s
s

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

GO TO MLC HOMEPAGE

MLC

 

 

 

 

 

ONLINE BOOKSTORE FEATURED TITLES

 

Best of Irish Poetry 2009
Best of Irish Poetry 2010

Editor: Matthew Sweeney

 

 

Songs of Earth and Light

Songs of Earth and Light
Barbara Korun poems translated by Theo Dorgan

 

 

Done Dating DJs
Done Dating DJs
by Jennifer Minniti-Shippey
Winner, 2008 Fool for Poetry Competition

 

 

Richesses

Richesses: Francophone Songwriter Poets
Edited and translated by Aidan Hayes

 

 

 

 

Munster Literature Centre

Create your badge

 

 

 

 

 

Arts Council

 

 

Cork City Council

 

 

Foras na Gaeilge

 

 

Cork County Council

   

 

 

TOST AGUS ALLAGAR

le Ailbhe Ní Ghearbhuigh:

Léirmheas le Catríona Ní Chléirchín

 

 

 

Caitríona Ní Chléirchín

Is file, criticeoir agus léachtóir le Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach í Caitríona Ní Chléirchín. Is as Contae Mhuineacháin ó dhúchas di. Bhuaigh a céad chnuasach filíochta Crithloinnir an chéad duais san Oireachtas i gComórtas na Scríbhneoirí Úra 2010. Bhuaigh a dara cnuasach An Bhrídeach Sí (Coiscéim, 2014) Duais Mhíchíl Uí Airtnéide in 2015. Chríochnaigh sí a dochtúireacht ar fhilíocht Nuala Ní Dhomhnaill agus Biddy Jenkinson in 2014. Tá dánta foilsithe aici in Comhar, Irish Pages, Cyphers, An t-Ultach agus An Guth agus in áiteanna eile. Chuir Liam Carson a saothar i gcomparáid leis an fhile Rúiseach Marina Tsvetaeva. Liriceoir nua an ghrá is ea í, mar chomharba ar Mháire Mhac an tSaoi.

 

 

 

Tost Agus Allagar

Tost agus Allagar

Ailbhe Ní Ghearbhuigh

(Coiscéim, 2016)

ISBN: 6660012160

€8 paperback

Ceannaigh ag Coiscéim

 

 

 

 

Is cnuasach tábhachtach é ‘Tost agus Allagar’, an dara cnuasach le hAilbhe Ní Ghearbhuigh, cnuasach a éilíonn léamh domhain. Pléann Ailbhe leis an cheist is lárnaí do scríbhneoir nó d’fhile ar bith, is é sin an teanga, na focail féin. Déanann Ailbhe iniúchadh anseo ar an chaidreamh chasta atá ag an fhile agus an duine daonna leis an tost agus leis an teanga nó leis an allagar. Tríd an chnuasach ar fad, chíonn muid an íogaireacht fhoclaíoch agus theangeolaíoch, an tuiscint don cheol agus do na rithimí is do na hilbhríonna taobh thiar de na focail agus de na tostanna atá taobh thiar de na focail fosta. D’fhéadfá a rá go bhfuil téacsanna agus fothéacsanna anseo, rud a fhágann ag machnamh muid i bhfad i ndiaidh dúinn dánta dá cuid a léamh. Braitear tionchar Beckett anseo, i mo bharúil san ionramháil a dhéanann Ailbhe ar cheist an tosta agus na hurlabhra. D’fhéadfaimis a rá, b’fhéidir, gur teanga is ea an tost féin agus don fhile uaireanta, is iad na tostanna thart ar théacs ar bith, nó taobh istigh den téacs a fhágann cumhacht ag na focail ann.

Osclaíonn an leabhar álainn seo le hathfhriotal an-spéisiúil ón fhile Ghréagach Cavafy ag déanamh ionannú idir an Tost agus an scáth, agus an oíche, agus idir an Briathar agus solas an lae, fírinne agus beatha. : “Labhraímis, Labhraímis - ní oireann an Tost dúinn”. Tugtar suntas don bhéim agus don tábhacht a bhaineann le labhairt, leis an ghlór, leis an urlabhra don fhile seo. Dar léi, “Níl agat sa saol seo ach do ghuth”. Ag an am chéanna deir sí linn sa dán ‘Babel’ go bhfuil “teipthe ar an teanga”. Ach tá teipthe ar an chiúnas chomh maith agus an gleo in uachtar. Léiríonn Ailbhe an dóigh go dteipeann an teanga orainn ag na hamantaí is tábhachtaí uaireanta: “Balbhaíodh cách” os comhair an bháis. Léiríonn sí fosta an tnúthán domhain i gcroí file ar bith, i gcroí duine daonna ar bith a bheith ábalta mothúcháin a chur in iúl trí mheán na bhfocal. Féach sa dán ‘Irrintzina’ faoin teanga scairte i dTír na mBascach: “Ó ! Dá mbeimis ar bhur nós-sa, a Bhascacha/ag scaoileadh le gach racht go hard”.

“An féidir teanga deirféar a dhíchódú?”, a fhiafraíonn Ailbhe Ní Ghearbhuigh dínn sa dán ‘Siúrtheanga’ agus is dócha mar chomhfhile go bhfuil fúm anseo díchódú a dhéanamh ar an mhistéir a bhaineann leis an “friotal díchealta” san fhilíocht seo. B’fhéidir go dtuigeann filí a chéile? Agus mé ag caint le hAilbhe féin dúirt sí gur bhraith sí ‘nochtaithe’ os comhair an tsaoil ag seoladh an leabhair nua amach agus is cuimhin liom é seo a mhothú fosta nuair a chuir mé an dá chnuasach amach. Is cinnte go nochtann an t-ealaíontóir seo codanna di féin ach déantar é ar bhealach caolchúiseach agus cúramach – nochtadh agus ceilt atá ann, rud a chruthaíonn mistéir agus a fhágann an léitheoir sa tóir ar an mhistéir sin. Braithim pian agus goimh faoin dromchla álainn i gcuid de na dánta seo. An nós Muimhneach é a oiread céanna a cheilt is atá á nochtadh ag an fhile? Baineann sé seo go díreach le ceist an tosta agus an allagair, dár ndóigh, agus feictear léirthuiscint anseo d’fhairsinge an tsaibhris sa teanga féin, san urlabhra, san allagar agus sa ghuth.

Ceann de na nithe is deacra dúinn déileáil leis sa saol ná an tost; an tost san áit a raibh muid ag súil le focal grámhar, an tost nuair a imíonn duine go deo, tost an uaignis, tost an bháis agus an dearmaid. Sa chnuasach seo, tuigtear gur rud diúltach é an tost a ghoilleann ar an fhile, go háirithe nuair a mhúchtar guth carad ag an bhás, mar a fheiceann muid sa dán ‘Cara éagmaise’ i ndilchuimhne ar Mhuiris Ó Meara: “Sciobadh uainn do ghuth piachánach/is fágadh an tost i d’áit”. Baineann pian leis an tost don fhile, is ionann tost agus bás, folús, neamhní, cailliúint, bodhaire nó racht nach féidir a scaoileadh.  Ní hionann an tost agus an ciúnas áfach mar feictear go mbíonn “sonas na beatha” á roinnt ag an bhuachaill i gciúnas an mhachnaimh tharchéimniúil sa dán ‘Maolteanga’.  Tugann Ní Ghearbhuigh aghaidh chróga mhacánta ar an tost mar fhile anseo, tuigeann sí an t-ualach trom a thiteann ar na focail agus ar an fhriotal, mar a fheictear sa dán ‘Bóín Dé’: “Conas a iompraíonn neach chomh bídeach ualach ár dtola agus é fós ar a chumas eitilt?”.

Taiscéalann an file an domhan nádúrtha idir éanacha, feithidí agus ainmhithe anseo. Feiceann muid nádúr an éin ag an bhean féin: “éanbhean”/ “ealabhean”/ “badhbh mná”  sa dán ‘Ceathrúintí na nÉan’. Tá beacha agus bóín Dé, cat agus rosualt le háireamh anseo fosta chomh maith le dúrdáil na gcolúr, colmán, smólach marbh, mic tíre agus madraí agus go leor eile! Tá a dteanga féin acu ar fad agus uaireanta nádúr ainmhíoch sa duine féin.

Tá rian an fho-chomhfheasa le brath go láidir i ndánta cumhachtacha ar nós ‘Suanchaint’ agus ‘Tuathal’. Cloistear “feithidí an oilc ag dordán in ainriail na hoíche...” chomh maith le “púcaí an éada” in ‘Suanchaint’. Is dóigh liom fosta go bhfuil tionchar Nuala Ní Dhomhnaill le brath ar an dán ‘Tuathal’ agus d’éirigh le hAilbhe atmaisféar iontach bagrach a chruthú leis an imeartas focal bunaithe ar an téarma “tuathal” ar dhóigh sainiúil, ealaíonta a bhfuil rian an bhéaloidis air.

Cloistear an scread mar bhealach éalaithe ag an fhile ón tost in áiteanna sa chnuasach seo chomh maith. An ionann file agus “beach thraochta amháin/ag promhadh bealach a dhéanamh amach/trí scoilt…;/fáisceadh scread ait aisti”? Tá sceimhle, fulaingt agus gol le brath anseo ach sáimhe na gcéadfaí fosta agus séimhe i ndánta ar nós ‘X’ :

 

“Ba thú mo leannán tráth, a Ghaillimh:

phóg do bháisteach mo ghnúis,

chuimil do scríob mo cholainn

is d’fhliuch.

 

D’aithníos mé féin

id’ chuid sráideanna...”

 

Ar cheann de na dánta is ceolmhaire sa chnuasach tá ‘St Nick’s’ dán a bhaineann le club snagcheoil i Nua-Eabhrac. Tá bua dhochreidte ag Ailbhe atmaisféar a chruthú:

 

“tá an t-aer milis

le deatach is cogarnaíl,

 

Cuireann dordgháirí

tonnchreathanna suáilce

ag dordán tríot,

 

Tá scuabanna righne

ag muirniú drumaí,

ag griogadh ciombal...”

 

Mothaítear pléisiúr agus só an tsaoil i ndánta ar nós ‘Ar cíos’ agus ‘Grasse Matinée’, áit a bhfuil rithim réidh shuaimhneach a mheallann an léitheoir taobh istigh de chineál fáinne draíochta, áit a gcuirtear imeacht an ama ar ceal: “ligimis orainn”. Domsa, mar chomhfhile is ionann blaiseadh den fhilíocht seo agus blaiseadh de thogha an fhíona. Fanann sé leat, bíonn cuimhne agat air, tógann sé go háit eile thú, baineann tú sult as agus scaoileann sé amach an racht istigh ionat féin. Nach é sin aidhm na healaíne? Tá éacht filíochta déanta ag Ailbhe le ‘Tost agus Allagar’.

“Mheallfadh an ceol seo

aon anam naofa

 ag gabháil thar bráid...”.

 

©2016 Caitríona Ní Chléirchín

 

 

Author Links

 

Caitríona Ní Chléirchín ag léamh ag O'Bheal (MP3, 5.2 MB)

Cumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge--(Agallamh na Míosa: Caitríona Ní Chléirchín)

Ceannaigh Crithloinnir le Caitríona Ní Chléirchín ag Coiscéim.ie

Caitríona Ní Chléirchín ag Southword Journal

 

 

 

 

CLÁR AR AIS GO DTÍ AN BARR

 

 

   
 
©2009 Southword Editions
and
Munster Literature Centre
   

Southword 6 Southword No 7 Southword No 8 Southword No 9 Southword No 10 Southword 11 southword 12 Southword No 14 Southword No 15