An Fheadóg Fia

12.00

An Fheadóg Fia le Jidi Majia
Aistrithe ag Simon Ó Faoláin

Southword Editions, 2020, 118 leathanach
ISBN: 978-1-905002-78-8

Description

Tá Jidi Majia aitheanta mar dhuine de mhórfhilí a ghlúine sa tSín. Is file dúchasach de chuid an chine Nuosu ó cheantar sléibhtiúil iar-dheisceart na Síne é. Tá níos mó ná fiche cnuasach filíochta foilsithe aige, agus mórchuid duaiseanna buaite aige dá chuid saothair liteartha.

Seasann guth Jidi Majia, lena neart agus samhlaíocht dhian, mar ghuth ionadaíoch d’éagsúlacht phobail eitneacha na Síne. Aistrithe go Gaeilge ag Simon Ó Faoláin, tarraingíonn a dhánta go láidir ar mhiotais, traidisiúin agus creideamh seamanach na Nuosu, chomh maith le dúlra naofa a gceantair dúchais. Tríd an bhfilíocht seo léirítear cultúr atá fréamhaithe go daingean i bhforaoiseacha, sléibhte agus ainmhithe an cheantair sin, is a aithníonn tionchar spioraid na sinsear a d’imigh roimhe mar ghné bhuan den saol laethúil. Ach anuas ar an méid sin, óna bhunús láidir áitiúil léiríonn an file seo dearcadh coinsiasach domhanda a dhíríonn ar chás na bpobal eitneach mionlach atá á mbascadh is á gcreimeadh faoi ualach na mórchultúr ar fud na cruinne.