaithe anseo.”

Agus bhí.

Ina rós bándearg lena géaga scartha, iad go síoraí ag síneadh i dtreo na bhflaitheas. A rútaí báite go domhain diamhair i dtalamh ag díriú i dtreo ifrinn san am céanna. Ina rós aonair, ar chraobh crainn, a bhí á tarraingt is á tarraingt síos suas, suas síos.

Bhíodh fonn ar gach neach beo a thagadh an bealach í a bholú, a phiocadh is a phógadh i ngan fhios, ach sheasaidís siar uaithi le hómós nó trua nó b’fhéidir scáth faiteach éiginnte éigin nuair a d’fheicfidís nach raibh aon rós eile ar an gcrann úd ach í. An mí-ádh a bhainfeadh leis an rós deiridh a phiocadh . . . a mhothú, a bholú, a chuimilt dá leicne. Ní fhanfadh ina fochair de ghnáth ach madraí an bhaile nuair a d’fheil foscadh an chrainn le haghaidh oícheanta ragúis, smúrthachta agus cúplála. Agus tafann. Tuilleadh tafainn. Glamanna agus geonaíl.

Is ar feadh trí oíche dhéag gach bliain le linn gach lán gealaí bíonn uirthi a crann taca féin a thréigean i mbrionglóid is na hoícheanta caimiléireachta úd a chaitheamh ina bean i bhfochair Rí-Dhia garbh na nDéithe, Seas Suas Díreach. Géilleadh. Is cúl a iompú lena cine. Lena bláth féin.

 

©2016 Micheál Ó Conghaile

 

 

Author Links

 

Agallamh beo: Micheál Ó Conghaile

Micheál Ó Conghaile ag Cois Life

Micheál Ó Conghaile ag Aosdána

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15