Aneas
Iris nua bhliantúil atá tiomnaithe go hiomlán don gcuid is fearr de litríocht chomhaimseartha na Gaeilge í Aneas, iris a léiríonn go bhfuil neart, ealaín, pléasúr agus tathag fós ag baint le litríocht na teanga sinseartha sa tír seo. Laistigh dá clúdach geobhair filíocht, gearrscéalta agus léirmheasanna doimhne ó na scríbhneoirí is fearr atá ag saothrú na Gaeilge inniu, idir óg is aosta. Is é an mana eagarthóireachta a leagadh amach don iris, thar aon rud eile, ná caighdeán ard scríbhneoireachta.
Saothair filíochta agus próis le haghaidh Aneas
Cuirfidh an iris bhliantúil litríochta Gaeilge Aneas fáilte roimh ábhar don gceathrú eagrán ó scríbhneoirí na Gaeilge idir 1 Aibreán agus 1 Bealtaine 2023. Dánta agus gearrscéalta amháin atáthar ag glacadh leo faoi láthair. Ní mór don ábhar a bheith neamhfhoilsithe. Cuirfear fáilte roimh ábhar ó scríbhneoirí bunaithe agus guthanna nua araon.
Díolfar €40 ar gach dán agus €200 ar gach gearrscéal a fhoilseofar.
Seol gearrscéal nó suas le trí dhán.
Ní mór gach píosa scíbhneoireachta a bheith i bhfoirm amháin de na foirmeacha seo a leanas: .doc, .docx, .rtf, .txt. Caithfear cloí le huasmhéid trí dhán, ghearrscéal amháin 3,000 focal an ceann.
Ba cheart nóta beathaisnéise gearr a sheoladh isteach i dteannta do shaothair.
Cuirfidh Submittable ar an eolas tú maidir le foilisiú d’iarratais nó a mhalairt.