s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

I dTÍR STRAINSÉARTHA

le Liam Mac Cóil:

Léirmheas le Liam Mac Amhlaigh

 

 

 

Liam Mac Amhlaigh

Is léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge é Liam Mac Amhlaigh in Ollscoil Mhá Nuad. Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide é. Tá suim thaighde aige i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge, ealaín an ghearrscéil Ghaeilge, saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain agus filíocht chomhaimseartha na Nua-Ghaeilge. Rugadh i gCill Mhantáin agus tógadh i mBaile Átha Cliath é.

Tá mórstaidéar ar bun faoi láthair aige ar shaothar agus ar chritic an fhile, Michael Davitt; tá ailt foilsithe aige ar fhilí comhaimseartha Nua-Ghaeilge eile mar Mháire Mhac an tSaoi, Sheán Ó Ríordáin, Áine Ní Ghlinn agus Mháirtín Ó Direáin. Foilsíodh a chéad úrscéal dó, Teach na gColúr (Comhar, 2006), in 2006, úrscéal a bhuaigh duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais sa bhliain chéanna. Tá dochtúireacht leis á cóiriú don chló faoi láthair aige ar ábhar na foclóireachta Nua-Ghaeilge san fhichiú haois. Tiocfaidh sé seo sna sála ar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (Cois Life, 2008) ina bhfuil spléachadh ar shaothair foclóireachta na Gaeilge ó Shanasán Uí Chléirigh (1643) go foclóir Néill Uí Dhónaill (1978).
Is duine d'eagarthóirí na hirise acadúla piarmheasta, COMHARTaighde, é.

 

 

 

 

bookI dTír Strainséartha

Liam Mac Cóil

(Leabhar Breac, 2014)

Tagairt: 978-1-909907-53-9

€15

 

Ceannaigh I dTír Strainséartha ag Leabhar Breac

 

 

 

 

Má tá trí leabhar (nó níos mó) le bheith sa tsraith seo ó pheann Liam Mhic Cóil, níl aon amhras orm ach go bhfuil an cúram is dúshlánaí curtha de anois aige agus an scéal leantach seo ón leabhar An Litir (2011) scríofa aige. San úrscéal I dTír Strainséartha (2014), feicimid Lúcás Ó Briain, ár laoch óg, ag taisteal ar bhád agus litir aige le tabhairt chun na Róimhe. Tagann an bád i dtír i mBriostó i Sasana agus faighimid radharc ar Lúcás i gcathair eile i mbéal abhann, ag teitheadh arís ó namhaid atá chomh dainséarach céanna agus a bhí an Sionnach sa chéad leabhar.

 

Tá na húrscéalta seo suite sa bhliain 1612, cúig bliana i ndiaidh d’Aodh Mór Ó Néill, Iarla Thír Eoghain agus na taoisigh Ghaelacha imeacht chun na Róimhe le tacaíocht a lorg do chogadh i gcoinne na Sasanach in Éirinn. Thug athair Lúcáis tacaíocht do chúis Uí Néill agus maraíodh é féin agus deartháir leis ag troid lena thaobh. Leanann dílseacht don Niallach i gcás Lúcáis agus nuair a thagann strainséir le litir rúnda le hiompair chuig Ó Néill sa Róimh, glacann an fear óg calma leis an gcúram. Tagann casadh sa scéal ansin, agus bíonn naimhde Uí Néill ag lorg na litreach agus iad toilteanach dul ag marú chun an scríbhinn mhistéireach seo a aimsiú. Faoi dheireadh, éiríonn le Lúcás éalú le deacracht ó namhaid fíochmhar amháin, an Sionnach, ar Ché na Gaillimhe agus téann sé féin agus an litir ina sheilbh aige ar bord loinge ag teitheadh chun na Róimhe.

 

Tá an t-údar le moladh as an eachtraíocht agus scéalaíocht atá thar a bheith spreagúil agus as na sonraí a thugann sé i gcaitheamh an scéil. Braitheann an léitheoir go hiomlán ar an láthair; amhail is dá mbeadh boladh agus anam chathair Bhriostó mórthimpeall ort. Pléitear le sonraí chomh mion le stíleanna gruaige agus nósanna díolaíochta. Déantar an-iarracht, mar a rinneadh sa chéad leabhar, insint stairiúil chumhachtach a chur ar fáil: sonraí agus reacaireacht agus mionphointí eolais a eascraíonn as an uafás taighde.

 

Tá léitheoirí ann, a déarfainn, arbh fhearr leo nach ndéanfaí cur i láthair chomh mionsonraithe sin agus go gcuirfí dlús le forbairt na gcarachtar agus an phlota ina áit sin. Feictear domsa, áfach, má leantar le scéal trí níos mó ná clár, scannán nó leabhar amháin nach mór don scríbhneoir tús mall nithiúil a dhéanamh. Agus cleachtadh faighte ag an léitheoir ar an timpeallacht agus talamh slán á dhéanamh di sin agus de ghníomhartha agus de chaint na bpríomhcharachtar, is féidir leis an scríbhneoir ansin cur leis an luas lena ndéantar na carachtair agus an plota a fhorbairt. Pointe beag b’fhéidir don údar agus é ag tabhairt faoi na leabhair eile sa tsraith a scríobh. Go dtí seo idir an dá leabhar tá lá amháin caite againn i nGaillimh, lá agus oíche i mBriostó agus coicís ar an mbád.

 

Mar a bhí sa chéad leabhar, nuair a tugadh muid go cathair cheardaíochta na Gaillimhe, tá stair Shasana lárnach sa léiriú a thugtar ar mhuintir Bhriostó agus ar an ngéarleanúint a dhéantar ar Chaitlicigh na linne sin, agus Lúcás go sonrach. Tá sé spéisiúil a fheiceáil conas mar a éiríonn le Lúcás a bhealach a dhéanamh sa láthair eachtrannach seo, agus má bhaintear an Róimh, nó áiteanna eile amach, is cinnte go ndéanfar comparáid idir an tslí ina n-éiríonn le Lúcás iontu sin i gcomórtas le Briostó.

 

Tá an-eagarthóireacht déanta ar an leabhar seo: Gaeilge théagartha, leagan amach na n-alt agus an reacaireacht. Ach is féidir a argóint go bhfuil na reacairí an-chosúil lena chéile sna radharcanna éagsúla – go mbaintear leas as an bpeirspictíocht chéanna sa chuntas a thugtar. Tá an scéal féin an-saibhir ach baineann an plota cuid mhaith leis an gcineál céanna dúshláin – laoch ar a theitheadh ó fhir mhistéireacha baolacha agus nuair a thugtar tuairisc air sin i nguthanna atá an-chosúil lena chéile, ní chuireann sé le teanga an scéil. Tá rian den ilteangachas, áfach, ar an leabhar seo faoi mar a bhí ar an gcéad leabhar agus aithnítear blas na Fraincise, na Laidine agus theanga an Bhéarla freisin ar an gcaint agus iad go léir Gaelaithe, sa leabhar seo. Tá an tslí a ndéantar Gaelú ar chanúint Bhriostó ábhairín beag casta go háirithe agus cuid de na carachtair ag labhairt i nGaeilge shimplí níos deireanaí sa leabhar.

 

Ceist bhunúsach a ritheann liom: cé dóibh a scríobhtar leabhair den chineál seo? Braithim gurb é seo an saghas leabhair a scríobhtar i dteangacha eile do dhéagóirí nó léitheoirí sna luathfhichidí. Braithim gur léitheoirí níos aosta, cuid mhór, a léifidh an leabhar seo i nGaeilge. Bheadh dúshlán teanga ann, is dóigh liom, do chuid mhaith déagóirí ach ní cáineadh é sin; is tearc go maith, ar shlí, ábhar léitheoireachta den chaighdeán is airde teanga agus níor mhiste scríbhneoirí a ghríosú chun an oiread céanna réamhullmhúcháin agus pleanála a dhéanamh, agus a rinne Liam Mac Cóil agus an leabhar seo á scríobh aige. 

 

Beidh sé thar a bheith spéisiúil a fheiceáil cén cineál staire a bheidh sna leabhair eile sa tsraith seo – an leanfaidh an t-údar den mhodh coinbhinsiúnach nó an gcuirfidh sé an stair bun os cionn anois ar mhaithe leis an scéal agus chun léitheoirí eolacha a choimeád ar bís, féachaint cén casadh eile a tharlóidh sa phlota. Bíodh go bhfuil ábhar machnaimh áirithe luaite sa léirmheas seo, leabhar fíormhaith ar an iomlán atá sa saothar seo, agus níl amhras ar bith ach go gcuireann an t-údar go mór le litríocht chomhaimseartha (stairiúil!) na Gaeilge sna hiarrachtaí leanúnacha a bhíonn idir lámha aige. Tá sé féin agus an foilsitheoir, Leabhar Breac, le moladh as comaoin a chur orainn arís leis an gcruth gairmiúil atá ar gach cuid den fhoilseachán. Bealach amháin, nó bealach eile, beidh an léitheoir seo ag súil leis an gcéad mhír eile!

 

©2016 Liam Mac Amhlaigh

 

 

Author Links

 

Liam Mac Amhlaigh ag Vicipéid

Liam Mac Amhlaigh ag Cois Life

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD LÉIRMHEAS EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15