Your basket is currently empty!
Aneas 2023: Glaoch Oscailte
![](https://munsterlit.ie/wp-content/uploads/2023/03/Aneas-1.jpg)
Cuirfidh an iris bhliantúil litríochta Gaeilge Aneas fáilte roimh ábhar don gceathrú eagrán ó scríbhneoirí na Gaeilge idir 1 Aibreán agus 1 Bealtaine 2023. Dánta agus gearrscéalta amháin atáthar ag glacadh leo faoi láthair. Ní mór don ábhar a bheith neamhfhoilsithe. Cuirfear fáilte roimh ábhar ó scríbhneoirí bunaithe agus guthanna nua araon.
Tuilleadh eolais, agus clárú le Submittable chun ábhar a chur isteach, ach cuairt a thabhairt ar Submittable.