s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

GRÉAGÓIR Ó DÚILL

 

 

 

Gréagóir Ó Dúill

Bhuaigh Gréagóir Ó Dúill duais an Oireachtais don chnuasach ab fhearr, 2010, agus Duais Cholmcille as an dán ab fhearr Gaeilge nó Gàidhlige i mBéal Átha na mBuillí, 2013.   Foilsíodh deich gcnuasach Gaeilge leis (Ag Dul Anonn, Coiscéim, 2016 an ceann is déanaí) agus dhá cheann i mBéarla (Outward and Return, Doghouse, 2012), beathaisnéis, cnuasach gearrscéalta, agus aistriúcháin ón Ghàidhlig. Roinneann sé a chuid ama idir Bhaile Átha Cliath agus Gort an Choirce i nGaeltacht Thír Chonaill agus rinne léamh ar a chuid filíochta go leitheadach ó Inse Gall go Palermo na Sicile, ó Boston go Beirlín.

 

 

 

      Leanbh Cásca

 

 

Nuair a tháinig uain na breithe ní raibh freagra ar a glaoch,

a fear céile ag obair ar an taobh ó dheas, taobh thall den bharacáid,

a máthair féin faoi chuirfiú, an bhean ghlúine ag plé le créachtaí piléar

 

Agus máthair mo mháthar léi féin, an leanbh ag teacht

cothrom casta mar a thagann céadleanbh mná óige,

na comharsanaigh faoi bhaile, a gcuid féin faoina n-aire.

 

Níorbh ise amháin a bhí ag glaoch fá choinne cuidithe,

pianta an tsaoil úir uirthi, múnóga allais ar a héadan, fuil síos léi,

an gnáth síoraí sin a mhaireann uilíoch, uaigneach, aonarach,

 

ach bhí sí léi féin go maidin, an bheirt ar éigean beo

gur tháinig cumann na mban á glanadh, á misniú, á beathú,

le builíní aráin stálaithe, le bainne ramhar, le bia poblachta,

 

agus mo mháthair bhídeach ag caoineadh forógra a saoirse. 

 

 

©2016 Gréagoir Ó Dúill

 

 

Author Links

 

Gréagóir Ó Dúill ag Irish Writers Online

Ceannaigh Balla an Chuain ag Coiscéim

Gréagóir Ó Dúill ag Doghouse Books

Filíocht le Gréagóir Ó Dúill ag Southword Journal

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR AN CHÉAD DÁN EILE

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15