s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

PÓL Ó MUIRÍ

 

 

 

Pol Ó Muirí

 

Tháinig Pól Ó Muirí ar an saol i mBéal Feirste. Is iriseoir agus scríbhneoir é.

 

 

 

 

 

 

A Thiarna, ní fiú mé...

 

 

 

Dhruid an sagart i dtreo na haltóra agus d’éirigh an pobal d’aon gheit amháin. Sheas Marcus mar dhuine acu, é ag smaoineamh go fóill gur cheart dó na boinn a thabhairt as sula mbeadh sé rómhall. Chrom sé síos lena mhála a thógáil agus imeacht ach, idir cinneadh agus cromadh, tháinig claochlú ar a ghluaiseacht agus fuair sé é féin ag titim síos ar a ghlúine leis an chuid eile den scaifte. I ngan fhios dó féin, tháinig a dhá lámh le chéile agus d’fhigh fórsa inteacht a mhéara isteach iontu féin i nead na paidreoireachta. Bhí sé ag guí. Ina ainneoin féin, bhí sé ag guí. D’fhreagair sé beannachtaí an tsagairt go réidh nádúrtha. Shíl sé bomaite go mbeadh dearmad déanta aige de rithim chráifeach an Aifrinn ó tharla gurbh fhada an lá ó d’éist sé é. D’fhill na focail air, d’fhill na paidreacha air agus thréigh fonn na himeachta é. “Fanfaidh mé,’’ a dúirt sé leis féin, “go dtí go mbeidh an Chomaoineach ann. Imeoidh mé ansin nuair nach bhfeicfidh duine ar bith mé.’’

Rinne sé iontas de go raibh drogall air éirí agus siúl amach. Cad é an difear a dhéanfadh sé don sagart nó don lucht éisteachta dá n-imeodh sé? Tada de dhifear. Ach ghreamaigh sé a thóin den chathaoir ina ainneoin sin. “Is den dímhúineadh é an séipéal a fhágáil roimh an tsagart,’’ a deireadh a mháthair i gcónaí leis. “Bíodh meas agat ar an tsagart agus ná corraigh go dtí go mbíonn sé féin imithe.”

“Ní chorróidh, a mham.’’

“Maith mo mhac. Anois, abair paidir ar son anam mamó agus daideo.”

Agus fuair sé é féin in aois a dhá scór ag cromadh a chinn síos, ag guí mar a theagasc a mháthair dó guí. Is ar éigean nár bhris a ghol air. Mhothaigh sé na súile á líonadh le deora. Chrothnaigh sé go fóill í. Ba í a mhúnlaigh a ghnásanna paidreoireachta. Ba í thar dhuine ar bith eile a thug tuigse dó ar cad ba chreideamh ann; ar cad ba phaidir ann. Sheasadh a athair mar fhinné ar an chreideamh chéanna ach creideamh an tsaighdiúra a bhí aige; creideamh an duine a sheasann sna trinsí, a chreideann gur ag troid ar son ruda atá ceart agus nach gá dó, dá réir sin, labhairt ar an chúis. Ach ba í an mháthair a d’oil é, ise an ginearál a thuig láthair an chatha, ise a chothaigh é, ise a thug air a chreidbheáil go raibh Dia ann, go raibh neamh ann, go raibh peaca ann, ise a bhí freagrach as léarscáil a thabahirt dó ar an chreideamh agus é féin a scrios an léarscáil de réir a chéile. Ní raibh creideamh an tsaighdiúra aige; bhí sé rólag. Ní raibh creideamh an ghinearáil aige; bhí sé róbhómánta.

Peaca. Sea. Bhí sí trom ar pheacaí. Ise a stiúraíodh i dtreo an tséipéil Dé Sathairn é. Théadh sí féin isteach sa bhosca faoistine ar dtús. Chluineadh Marcus siosarnach bhog a glóir ag éalú amach as an bhosca. Ba ghearr go mbeadh a sheal ann. Chluineadh sé glór dordánach an tsagairt ag caint. Ba chomhartha é sin go raibh a sheal tagtha. Dhéanadh sé réidh. Ba é seo an chuid nár thaitin leis, an nóiméad gairid sin idir imeacht a mháthar agus siúl isteach sa bhosca dubh, an bomaite beag sin idir druidim an dorais agus éag an tsolais. Eagla a chuirtí air i gcónaí go bplúchfaí é nó go dtitfeadh an tóin as an bhosca agus go dtitfeadh sé síos trína chláir i dtreo ifrinn. Ghreamaíodh sé a ghlúine den talamh chomh luath géar agus a thiocfadh leis agus d’fhanadh go himníoch sula scaoilfeadh an sagart an t-adhmad siar d’fhuinneog an bhosca agus tús a chur leis an fhaoistin: “Sea?”

Ba den stair a leithéid anois. Ar éigean gur bhac sé le faoistin ó pósadh é. Eagla roimh eitilt a thug air dul ar ais uair amháin le linn an ama sin ach níor mhacánta an fhaoistin é. Pisreog a bhí ann seachas sacraimint. Bhí eagla air go dtitfeadh an t-eitleán agus go mbáfaí é. Thuig sé gur mar árachas a chaith leis an ócáid thar ní ar bith eile. Ní bhíodh de pheacaí aige ach na cinn is lú dochar: ‘‘Mhaslaigh mé ainm an Tiarna. Bhí mé feargach le mo bhean. Níor éist mé an tAifreann an Domhnach seo caite.”

Ba é an ceann deireanach an ceann ba thromchúisí den iomlán, an ceann a raibh meáchan éigin peacúil ag baint leis.

“Níor éist mé an tAifreann an Domhnach seo caite.”

Bréag a bhí sa mhéid sin fosta. Ba é an fhírinne nár éist sé an tAifreann le fada fada. Diaidh ar ndiaidh, d’éirigh sé as a chleachtas. Fuair sé leithscéal agus leithscéal eile agus scuab an tAifreann as a shaol. Níor bhac sé leis sin a rá, áfach, mar nár mhian leis seanmóir mhór leadránach ar a dhualgas mar athair Críostaí. Ní i gcónaí a d’éirigh leis an tseift. Chuaigh sagart amháin chun cainte leis: “Cad chuige nach raibh tú ar Aifreann?’’

“Na páistí, a Athair. Bhí oíche chorrach agam leo.’’

‘‘Tchím. Cá mhéad páiste atá agat?’’

‘‘Beirt. Cúpla. Cailíní. Má chorraíonn duine amháin san oíche, corraíonn an duine eile. Bíonn sé doiligh.’’

‘‘Tá tú gnóthach, tá mé ag déanamh.’’

‘‘An-ghnóthach go deo, a Athair.’’

‘‘Tchím. Cén aois thú féin?’’

‘‘Beagnach daichead bliain d’aois.’’

‘‘Is fear óg thú.’’

‘‘Ó, níl a fhios agam, a Athair.’’

‘‘Ó, is fear óg i gceart thú. Tá mise i mo shagart le daichead bliain beagnach.’’

“Nach iontach sin, a Athair?’’

‘‘Daichead bliain. Is mór an t-athrú a tháinig ar chúrsaí creidimh le mo sholas.’’

‘‘Déarfainn é, a Athair.’’

‘‘Molaim do mhisneach as teacht anseo inniu.’’

‘‘Mo mhisneach, a Athair?’’

‘‘Is beag duine chomh hóg leat anois a thig chun faoistine. Na seanfhondúirí don chuid is mó.’’

‘‘Tuigim, a Athair.’’

‘‘Sea, is beag duine óg a thuigeann a dhualgas i leith Dé. Molaim do mhisneach agus do dhea-shampla. Beidh rath ar do phósadh agus ar do pháistí ach leanstan den dea-shampla céanna. Cothaigh meas Dé iontu agus meas ar an chreideamh. Sin an bronntanas is fearr is féidir le tuismitheoir a thabhairt dá pháistí. Coinnigh ort.’’

“Coinneoidh, a Athair.’’

‘‘An bhfuil rud ar bith eile le rá agat, peaca ar bith eile?’’

“Níl,’’ a dúirt sé agus a fhios aige gur bhréag a bhí sa mhéid sin, “Níl.’’

“Go maith. Abair Ár nAthair amháin agus abair paidir ar mo shonsa fosta. An ndéanfaidh tú sin?’’

‘‘Déanfaidh, a Athair.’’

‘‘Maith an fear. Anois déan iarracht freastal ar Aifreann. Caithfidh sé go mbíonn sé doiligh le páistí óga ach déanfaidh sé maitheas duit féin uair an chloig féin a chaitheamh i gcuideachta Dé. Maith go leor?’’

‘‘Maith go leor, a Athair.’’

‘‘Beannacht Dé ort.’’

‘‘Go raibh maith agat, a Athair.’’

Bhí an ceart ag an sagart faoi rud amháin—seanfhondúirí amháin a bhí sa séipéal. D’amharc Marcus thart air féin agus reoigh a chroí le nimh dá bhfaca sé—seandaoine. Thug sé fuath dóibh. Amharc orthu, iad ag ithe ráillí na haltóra le sceon roimh an bhás, iad ag titim as a chéile, an radharc ag meath, an ghruaig ag titim as a gcloigne ina dosanna, craiceann tirim smálaithe ag feo ar a n-aghaidh, na fiacla briste maol, iad buí ag aois, boladh múin ar a gcuid éadaí. Thug sé fuath dóibh, an uile dhuine acu, agus mhéadaigh ar an fhuath sin de réir mar a lean an searmanas ar aghaidh.

An fhearthainn a thug isteach é, tuile mhór a thit anuas air agus é amuigh ag am lóin. Thug sé air teitheadh ón tsráid agus dídean a lorg sa séipéal. D’aithin sé cá raibh sé ach in áit tiontú ar a sháil agus imeacht, d’fhan sé leis an turadh nár tháinig.

Seandaoine. Ní raibh sé féin sean. Ní raibh ná baol air. Daichead bliain d’aois agus é téagartha ann féin. Bhí an ghruaig catach ar a cheann agus radharc na súl gan locht. Sea. Is i bhfad uaidh a bhí na daoine seo. Agus, thar ní ar bith eile, bhí bónas sa bhreis aige orthu. Bhí bean sa bhaile agus leannán sa leaba. Smaoinigh sé ar Angela agus mar a d’fhág sé aréir í, a colainn óg gan smál tais le hallas i ndiaidh babhta fíochmhar craicinn. Ó, níor dhuine sotalach é ach d’fhág sé sásta í, d’fhág cinnte, agus d’fhill abhaile ar a bhean, Caitríona, í tite chun feola ó saolaíodh an cúpla. Ní raibh caill uirthi go fóill ach ní raibh sí inchurtha le hAngela agus chorraigh a rúta le pléisiúr agus an sagart ag léamh an tsoiscéil. Angela. “Nach aingeal mé?’’ a d’fhiafraigh sí de an chéad uair a bhain sí a ceirteach di. “Is diabhal thú. Diabhal déanta. Mo dhiabhal dearg féin. Is in ifreann a bheas mo chríoch mar gheall ort. Ifreann domhain. Dófar go deo i dtinte síoraí pianpháis mé,’’ a d’fhreagair sé agus é ag stróiceadh a chuid éadaí de féin. Rinne Angela gáire agus dúirt: “Tig leat imeacht. Níl mise ag tabhairt ort a dhath a dhéanamh in éadan do thola.’’

‘‘Imeacht? A Chríost, ní imeoidh. Chan go fóill beag.’’ agus chuaigh sé síos ar a ghlúine agus phóg a bolg teann lom.

Bhí sé ag tiomáint abhaile an oíche chéanna agus bhorraigh an focal “adhaltrach’’ aníos as íochtar a aigne. “Is adhaltrach mé,’’ a dúirt sé os ard, “adhaltrach’’. Chomh seanfhaiseanta agus a bhí an focal a smaoinigh sé, focal é sin a d’úsáidfeadh mo mháthair. Chíor sé an focal agus gníomhartha na hoíche go dtí gur bhain sé loighic as a chuid eachtraí. Adhaltrach. Bhain sé sin leis an Bhíobla, leis an Sean-Tiomna. Amaidí a bhí ann. Cé a léann an Bíobla anois? Cé a thugann aird ar na Deich nAitheanta? Cén duine fiú a d’fhéadfadh iad a aithris ceann ar cheann? Ná déan marú. Ná déan goid. Sin beirt. Ná santaigh bean do chomharsan. Triúr. Bíodh meas agat ar d’athair agus do mháthair. Ceathrar. Nó an bíodh meas agat ar do thuismitheoirí a bhí ann? Triúr go leith, b’fhéidir. Agus bhí ceann ann faoin tSabóid, nach raibh, agus ceann faoi ómós a thabhairt do Dhia. Theip air an fhoclaíocht chruinn a thabhairt chun cuimhne. Cá mhéad é sin? Seisear. Sin uilig. Cad iad na cinn eile? Theip air iad a ainmniú. Chuir an teip bomaite beag míshuaimhnis agus díomá air ach thug sé droim láimhe leis an díomá chéanna agus rinne réasúnú ar a chás: “Ní bhaineann siad liom. Níl Angela pósta agus ní dhéanfaidh sé dochar ar bith do Chaitríona. Is cuma léi.’’

Faoin am ar bhain sé a theach amach, bhí a rang féin aitheantaí cumtha aige agus “ná beirtear ort’’ ag barr an liosta. Lean sé den chaidreamh chollaí le hAngela. Níor dhoiligh an dallamullóg a chur ar Chaitríona. ‘‘Tá mé ag dul go dtí an giom anocht,’’ a dúirt sé léi. Ba mhaith an leithscéal é an giom. Chuirfeadh an tuáille fliuch ina mhála leis an chur i gcéill.

‘‘An bhfuil tú ag bualadh le duine ar bith de na leaids?’’ a d’fhiafraigh sí de go soineanta.

“Arú, níl. Is ag rith a bheidh mé. B’fhearr liom sin a dhéanamh liom féin. Ní bhíonn ceangal ar bith ort.’’

‘‘Nach dtiocfá abhaile go luath? Tá na páistí do do chrothnú.’’ Bhí impí éigin ina glór nár aithin sé. Lig sé don fhearg an lámh in uachtar a fháil air d’aon turas agus thug aghaidh a chraois uirthi: “Éist. Is beag deis a bhíonn agam traenáil de chineál ar bith a dhéanamh. Caithim an lá ar fad ar mo thóin os comhair ríomhaire. An bhfuil tú ag séanadh an chúpla uair an chloig féin de shó orm?’’

Bhain a ghearán siar as Caitríona ach bhí idir fhearg agus éiginnteacht ina freagra: “Níl. Níl. Tá a fhios agam go n-oibríonn tú go crua. Ach oibrím féin. Ní furasta bheith ag tabhairt aire do chúpla. Agus d’éirigh mise as mo phost féin chun é a dhéanamh.”

“Tá a fhios sin agam. Ach beidh tú ábalta pilleadh ar do phost i gceann roinnt míonna. Chomh luath agus a aimsíonn muid naíscoil. Ar ball. Ní bheidh mé rómhall.’’

Tharraing sé eochracha an chairr go mífhoighneach chuige féin agus d’imigh faoi dheifir. Diabhal bean. Diabhal páistí. Bhí siad ag goid a shaoil uaidh, ag goid a shaoirse uaidh. Is le hAngela amháin a bhí sé saor, is le hAngela amháin a d’éirigh leis fantaisíocht a óige a chruthú beo ar bhraillíní leapa, é muiníneach as a chumas ar dhóigh nach raibh fíor agus é sna 20í. “A Chríost, tá fios do ghnóthaí agat. Cár fhoghlaim tú sin?’’ a dúirt sí oíche amháin leis agus í ag alpadh a hanála siar. Eisean a rinne gáire an iarraidh seo: “Foighne. Is í an fhoighne an eochair.’’

Chuimil sé a siní idir ordóg agus méar. Ba iad a bhí donn righin. Chuir siad Sceilig Mhichil i gcuimhne dó agus iad ag gobadh amach as craiceann geal a brollaigh.

“Agus níl mé réidh leat go fóill,’’ a dúirt sé go buach.

Ba é an tréimhse roimh an chollaíocht an chuid ba dheacra den ghnó ar fad. Bhí sé ar bís le í a fheiceáil, ar bís le bheith in aice léi, ar bís le í a mholadh, ar bís. Diaidh ar ndiaidh, mheall sé í. Níor chuir sí ina éadan. D’fhreagair sí dá phlámás agus d’fháiltigh roimh a mholadh. Sea. Bhí sí páirteach sa chluiche an oiread céanna leis féin. Thuig sise a raibh ar siúl.

Ba é an chuid ab iontaí den ghnó ar fad nár mhothaigh sí náire ar bith. Bhí sé ag súil le leithscéalta agus deora i ndiaidh gur luigh siad le chéile. Ní dúirt sí ach: “Is daoine fásta muid.’’

Daoine fásta agus lean siad den ghnéas, d’aimsigh ócáidí rúnda dóibh féin agus léim ar a chéile go fonnmhar. Níor dhoiligh cúrsaí a cheilt ar a bhean. Bhí sí féin róghnóthach le cúrsaí clainne agus a cuid cúraimí féin. Chum sé riail amháin—ní bhuailfeadh sé le hAngela ag an deireadh seachtaine. Ba mhó an baol go dtitfeadh an rud as a chéile dá mbuailfeadh.

Bhí an sagart ag guí arís. Bhí na seandaoine ag tabhairt freagra air. Cad é a bhí an sagart á rá? Cad é an t-ábhar cainte a bhí aige? Ní ag caint ar phléisiúr a bhí sé, ar phléisiúr na colainne. Chuala sé glór Angela idir glórtha an tsagairt agus na seandaoine: “Is daoine fásta muid. Is daoine fásta muid.” Chonaic sé nocht í; bhí sí ina luí ar an leaba, ag fanacht leis.

“Is daoine fásta muid.”

“A Athair, níor éist mé an tAifreann.”

“Is daoine fásta muid.”

Bhí Angela nocht.

“Is daoine fásta muid.”

‘‘An bhfuil rud ar bith eile le rá agat, peaca ar bith eile?’’

“Bíodh meas agat ar an tsagart agus ná corraigh go dtí go mbíonn sé féin imithe.”

Chuir siad déistin air, na seandaoine seo ar Aifreann. Chuir siad déistin air. Chuir a ndílseacht don Aifreann déistin air. Chuir a n-eagla roimh Dhia déistin air. Chuir a n-iarrachtaí bheith ionraic déistin air. Chuir a gcuid paidreacha déistin air. Iad ag guí. I gcónaí ag guí. Ar lorg Dé i bhfocail. Bhí siad lag. Eagla a bhí orthu roimh chraiceann geal nocht. Chuir siad déistin air.

Bhí siad ag guí arís; bhí na seandaoine mantacha maola lofa roicneacha ag guí arís. Cad chuige nach stadfadh siad den ghuí? Stadadh siad! Stadadh siad!

A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam. A Thiarna, ní fiú mé go dtiocfá faoi mo dhíon ach abairse an focal agus leigheasfar m’anam. AThiarna,nífiúmégodtiocfáfaoimodhíonachabairseanfocalagusleigheasfarm’anam.
AThiarna,nífiúmégodtiocfáfaoimodhíonachabairseanfocalagusleigheasfarm’anam.
AThiarna,nífiúmégodtiocfáfaoimodhíonachabairseanfocalagusleigheasfarm’anam.
AThiarna,nífiúmégodtiocfáfaoimodhíonachabairseanfocalagusleigheasfarm’anam.
AThiarna,nífiúmégodtiocfáfaoimodhíonachabairseanfocalagusleigheasfarm’anam.
AThiarna,nífiúmégodtiocfáfaoimodhíonachabairseanfocalagusleigheasfarm’anam.

 

©2016 Pól Ó Muirí

 

 

Author Links

 

Pól Ó Muirí ag Coiscéim

Ó Muirí ag Ricorso

Pól Ó Muirí ag Southword

 

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15