s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

LITRÍOCHT NA GAEILGE AR FUD AN DOMHAIN:

Cruthú, Caomhnú agus Athbheochan (Imleabhar I) &

Critic, Cultúr, agus Comhthéacs Comhaimseartha (Imleabhar II)

Léirmheas le hAlan Titley

 

 

 

Alan Titley

Alan Titley, scríbhneoir agus scoláire. Ollamh Emeritus le Nua-Ghaeilge UCC. Ag Bualadh Clé agus Deas (Coiscéim 2016) an leabhar is déanaí uaidh.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Litríocht na Gaeilge ar fud an Domhain

Eagarthóirí : Ríona Nic Congáil, Máirín Nic Eoin, Meidhbhín Ní Úrdail, Pádraig Ó Liatháin & Regina Uí Chollatáin

LeabhairCOMHAR, 2016

Litríocht Na Gaeilge

Cruthú, Caomhnú agus Athbheochan
(Imleabhar I)

ISBN: 978-0-9927313-3-5

€20

Ceannaigh ag LeabhairCOMHAR

Litríocht Na Gaeilge 2

Critic, Cultúr, agus Comhthéacs Comhaimseartha
(Imleabhar II)

ISBN: 978-0-9927313-4-2

€20

Ceannaigh ag LeabhairCOMHAR

 

 

 

Is é atá sna leabhair seo na páipéir a tugadh ag comhdháil idirnáisiúnta a tionóladh i mBaile Átha Cliath dhá bhliain ó shin. Dhá imleabhar shubstaintiúla iad seo a chuimsíonn, ba dhóigh leat, gach ábhar a bhaineann le litríocht na Gaeilge a bhfuil toise idirnáisiúnta ar bith ag baint leis. Is iontach an léargas a thugann siad dúinn mar náisiún i bhfairsinge an domhain, agus ar mhalairt ghlan é don tuiscint leisciúil go bhfuil litríocht na Gaeilge cúng agus inbhreithnitheach agus oileánda agus oileánach.

 

Fómhar thar a bheith saibhir é seo agus is féidir le gach duine tumadh isteach ann de réir is mar a oireann dó féin. Ní féidir neamhaird a dhéanamh de na haistí tosaigh óir is sruth leanúnach é litríocht na Gaeilge agus tá gach duine ina sheasamh ar na daoine a chuaigh romhainn. Léimeann amach orm abairt shoiléir Mháire Ní Mhaonaigh: ‘Litríocht dhomhanda ab ea litríocht na Gaeilge sa luathré’. Is maith é seo a bhualadh abhaile go neamhleithscéalach ón tosach, agus adaítear as an abairt seo siar amach i gcorp an dá imleabhair.

 

Ní féidir i dtuairisc ghairid mar seo dul amach ar gach aiste, ach is féidir a rá go bhfuil an fearann fairsing agus uileghabhálach. Pléitear an tseanlitríocht, an ealaín, dialanna, bailitheoirí béaloideasa agus amhrán, foilsiú leabhar, litríocht na n-óg, dearcadh na ndeoraithe, scríbhneoirí éagsúla aonair, ciníochas sa litríocht, ealaín an aistriúcháin agus eile nár smaoinigh tú fós orthu. Ní féidir liomsa ach tagairtí fánacha a dhéanamh dá bhfuil anseo agus smaointe a chaitheamh sa mheá.

 

Léiríonn Máire Ní Mhaonaigh agus Uáitéar Mac Gearailt araon gur chuaigh litríocht an domhain chlasaicigh i bhfeidhm ar an tseanlitríocht, agus cé gur fíor nach ‘litríocht an domhain’ í seo b’é an domhan é mar a tuigeadh san am. Is de shuimiúlacht níos faide ar aghaidh go dtugann Micheál Mac Craith aghaidh ar dhuine de dhiagairí móra an athleasuithe creidimh, Flaithrí Ó Maoilchonaire, ar léiriú eile fós é go raibh smaointeoirí na hÉireann sáite go bun i ndíospóireachtaí intleachtúla na linne. Ceist nach bpléitear, toisc nach de bhranar an phlé seo í, is ea conas a tharla gur tháinig deireadh le smaointeoireacht neamhspleách na hÉireann ionas nach raibh inti feasta ach fágálach beag agus taibhse bhán ar an imeall as sin suas. Sa diagacht féin, ní raibh ionainn ach daoir de chuid na hEorpa, agus b’fhéidir nach raibh sa nua-aoiseachas liteartha ach leagan eile den ghiollaíocht.

 

Tuigimid ón aiste ag Liam Mac Mathúna go bhfuil dialanna Dhúghlais de hÍde lomalán d’eolas de shaghas nár nochtadh fós, agus cé nárbh ionann a stíl sin agus ceann crochta Thaidhg Uí Chianáin a d’imigh leis na hIarlaí, feicimid go soiléir go bhfuil foinsí luachmhara fós amuigh ansin, go fiú in aice láimhe, nár bhac staraithe leo le teann leisce nó aineolais. Cuid den tochas sin, leis, is ea go dtaispeántar go léir léir dúinn gurb ar éigean go bhfuil tús curtha le staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge - ar a labhairt, ar a léamh, ná ar a saothrú – sna Stáit Aontaithe. Is follasaí fós é seo ar na haistí ó Phádraig Ó Macháin agus ó William Mahon a ghabhann i ngleic le scríobh is le seachadadh lámhscríbhinní, agus ar an obair leanúnach atá á déanamh ag Regina Uí Chollatáin ar iriseoireacht agus ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge thall.

 

Aistí i bhfad níos mine atá i bhformhór dá bhfuil sa tarna himleabhar. Is ann a gheibhimid amach an chomaoin a chuir litríocht na Spáinnise ar Sheán Ó Ríordáin, an meas a bhí ag Breandán Ó hEithir ar Jaroslav Hasek san úrscéal aige An Dea-Shaighdiúir Svejk, an dúil mhallaithe a bhí ag scríbhneoirí na Gaeilge i scéalta Alphonse Daudet. Lasmuigh de na leithinsí seo tá Máirtín Ó Cadhain faoi chaibidil ag Brian Ó Conchubhair agus ag Ian Ó Caoimh. Tóchair iad an dá aiste dul amach níos faide. Eolas ciclipéideach ar na foinsí agus ar na smaointe timpeall ar Cré na Cille is ea atá in aiste Uí Chonchubhair, fad is go ngabhann Ó Caoimh i ngleic le scríbhneoireacht ‘thurgnamhach’ Uí Chadhain, ábhar arbh fhearann bán é go dtí seo.

 

Is le fíordhéanaí a tosnaíodh ar aon aird a thabhairt ar litríocht na n-óg sa Ghaeilge. Shamhailtí litríocht do dhaoine óga mar rud nár chóir aon mheas a bheith uirthi, gurbh earra í don saonta is don pháiste amháin. Meabhraíonn Ríona Nic Congáil dúinn an gaisce oibre a rinne Cathal Ó Sándair a raibh na mílte de léitheoirí dílse aige go háirithe i ndaichidí agus i gcaogaidí na haoise seo caite. Bhí leaideanna óga, go háirithe, ar scrobaig agus ar tinneall ag feitheamh leis an gcéad shaothar eile uaidh, fara na sixtyfouras a bhfuil tagairt ag Michael Davitt dóibh i ndán dá chuid. Sampla léir é cúlú an stáit ón nGaeilge sa chóras oideachais mar a chuaigh a shaothar ó chion ceal na tacaíochta a bheadh ag dul do shaothraí mar é.

 

Bhí mise riamh ar dhuine den bhuíon sin a shíl nach bhféadfadh Gael Éireannach ar bith smaointe ciníocha a bheith aige. De thoisc saoltaithí na nGael abhus agus i Sasana agus mar ar caitheadh go gránna linn sna Stáit i dtosach a shíl mé sin. Cuireann Pádraig Ó Siadhail poll de shaghas sa tuairim sin agam sa nochtadh a fhaighimid i gcuid de litríocht na Gaeilge ina bhfuil bundúchasaigh Mheiriceá go háirithe; agus filleann an dóchas nuair a fheicimid dearcadh dearfach Dhónaill Mhic Amhlaidh i Sasana ar leith amháin agus Mhaidhc Dainín Uí Shé sna Stáit ar an leith eile. Déanann Máirín Nic Eoin cíoradh séimh tuisceanach ar a gcuid saothair idir scríbhneoireacht chruthaitheach agus iriseoireacht araon.

 

Tá ábhar anseo, leis, ar an nGaeilge sna meáin leictreonacha agus mar a dhéantar nasc leis an saol mór lasmuigh dínn agus ar a bhfuil de scríbhneoirí Gaeilge – ní áirím léitheoirí – a bhfuil cónaí orthu thar lear, nó go deimhin féin, nach de bhunadh na tíre seo iad in aon chor. In ainneoin leathnú na meán seo, áfach, cuireann Micheál Ó Conghaile a dhóchas ag snámh i mbáidíní leabhar i gcónaí agus tá ar a mhine ghéire ag iarraidh eolas faoi litríocht na Gaeilge a scaipeadh i measc foilsitheoirí eachtrannacha.

 

Is léir go raibh an chomhdháil seo thar a bheith cuimsitheach agus caitliceach. Ní bheadh ann don idirnáisiúntacht de cheal na náisiúntachta, agus ní bheadh ann do litríocht an domhain de cheal an aistriúcháin. Is beag ceist is íogaire ná seo. Gabhann Colm Breathnach i ngleic le cad is brí le haistriúchán a dhéanamh go híogair is go caolchúiseach, agus is an-léiriú a ndeireann sé ar na fadhbanna doréitithe ar fad a cheanglaítear le healaín an aistriúcháin. Tá an tsamhail a thugann sé dúinn ar cad is aistriúchán ann ar cheann de na samhailteanna is cruinne (sa mhéid is go mbaineann rud ar bith le cruinneas) dá bhfuil ann: is cuma an t-aistriúchán nó port a sheinntear ar ghléas amháin seachas ceann eile; is í an tiúin chéanna a bhuaileann an pianó amach agus na píobaí uillinn, ach ní hionann in aon chor mar a bheireann siad greim ar an gcroí ná ar an gcluais. Is deacair gan áiméan a rá leis seo.

 

B’ait leat a rá gur tús tosaigh atá anseo, ach is léir gurb ea. Cuntais iad ar a bhfuil d’eolas ar fáil in aice láimhe agus i bhfad i gcéin ar an ábhar mórluachach seo, iad greanta, eolgaiseach, fairsing. Léarscáil iad dá bhfuil déanta agus treoir bhóthair dá bhfuil eile le teacht. Eolas é, chomh maith, atá tamall i leataoibh na slí ón ábhar a thuigtear go minic le ‘Léann na Gaeilge’, agus cé déarfadh nár mhiste sin?

 

 

©2016 Alan Titley

 

 

Author Links

 

Alan Titley ag Lagan Press

Alan Titley ag The Irish Times

Alan Titley ag Cois Life

 

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15