Munster Literature Centre
Ionad Litríochta an Deisceart

Aneas

Iris nua bhliantúil atá tiomnaithe go hiomlán don gcuid is fearr de litríocht chomhaimseartha na Gaeilge í Aneas, iris a léiríonn go bhfuil neart, ealaín, pléasúr agus tathag fós ag baint le litríocht na teanga sinseartha sa tír seo. Laistigh dá clúdach geobhair filíocht, gearrscéalta agus léirmheasanna doimhne ó na scríbhneoirí is fearr atá ag saothrú na Gaeilge inniu, idir óg is aosta. Is é an mana eagarthóireachta a leagadh amach don iris, thar aon rud eile, ná caighdeán ard scríbhneoireachta.

Saothair filíochta agus próis le haghaidh Aneas

Aneas 2024: Glaoch Oscailte

Cuirfidh an iris bhliantúil litríochta Gaeilge Aneas fáilte roimh ábhar don gcúigiú eagrán ó scríbhneoirí na Gaeilge idir 1 Aibreán agus 1 Bealtaine 2024. Dánta agus gearrscéalta amháin atáthar ag glacadh leo faoi láthair. Ní mór don ábhar a bheith neamhfhoilsithe. Cuirfear fáilte roimh ábhar ó scríbhneoirí bunaithe agus guthanna nua araon.

Díolfar €40 ar gach dán agus €200 ar gach gearrscéal a fhoilseofar.

Seol gearrscéal  nó suas le trí dhán.

Ní mór gach píosa scíbhneoireachta a bheith i bhfoirm amháin de na foirmeacha seo a leanas: .doc, .docx, .rtf, .txt. Caithfear cloí le huasmhéid trí dhán, ghearrscéal amháin 3,000 focal an ceann.

Ba cheart nóta beathaisnéise gearr a sheoladh isteach i dteannta do shaothair.

Cuirfidh Submittable ar an eolas tú maidir le foilisiú d’iarratais nó a mhalairt.